Fógraíonn an tAire Sláinte roghnú láithreáin d'ospidéil roghnacha i mBaile Átha Cliath tar éis an nuashonraithe don Rialtas
- Foilsithe: 7 Bealtaine 2024
- An t-eolas is déanaí: 17 Meán Fómhair 2024
Chuir an tAire Sláinte, Stephen Donnelly a chomhghleacaithe sa Chomh-aireacht ar an eolas inniu maidir le forbairt an Chláir um Sholáthar Feabhsaithe de Chúram Roghnach, lena n-áirítear láithreáin a roghnú i mBaile Átha Cliath chun ospidéil roghnacha a fhorbairt.
Tá láithreáin i gCromghlinn (iarláithreán Ospidéal na Leanaí) agus Ospidéal Uí Chonghaile aitheanta anois mar láithreáin is oiriúnaí d'Ospidéil Roghnacha i mBaile Átha Cliath. Tá siad seo sa bhreis ar na suíomhanna a roghnaíodh roimhe seo in Ospidéal Naomh Stiofán i gCorcaigh, agus i bPáirc Mhuirlinne i nGaillimh, a bhfuil an próiseas deartha faoi lán seoil anois.
Freastalaíonn áiseanna roghnacha amháin ar chásanna ardtoirte, nach bhfuil ró-chasta. Éascóidh na Moil Mháinliachta agus na hOspidéil Roghnacha cúram éigeandála agus cúram roghnach a scaradh óna chéile.
Fágfaidh sé sin go mbeidh níos lú cealuithe agus moilleanna ar chúram roghnach de thoradh brú séasúrach, ráigeanna in áiteanna faoi leith, agus borradh faoi thinreamh éigeandála. Trí amanna feithimh do chásanna roghnacha a laghdú, bíonn torthaí sláinte níos fearr agus caighdeán saoil níos fearr ann do na daoine sin a bhfuil cóir leighis á cur orthu, chomh maith lena dteaghlaigh féin. Ciallaíonn an cumas méadaithe seo go mbeidh cumas níos mó ann sna hospidéil atá ann cheana féin, dírithe ar ghníomhaíocht neamhroghnach agus othar cónaitheach.
Luaigh an tAire freisin an dul chun cinn atá déanta maidir le Moil Mháinliachta nua a sholáthar, a bheidh oscailte d'othair i mbliana agus an bhliain seo chugainn ar fud na tíre chun cúram roghnach do níos mó cásanna lae a chur ar fáil. Forbrófar na hOspidéil Roghnacha náisiúnta is mó i gCorcaigh, i nGaillimh agus i mBaile Átha Cliath san fhadtéarma.
Dúirt an tAire Donnelly:
"Tá an-áthas orm a bheith in ann mo chomhghleacaithe a chur ar an eolas faoi na forbairtí tábhachtacha seo. Tá dul chun cinn suntasach á dhéanamh againn maidir le liostaí feithimh a laghdú agus cabhróidh forbairt Moil Mháinliachta agus Ospidéil Roghnacha go mór le laghdú breise a dhéanamh ar líon na n-othar atá ag fanacht le cóireáil in 2024 agus ina dhiaidh sin.
"Athróidh na háiseanna nua seo an mbealach a chuirimid cúram roghnach ar fáil sa tír seo, rud a rachaidh chun tairbhe d'othair agus dá dteaghlaigh. Cinnteoidh an soláthar feabhsaithe de chúram roghnach go mbeidh cumas méadaithe inár ranna éigeandála agus inár n-áiseanna cúraim chriticiúla."
Luaigh an tAire an dul chun cinn a leanas:
Ospidéil Roghnacha
Tá suíomhanna aitheanta anois chun ceithre Ospidéal Roghnacha a fhorbairt:
Baile Átha Cliath: Ospidéal Uí Chonghaile, Baile Bhlainséir; agus an suíomh reatha Ospidéal na Leanaí, Cromghlinn.
Corcaigh: Ospidéal Stiofáin, Cúirt an tSáirséalaigh
Gaillimh: Ospidéal Ollscoile Pháirc Mhuirlinne
Tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) ag bainistiú fhorbairt agus sheachadadh na nOspidéal Roghnach agus tá pleananna mionsonraithe á bhforbairt aici do na sruthanna oibre a theastaíonn, lena n-áirítear lucht saothair, digiteach/TFC, cliniciúil agus oibríochtúil, rannpháirtíocht phoiblí agus comhairliúchán.
Tá soláthar d’Fhoireann Deartha Comhtháite agus d’Fhoireann Rialaithe Tionscadail faoi stiúir Ailtire chun an chéad chéim eile den obair a stiúradh agus an dearadh a thabhairt ar aghaidh, ionas go mbeidh siad réidh don chéim réamhthairisceana, le ceapacháin tuartha i rith an tsamhraidh.
Moil Mháinliachta
Tá Moil Mháinliachta á gcur chun cinn go tapa ag an FSS agus beidh siad ar shuíomh ospidéil Múnla 4, nó ar láithreáin faoi rialachas na n-ospidéal sin.
Baile Átha Cliath Theas (Theas Sliabh Chairmeil), Baile Átha Cliath Thuaidh (Sord) | Tá oibreacha tógála agus feistiúcháin ar siúl agus beidh an chéad chéim don dá Mhol i bhfeidhm in 2024. |
Gaillimh (Páirc Mhuirlinne), Corcaigh Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh), LLuimneach (suíomh Scoil Carmel ,Port Láirge (Ospidéal na hOllscoile, Port Láirge) | Cead pleanála tugtha nó le teacht go luath do gach láithreán, le tógáil le tosú go luath agus oibreacha cumasúcháin ar siúl cheana féin i gCorcaigh. Gach Mol le bheith ag feidhmiú in 2025. |
Nótaí
Moil Mháinliachta
Tá na moil nua bunaithe ar an Ionad Reeves an-rathúil in Ospidéal Ollscoile Thamhlachta a laghdaigh go mór amanna feithimh do ghnáthaimh chásanna lae.
Ó osclaíodh é i mí na Nollag 2020, tá laghdú 17% tagtha ar an Liosta Feithimh de Chásanna Lae iomlán in Ospidéal Ollscoile Thamhlachta agus feabhas 34% bainte amach maidir le Sprioc Rochtana Sláintecare 12-seachtaine do ghnáthaimh chásanna lae.
Nuair a bheidh gach mol ag feidhmiú go hiomlán, táthar ag súil go ncuirfidh gach mol thart ar 4,000 gnáthamh cásanna lae breise ar fáil, chomh maith le 5,800 mionobráid bhreise, agus 18,500 comhairliúchán breise othar seachtrach gach bliain.
Ospidéil Roghnacha
Moladh sa tuarascáil traspháirtí Sláintecare 2017 go bhforbrófar na hOspidéil Roghnacha. Cé go bhfuil pleananna fós á bhforbairt, meastar gurb é an acmhainn bhreise a sholáthróidh na hOspidéil Roghnacha (maidir le gnáthimh, cóireálacha agus diagnóisic) ná 977,700 in aghaidh na bliana.
Chun a chinntiú go roghnaítear na nósanna imeachta, na láithreacha agus na suíomhanna cearta, agus go léiríonn siad an luach is fearr ar airgead na gcáiníocóirí, tá gá le pleanáil agus breithniú cúramach. Tá an clár á fhorbairt mar sin de réir Threoirlínte Bonneagair an Rialtais. Cinntíonn siad seo go mbíonn réasúnaíocht shoiléir beartais mar bhonn agus mar thaca ag cinntí infheistíochta caipitil agus go mbíonn costais, rioscaí agus gníomhartha maolaithe forbartha agus intuigthe go maith.
Is iad na speisialtachtaí cliniciúla um chúram roghnach laistigh den raon feidhme ná:
- Máinliacht Ghinearálta
- Ota-laraingeolaíocht (Cluas, Srón agus Scornach)
- Ortaipéidic
- Máinliacht Phlaisteach
- Oftailmeolaíocht
- Gaistreintreolaíocht
- Úireolaíocht
- Leigheas Péine
- Gínéiceolaíocht
- Máinliacht Shoithíoch