English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Sláinte suíomhanna láithreacha do Thograí Náisiúnta 'Mol Máinliachta'

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 26 Bealtaine 2023
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Inniu fógraíonn an tAire Sláinte (Dé hAoine 26 Bealtaine 2023), Stephen Donnelly, suíomhanna láithreacha do Thograí Náisiúnta 'Mol Máinliachta'.

Tá na moil mháinliachta á bhforbairt in áiteanna tábhachtacha ar láthair na n-ospidéal nó ar láithreacha á bhfeidhmiú faoi rialú ospidéil Múnla 4 agus é mar aidhm acu tionchar a bheith acu ar liostaí feithimh cásanna lae roimh fhorbairt ospidéil roghnacha réigiúnacha. Cabhróidh siad le hospidéal díriú ar ghnéithe eile de liostaí feithimh freisin, toisc go mbogfar go leor gnáthamh cásanna lae go dtí na moil mháinliachta.

Tá na moil bunaithe ar Ionad Reeves, an mol thar bheith rathúil ag Ospidéil na hOllscoile, Tamhlacht. I gcaitheamh na chéad 24 mhí d’ionad Reeves, laghdaigh líon iomlán na n-othar a bhí ag feitheamh ar obráid lae faoi 58%, le laghdú faoi 91% in othair a bhí ag feitheamh breis is 3 mhí.

Agus é ar chuairt chun na Gaillimhe, d'fhógair an tAire Donnelly na roghanna suímh seo a leanas:

Gaillimh Ospidéal Choláiste na hOllscoile, Páirc Mhuirlinne (foirgníocht mhodúlach)
Corcaigh Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh (foirgníocht mhodúlach)
Baile Átha Cliath Thuaidh Láthair á deimhniu (feistiú lándéanta)
Baile Átha Cliath Theas Sliabh Chairmeil (athchóiriú)
Port Láirge Ospidéal na hOllscoile, Port Láirge (foirgníocht mhodúlach)
Luimneach Láthair á deimhniu (foirgníocht mhodúlach/tapa)

Dúirt an tAire Donnelly:

"Cabhróidh na moil mháinliachta seo atá á bhforbairt faoi láthair dul i ngleic le liostaí feithimh go gearrthéarmach agus tiocfaidh siad go maith le forbairt fadtéarmach ar ospidéil roghnacha i nGaillimh, Corcaigh agus Baile Átha Cliath.

"Tá an mol máinliachta ag ionad Reeves in Ospidéal na hOllscoile Tamhlachta fós thar a bheith ráthúil agus tá laghdú suntasach tar éis teacht ar go leor liostaí feithimh le haghaidh gnáthamh cás-lae, le deireadh curtha le cuid acu cheana féin.

"D'iarr mé ar an FSS cinntiú go mbeadh an chéad mhol ag feidhmú roimh dheireadh na bliana seo, le tuilleadh le teacht i 2024."


Nótaí don eagarthóir:

Meastar go gcosnaíonn moil mháinliachta idir €100-120 milliún idir caipiteal agus ioncam, ag braith ar an bpróiseas meastacháin mar is gnáth.