Fógraíonn an tAire Sláinte tosach feidhme an Achta um Shábháilteacht Othar (Teagmhais Infhógartha agus Nochtadh Oscailte) 2023
- Foilsithe: 26 Meán Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D'fhógair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly inniu go bhfuil tús curtha leis an Acht um Shábháilteacht Othar (Teagmhais Infhógartha agus Nochtadh Oscailte), 2023.
Forálann an tAcht um Shábháilteacht Othar (Teagmhais Infhógartha agus Nochtadh Oscailte), 2023 do chreat reachtach do roinnt gnéithe tábhachtacha a bhaineann le sábháilteacht othar, lena n-áirítear nochtadh oscailte éigeantach de cúpla teagmhas tromchúiseach sonraithe sábháilteachta othar nach mór a nochtadh don othar agus/nó dá dteaghlach. Forálann an tAcht freisin d'fhógra seachtrach éigeantach na n-imeachtaí céanna sin a thabhairt don chomhlacht rialála cuí. Tá liosta san Acht de theagmhais shonraithe sábháilteachta othar a mbíonn bás nó mórdhíobháil mar thoradh orthu, agus déantar foráil ann freisin maidir le fógra seachtrach éigeantach faoi na teagmhais chéanna sin a thabhairt don chomhlacht cuí. Tá foráil san Acht trínar féidir leis an Aire cur leis an liosta seo trí rialachán a chur i bhfeidhm.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Tá an-áthas orm tús a chur leis an bpíosa reachtaíochta tábhachtach seo maidir le sábháilteacht othar. Beidh ról tábhachtach aige maidir le hathrú cultúrtha a chur chun cinn inár seirbhís sláinte trína gcruthaímid, i dteannta a chéile, spás d'oscailteacht agus trédhearcacht inár ngníomhartha laethúla. Tá dul chun cinn mór eile bainte amach ag Éirinn inár sraith reachtaíochta maidir le sábháilteacht othar agus is comhartha é sin ar ré nua don tseirbhís sláinte."
Forálann an tAcht freisin do riachtanais éigeantacha maidir le nochtadh oscailte le haghaidh athbhreithnithe críochnaithe, ar iarratas na n-othar, ar a scagthástáil ailse ag Seirbhís Náisiúnta Scagthástála d'Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) i gcuid thiomnaithe den Acht. Forálann sé d'oibleagáid atá ar na Seirbhísí Scagthástála Ailse othair a chur ar an eolas faoina gcearta le hathbhreithniú a iarraidh.
Faoin Acht, leathnófar sainchúram an Údaráis um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (HIQA) i seirbhísí sláinte príobháideacha forordaithe agus in ospidéil phríobháideacha. Cuirfidh sé seo ar chumas HIQA caighdeáin a leagan síos maidir le feidhmiú seirbhísí sláinte príobháideacha forordaithe agus ospidéil phríobháideacha, monatóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh agus cigireachtaí agus imscrúduithe a dhéanamh de réir mar is gá.
Sula cuireadh tús leis an Acht, bhí roinnt céimeanna ullmhúcháin ag teastáil. Tá siad sin críochnaithe anois, agus tá tús á chur le formhór an Achta. Teastaíonn mionleasú teicniúil ó alt 68, a fhorálann go gcuirfear Alt nua isteach san Acht Sláinte 2007 chun cumhacht lánroghnach a sholáthar don Phríomhchigire chun athbhreithniú a dhéanamh ar chineál sonraithe teagmhas tromchúiseach sábháilteachta othar, i gcás ina ndearnadh cúram othar nó cúram iomlán othair i dteach altranais, chun tithe altranais poiblí agus príobháideacha araon a áireamh, agus cuirfear tús leis seo go luath.
Tá foráil san Acht go ndéanfar athbhreithniú ar fheidhmiú an Achta laistigh de dhá bhliain ón dáta tosaithe.
Chuir an tAire Donnelly leis an méid sin, ag rá:
“Is píosa suntasach reachtaíochta sábháilteachta othar é seo. Beidh ról tábhachtach aige lena chinntiú go mbeidh rochtain ag othair agus ag a dteaghlaigh ar fhaisnéis chuimsitheach thráthúil. Baintear é seo amach tríd an meicníocht de nochtadh oscailte san Acht a dhéanann cultúr a neadú chun gur féidir le cliniceoirí, agus leis an tseirbhís sláinte ina hiomláine, teagmháil a dhéanamh go hoscailte, go trédhearcach agus go tuisceanach le hothair agus lena dteaghlaigh nuair a théann rudaí amú.
“Bhí droch-chumarsáid idir othair agus chleachtóirí sláinte mar chúis le go leor fadhbanna sábháilteachta othar go dtí seo. Tá sé chomh tábhachtach nuair a théann rudaí amú, go bhfuil tuiscint ann ar an méid atá tarlaithe agus gur féidir cinntiú nach dtarlóidh a leithéid arís."
Nótaí:
Is píosa tábhachtach reachtaíochta um shábháilteacht othar é an tAcht um Shábháilteacht Othar (Teagmhais Infhógartha agus Nochtadh Oscailte), 2023 a shínigh an tUachtarán an 2 Bealtaine 2023. Príomhchuspóir den Acht um Shábháilteacht Othar is ea a chinntiú go mbíonn rochtain ag othair agus a dteaghlaigh ar fhaisnéis chuimsitheach thráthúil. Baintear é seo amach leis an meicníocht oscailte nochta san Acht agus cuireann sé le cultúr a leabú ina mbíonn cliniceoirí, agus an tseirbhís sláinte ina hiomláine, dul i ngleic go hoscailte, go trédhearcach agus go tuisceanach le hothair agus lena dteaghlaigh nuair a théann rudaí amú.
Baineann ceanglais an Achta le gach comhlacht cúram sláinte lena n-áirítear:
- FSS (lena n-áirítear gach eagraíocht Alt 38);
- Eagraíochtaí Alt 39;
- Ospidéil Phríobháideacha;
- Soláthraithe príobháideacha sláinte agus cúraim shóisialta amhail dochtúirí teaghlaigh, Fiaclóirí, Cógaiseoirí, srl.
Forálann an tAcht um Shábháilteacht Othar 2023 do nochtadh oscailte éigeantach liosta de na teagmhais thromchúiseacha sonraithe maidir le sábháilteacht othar nach mór a nochtadh don othar agus/nó dá theaghlach. Tá foráil san Acht trína bhféadfaidh an tAire cur leis an liosta seo trí rialachán. Ní mór rochtain a bheith ag othair agus ag a dteaghlaigh ar fhaisnéis chuimsitheach thráthúil, lena n-áirítear leithscéal nuair is iomchuí, maidir le teagmhais thromchúiseacha sábháilteachta othar. Foráiltear leis freisin go dtabharfar fógra seachtrach éigeantach faoi na himeachtaí céanna don chomhlacht rialála iomchuí (HIQA, an Príomhchigire laistigh de HIQA nó an Coimisiún Meabhair-Shláinte mar is cuí).
Tá bearta san Acht, i gCuid 5 tiomnaithe, chun foráil a dhéanamh do nochtadh oscailte éigeantach ar athbhreithnithe iarrtha othar aonair comhlánaithe ar a scagthástáil ailse ag Seirbhís Náisiúnta Scagthástála FSS. Cuirfidh soláthraithe seirbhísí sláinte an t-othar ar an eolas faoina gceart chun athbhreithniú a fháil ar Chuid 5 roimh an scagthástáil ailse nó ag an am a dhéantar an scagthástáil ailse agus nósanna imeachta a chur i bhfeidhm chun meabhrúcháin bhreise a sholáthar.
Tá sainmhíniú soiléir, beacht ar iniúchadh cliniciúil san Acht agus soláthraíonn sé cosaintí breise do na próisis sin a chomhlíonann an sainmhíniú.
Déanann an tAcht roinnt leasuithe freisin ar an Acht Sláinte 2007, lena n-áirítear foráil do leathnú shainchúram HIQA go seirbhísí sláinte príobháideacha forordaithe agus ospidéil phríobháideacha. Cuirfidh sé seo ar chumas HIQA caighdeáin a leagan síos le haghaidh oibriú na seirbhísí sláinte príobháidí forordaithe agus ospidéil phríobháideacha, monatóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh leo agus tabhairt faoi chigireachtaí agus imscrúduithe de réir mar is gá.
Leasaíonn an tAcht freisin Alt 9 den Acht Sláinte 2007 a thugann an chumhacht don Aire Sláinte agus don Aire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige treoir a thabhairt do HIQA tabhairt faoi rioscaí tromchúiseacha leanúnacha do shábháilteacht othar i seirbhísí sláinte agus sóisialta na hÉireann.
Roimh thosach feidhme an Achta, bhí roinnt céimeanna ullmhúcháin ag teastáil. Mar a leagtar amach thuas, bunaíonn an tAcht ceanglas éigeantach maidir le fógra a thabhairt faoi theagmhais thromchúiseacha áirithe maidir le sábháilteacht othar. Chun an próiseas fógartha seo a éascú, tá modúl nua leis an gCóras Bainistíochta Teagmhais Náisiúnta (NIMS) reatha deartha, tógtha, tástálaithe agus sínithe ag príomhpháirtithe leasmhara, lena n-áirítear FSS, an Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát, HIQA agus an Coimisiún Meabhair-Shláinte.
Ina theannta sin, chun éascú a dhéanamh ar thosach feidhme an Achta, d'fhorbair FSS beartas oiliúna nua um nochtadh oscailte agus plean cumarsáide don fhoireann ar fad maidir leis na ceanglais nua nochta agus fógra faoin Acht. Tugann an FSS le fios go bhfuil an modúl nua oiliúna um nochtadh oscailte ar fáil anois don fhoireann ar fad.
Chomh maith leis sin, roimh thosach feidhme, bhí ar an Roinn Sláinte leasú teicniúil a dhéanamh ar an Acht chun dul i ngleic le mionearráid dréachtaithe. Faomhadh an leasú seo le cinneadh rialtais S180/20/10/2859, is leasú teicniúil é agus ní athraíonn sé rún beartais an Achta. Chríochnaigh an Bille ina bhfuil an leasú seo gach céim sa Seanad an 9 Iúil 2024 agus shínigh an tUachtarán é an 15 Iúil 2024. Cuireadh tús leis an 19 Lúnasa 2024.
Is gá leasú teicniúil breise a dhéanamh ar Alt 68 den Acht agus cuirfear tús leis an Alt seo a luaithe a bheidh sé sin críochnaithe.