English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Sláinte tuilleadh sonraí faoin leithdháileadh €23 milliún don Straitéis Náisiúnta Ailse

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 8 Deireadh Fómhair 2024
  • An t-eolas is déanaí: 18 Deireadh Fómhair 2024

D'fhógair an tAire Sláinte Stephen Donnelly tuilleadh sonraí faoin maoiniú don Straitéis Náisiúnta Ailse mar chuid de Bhuiséad 2025. Is é €23.1 milliún san iomlán an leithdháileadh in 2025, le costas bliana iomláine de €32.9 milliún in 2026.

In éineacht le maoiniu €10 milliún le haghaidh drugaí oinceolaíochta agus íocaíochtaí €7.9 milliún le tionscadail taighde ailse, is é €41 mhilliún an maoiniú iomlán le haghaidh na hailse in 2025.

Áirítear leis sin seo a leanas:

  • 179 mball foirne breise le hearcú chuig seirbhísí náisiúnta scagthástála agus cóireála ailse, chun leanúint d’fheabhas a chur ar rochtain agus ar thorthaí d’othair ailse faoin Straitéis Náisiúnta Ailse
  • €4.8 milliún chun an clár BreastCheck agus BowelScreen a leathnú chuig daoine atá idir 58-70 bliain d'aois
  • €10.1 milliún ar fud gníomhaíochtaí rialaithe ailse, cóireálacha ailse agus na Samhla Cúraim Oidhreachtúil Ailse chun rochtain othar a fheabhsú agus chun rochtain ar chóireálacha nua a leathnú. Áirítear leis sin poist speisialaithe raideolaíochta agus poist ardchleachtais teiripe radaíochta
  • €0.7 milliún chun leathnú a dhéanamh ar an tseirbhís altranais ghéar-inceolaíochta/ghéar-haemaiteolaíochta chun cabhrú le hothair ailse freastal neamhriachtanach sa Roinn Éigeandála (RÉ) a sheachaint
  • €2 mhilliún le haghaidh táirgí iarmhaisteachtóime sa phobal
  • Tá €5.5 milliún le leithdháileadh ar Chomhghuaillíocht na nIonad agus na Seirbhísí Tacaíochta Ailse Pobail

Is í aidhm na Straitéise Náisiúnta Ailse seirbhísí rialaithe ailse a athrú ó bhonn, idir chosc, scagthástáil, diagnóisiú, cóireáil agus caighdeán saoil, agus béim á leagan ar thorthaí a fheabhsú d’othair ailse.

Dúirt an tAire Donnelly:

"Tá áthas orm maoiniú breise os cionn €23 mhilliún a fhógairt inniu chun an Straitéis Náisiúnta Ailse a chur chun feidhme in 2025. Leis sin, beifear in ann breis agus 170 ball foirne breise a earcú chuig ár seirbhísí náisiúnta scagthástála agus cóireála ailse, rud a chiallaíonn go mbeidh 840 ball foirne breise earcaithe le haghaidh seirbhísí ailse thar shaolré na Straitéise. Anuas ar chógais agus taighde, fágann sé sin gur fiú breis agus €250 milliún an infheistíocht iomlán a rinneadh i seirbhísí ailse le linn thréimhse na Straitéise go dtí seo.

“Ó foilsíodh an Straitéis seo den chéad uair, tá feabhsuithe móra tagtha ar rátaí marthanais d’othair ailse. In 2017 bhí 150,000 duine in Éirinn ag maireachtáil tar éis diagnóis ailse; sa lá atá inniu ann, tá níos mó ná 215,000. Is méadú 43% é seo agus leanfaidh infheistíocht an lae inniu dár seirbhísí ailse a neartú, de chóireálacha nua a chur ar fáil d’othair, agus de chinntiú go gcuirfear tacaíochtaí criticiúla ar fáil d’othair agus dá dteaghlaigh.

"Leis an infheistíocht seo in 2025, beifear in ann leanúint de sheirbhísí náisiúnta ailse a fhorbairt, samhlacha nua cúraim agus treoirlínte cliniciúla a chur chun feidhme lena soláthrófar seibhísí níos fearr d'othair."

Tá €4.8 milliún á infheistiú i scagthástáil in 2025, le costas bliana iomláine de €7.3 milliún, chun cumhdach aoise de BowelScreen a leathnú chuig daoine idir 58 agus 70 bliain d'aois agus chun achmhainn bhreise a chur le BreastCheck. Ciallaíonn sé seo gur féidir le níos mó daoine leas a bhaint as na cláir scagthástála thábhachtacha seo.

Le maoiniú €8.8 milliún i seirbhísí cóireála in 2025 le haghaidh máinliacht ailse, teiripí sistéamacha agus teiripe radaíochta, beidh fáil níos forleithne ar chóireálacha nua amhail teiripe T-cheall le gabhdóir ciméarach aintaiginí, agus tacófar le rochtain thráthúil ar mháinliacht ailse agus ar radaiteiripe.

Le maoiniú €10 milliún a leithdháilfear ar dhrugaí ailse, a mbeidh costas bliana iomlán €14 mhilliún ag gabháil leis, beidh rochtain níos fearr ar chógais nua ailse.

Lean an tAire Donnelly ar aghaidh ag rá:

"Tá áthas orm €5.5 milliún a leithdháileadh freisin ar Chomhghuaillíocht CNRA d'Ionaid agus Seirbhísí Tacaíochta Ailse Pobail. Cuireann na hionaid seo seirbhísí ríthábhachtacha ar fáil d'othair ailse i bpobail ar fud na hÉireann, idir dhaoine fásta agus leanaí. Déanann siad sár-obair lena chinntiú go bhfuil cláir náisiúnta marthanais ar fáil ar fud na hÉireann. Cuireann an rialtas seo luach mór ar thiomantas na foirne agus na n-oibrithe deonacha a fhágann gur féidir na hionaid seo a dhéanamh.

"Tá oidhreacht 30 bliain againn maidir le cur chuige náisiúnta i leith rialú ailse in Éirinn, rud a d'athraigh ó bhonn an chaoi a gcaitear le hailse agus an chaoi a bhfulaingítear í. Tá sé léirithe ag staidéir go bhfuil tionchar díreach ag ár gcur chuige straitéiseach fianaisebhunaithe ar thorthaí othar agus go bhfuil méadú 25% tagtha ar rátaí marthanais cúig bliana do gach ailsí i gcomparáid leis an uair a thosaíomar. Tá dúshlán romhainn go fóill, de réir mar a mheastar go dtiocfaidh méadú ar ailse, agus leanfaidh mé de thús áite a thabhairt d’infheistíocht agus do thacaíocht dár seirbhísí náisiúnta ailse."

Dúirt Bernard Gloster, POF an FSS:

"Tá ailse fós ina príomhréimse fócais don FSS, agus cuirfidh an maoiniú breise seo ar chumas níos mó othar rochtain thráthúil a fháil ar chúram. Oibreoidh an FSS ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil lena chinntiú go mbainfidh na seirbhísí cóireála an leas is fearr as acmhainní nua chun tacú le hothair agus iad ar a dturas cóireála."

Dúirt an tOllamh Risteárd Ó Laoide, Stiúrthóir Náisiúnta an Chláir Náisiúnta Rialaithe Ailse:

"Cuirtear failte mhór roimh an maoiniú breise seo don Straitéis Náisiúnta Ailse, agus cuirfidh sé feabhas ar an rochtain atá ag othair ailse ar chúram comhtháite, rud a chinnteoidh go dtacófar le conairí nua othar, agus go gcuirfear an cúram is fearr ar fáil de réir an chleachtais idirnáisiúnta is fearr, agus é mar aidhm leanúint d'fheabhas a chur ar thorthaí othar."


Nótaí

Tá maoiniú caipitil iomlán os cionn €140 milliún curtha ar fáil faoin Straitéis, lena n-áirítear infheistíocht in ionaid oinceolaíochta radaíochta nua i gCorcaigh agus i nGaillimh, Saotharlann Náisiúnta um Scagthástála Ceirbheacsach nua, agus feabhsuithe ar bhardaí lae oinceolaíochta ar fud ospidéal a sholáthraíonn ceimiteiripe.

Is gealltanas de chuid Chlár an Rialtais é an Item was unpublished or removed a chur chun feidhme.

Tá na figiúirí le haghaidh rátaí marthanais bunaithe ar Thuarascáil Bhliantúil Staidrimh 2023 Chlárlann Náisiúnta Ailse na hÉireann (NCRI).

Tacóidh an maoiniú seo leis an méid seo a leanas:

Diagnóis agus cosc luath

  • diagnóisiú luath, cosc agus clinicí mearrochtana - Leis an maoiniú, beifear in ann feabhas a chur ar dhiagnóisiú luath na hailse agus ar ghníomhaíochtaí coisctheacha. Rachaidh sé sin chun tairbhe d’othair ós rud é go mbíonn riachtanais chúraim nach bhfuil chomh casta céanna agus torthaí níos dearfaí mar thoradh ar ailse a ghabháil ag céim níos luaithe
  • scagthástáil – leathnófar an clár BowelScreen chun raon aoise méadaithe idir 58-70 a chumhdach, atá idir 59-69 faoi láthair

Cúram oinceolaíochta optamach

Is é an toradh a bheidh ar mhaoiniú do na seirbhísí sin go mbeidh roghanna cóireála níos fearr ann d’othair ailse:

  • oinceolaíocht leighis - Tacóidh maoiniú le seachadadh leathnaithe cóireálacha nua amhail teiripe T-cheall le gabhdóir ciméarach aintaiginí, teiripí gaschille, agus teiripe radailipéadaithe d'othair siada néar-inchríneacha, agus méadóidh an maoiniú athléimneacht na seirbhísí cumaisc chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna soláthair ceimiteiripe
  • oinceolaíocht mháinliachta – Chomh maith le dul chun cinn a dhéanamh ar lárú na máinliachta ailse as a dtagann torthaí níos fearr d’othair, cuirfidh maoiniú d’oinceolaíocht mháinliachta feabhas ar fhoirne cúraim máinliachta, cuirfidh sé tacaíocht ar fáil do mháinliacht atógálach d’othair ailse cíche, agus éascóidh sé tabhairt isteach cóireálacha nua amhail máinliacht róbataice le haghaidh ailse próstataigh
  • oinceolaíocht radaíochta – Cuirfidh maoiniú le haghaidh oinceolaíochta radaíochta feabhas ar amanna cóireála agus tacóidh sé le leathadh amach cineálacha nua cóireála a théann chun tairbhe do 10 % d’othair a fhaigheann teiripe radaíochta anois, ar othair iad atá níos spriocdhírithe agus a tháirgeann torthaí níos fearr d’othair
  • LÓAÓ – Maoiniú le haghaidh seirbhísí do Leanaí, Ógánaigh agus Aosaigh Óga (LÓAÓ), tacóidh sé le cur chun feidhme iomlán Shamhail Chúraim LÓAÓ agus cinnteoidh sé go mbeidh seirbhísí iomchuí i bhfeidhm do leanaí agus do dhaoine óga a bhfuil ailse orthu de réir a riachtanas sonrach
  • ailse oidhreachtúil – Le maoiniú chun an tSamhail Cúraim Oidhreachtúil le haghaidh Ailse a chur chun feidhme, áiritheofar go mbeidh seirbhísí iomchuí ar fáil do dhaoine a bhfuil togracht ghéiniteach chun ailse acu chun leas a bhaint as tástáil ghéiniteach agus chun conairí othar a úsáid le haghaidh teiripí sonracha atá ar fáil dóibh
  • seirbhís altranais ghéar-inceolaíochta/ghéar-haemaiteolaíochta – Leathnóidh an maoiniú na huaireanta oibriúcháin don tseirbhís triáise teileafóin seo, rud a chabhraíonn le hothar cóireáil ghníomhach chun freastal neamhriachtanach RÉ a sheachaint
  • síc-oinceolaíocht – Tacóidh maoiniú le cur chun feidhme na Samhlacha Cúraim Síc-oinceolaíochta do dhaoine fásta agus do leanaí agus do dhaoine óga araon. Tá tacaíochtaí síceasóisialta trí chóireáil riachtanach chun folláine othar ailse a bhíonn ag déileáil le hualach diagnóise agus cóireála ailse a chosaint

Cáilíocht saoil na n-othar ailse agus marthanas a uasmhéadú

  • maoiniú ón ionad tacaíochta ailse pobail – Tacóidh Maoiniú do Chomhghuaillíocht na nIonad agus na Seirbhísí Tacaíochta Ailse Pobail le cláir náisiúnta marthanais agus le soláthar limféidéime i bpobail ar fud na hÉireann
  • marthanas – Tacóidh maoiniú do chomhordaitheoirí marthanais le cláir marthanais a sholáthar agus a fhorbairt go náisiúnta agus tacóidh sé le conairí leantacha féinbhainistithe d’othair atá ag teacht amach as cóireáil ghníomhach ailse
  • gheobhaidh níos mó ná 35 ionad tacaíochta ailse maoiniú in 2025 ón gClár Náisiúnta Rialaithe Ailse