English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Sláinte Stephen Donnelly Cathaoirleach Neamhspleách den Tascfhórsa Dromlaigh Péidiatraiceach

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 22 Márta 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

D’fhógair an tAire Sláinte Stephen Donnelly inniu bunú an Tascfhórsa Dromlaigh Péidiatraiceach, chomh maith leis an gceapachán de Mark Connaughton SC mar Chathaoirleach Neamhspleách de.

Tá an Tascfhórsa ilpháirtithe leasmhara seo á bhunú chun feabhsuithe a chur chun cinn agus chun cur ar chumas na bpáirtithe leasmhara go léir cur le feabhsú agus forbairt ár seirbhísí dromlaigh péidiatraiceach.

Tabharfaidh an réimse páirtithe leasmhara ar an Tascfhórsa seo a gcuid saineolais, taithí agus dearcthaí féin agus cuirfidh an iarracht chomhoibritheach thábhachtach seo cur chuige córais iomlán ar fáil chun an réimse suntasach oibre seo a chur chun cinn.

Tá téarmaí tagartha á ndréachtú faoi láthair agus tá cuireadh tugtha do na páirtithe leasmhara go léir a dtuairimí a léiriú don phróiseas tábhachtach seo.

Dúirt an tAire Donnelly:

"Tá go leor oibre déanta chun tacú le soláthar seirbhísí agus cúraim do leanaí a bhaineann úsáid as ár seirbhísí dromlaigh péidiatraiceach. Tá bunú an Tascfhórsa ilpháirtithe leasmhara seo ina chéad chéim thábhachtach eile ag an bpointe seo.

"Tugann an Tascfhórsa seo deis do na príomhpháirtithe leasmhara go léir teacht le chéile agus comhoibriú lena chéile lena chinntiú go gcuirtear cúram agus áiseanna den chaighdeán is airde ar fáil do na leanaí a úsáideann an tseirbhís seo agus go gcuirfear feabhsuithe fadtréimhseacha ar na seirbhísí seo agus ar shaol na leanaí seo dá bharr sin.

"Tá áthas orm gur aontaigh Mark Connaughton SC a bheith ina Chathaoirleach Neamhspleách ar son na hoibre seo. Tugann Mark neart taithí dá ról mar Chathaoirleach, agus táim muiníneach, lena thaithí agus lena shaineolas, gurb é an duine ceart chun an obair thábhachtach seo a stiúradh."

Dúirt Mark Connaughton SC:

"Tá an-áthas orm glacadh le cuireadh an Aire Donnelly a bheith i mo chathaoirleach ar Thascfhórsa Dromlaigh Péidiatraiceach. Is léir domsa go bhfuil fonn láidir i measc na bpáirtithe leasmhara uilig go mbeadh tionchar dearfach ag an Tascfhórsa seo. Táim ag súil go mór le bheith ag obair le gach duine lena mbaineann agus déanfaidh mé m’iarracht is fearr i mo chuid oibre leo.”


Nótaí:

Eolas beathaisnéise - Mark Connaughton SC

Tá Mark Connaughton SC ag cleachtadh ó 1990 agus ceapadh é ina abhcóide sinsearach i 2002.

Tá neart taithí aige ar dhlíthíocht shibhialta agus ar idirghabháil. Is idirghabhálaí creidiúnaithe IRÉD (Ionad um Réiteach Éifeachtach Díospóide) é.