English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Sláinte soláthar seirbhísí foirceanta toirchis in Ospidéil Mháithreachais bhreise.

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 1 Nollaig 2023
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

D'fhógair an tAire Sláinte Stephen Donnelly inniu soláthar seirbhísí foirceanta toirchis i gcúig láthair ospidéil mháithreachais eile; Cill Chainnigh, Portiuncula, Leitir Ceanainn, Loch Garman agus Port Laoise. Cuirfear tús leis na seirbhísí seo ó 4ú Nollaig 2023.

Tabharfaidh sé seo líon iomlán na n-ospidéal máithreachais a sholáthraíonn seirbhísí foirceanta go luath sa toircheas (faoi 12 seachtain), mar atá forordaithe san Acht Sláinte (Foirceannadh Toirchis a Rialáil), 2018, go dtí seacht gcinn déag.

Dúirt an tAire Donnelly:

"Is céim shuntasach í an leathnú seo i dtreo seirbhísí foirceanta a sholáthar do mhná i ngach ceann de na naoi n-ospidéal máithreachais déag. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don obair atá déanta ag an gClár Náisiúnta Sláinte na mBan agus Naíonán den FSS, ag na hospidéil agus na soláthraithe seirbhíse a chuir leis an ngarsprioc thábhachtach seo maidir le seirbhísí foirceanta toirchis in Éirinn.

”Táim ag tnúth le leathnú breise a dhéanamh maidir le seirbhísí in 2024 agus leis an bhféidearthacht go mbeidh rochtain shábháilte, chothrom ar an tseirbhís seo ag gach bean."

Dúirt Dr. Aoife O’Malley, Ceannasaí Cliniciúil FSS do Sheirbhísí Foirceanta:

“Cuirim fáilte roimh an leathnú suntasach seo ar chúram a bhaineann le foirceannadh toirchis. Leis seo, beidh rochtain ag mná ar chúram ina n-aonaid áitiúla, gan an riachtanas breise le taisteal a dhéanamh. Aithním ceannaireacht na gCeannchomhairleoirí Cliniciúla i ngach aonad máithreachais a d'oibrigh go dian dícheallach chun na seirbhísí seo a fhorbairt agus cúram atruach ar ardchaighdeán a chur ar fáil do mhná.

”Cé go gcuirtear formhór an chúraim ginmhillte, go luath sa tréimhse thoirchis, ar fáil sa phobal, tá seirbhís ospidéalbhunaithe riachtanach do roinnt ban agus is tacaíocht luachmhar í don tseirbhís phobalbhunaithe.”