English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Sláinte vacsaín fliú saor in aisce a leathnú do pháistí idir 13 agus 17 mbliana d'aois

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 1 Nollaig 2023
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Tá sé fógartha ag an Aire Sláinte Stephen Donnelly go bhfuil sprae sróine de 'vacsaín fliú á cur ar fáil saor in aisce do pháistí idir 13 agus 17 mbliana d'aois, ón Luan seo chugainn, an 4 Nollaig.

Ciallaíonn an fógra seo go bhfuil gach páiste idir 2 agus 17 mbliana d'aois i dteideal na vacsaíne fliú mar chuid de “chlár vacsaínithe fliú séasúrach 2023/2024.”

Is bealach sábháilte, tapa agus saor ó phian í an vacsaín sróine in aghaidh an fhliú, atá ar fáil trí dhochtúirí teaghlaigh agus i gcógaslanna, agus do roinnt grúpaí páistí bunscoile, chun páistí a chosaint in aghaidh an fhliú i rith an gheimhridh seo. Cabhróidh an vacsaín freisin le leathadh an ionfhabhtaithe a laghdú ó pháistí chuig daoine eile, lena n-áirítear daoine níos sine agus níos leochailí.

Tá vacsaín in-insteallta ar fáil do ghrúpaí incháilithe eile lena n-áirítear daoine atá 65 bliain d'aois agus os a chionn, daoine a bhfuil riocht sláinte áirithe orthu agus oibrithe cúraim sláinte.

Toisc go nglacann sé coicís sula mbeidh an vacsaín éifeachtach in aghaidh an víris, moltar do gach duine atá incháilithe cur lena gcosaint a luaithe agus is féidir.

Dúirt an tAire Donnelly:

"Mholfainn do gach tuismitheoir le páistí idir 2 agus 17 mbliana d'aois vacsaín fliú saor in aisce a fháil dá bpáiste chomh luath agus is féidir i rith an gheimhridh seo.

"Ós rud é go bhfuil baol níos mó ann go bhfaighidh páistí an fliú agus go mbíonn siad i bhfad níos tinne leis, tá sé ríthábhachtach go gcosnaítear iad, agus mar gheall air sin, go gcosnaítear na daoine timpeall orthu fosta. Cabhróidh an sprae sróine in aghaidh an fhliú seo lenár bpáistí, lenár dteaghlaigh agus lenár bpobail a chosaint, chun muid a choinneáil níos sábháilte agus níos sláintiúla i rith mhíonna an gheimhridh."

Dúirt an Príomhoifigeach Leighis, an tOllamh Breda Smyth:

“Is iad vacsaíní an bealach is fearr dúinn muid féin a chosaint, chomh maith le dóibh siúd atá leochaileach inár bpobail. De thoradh seo, curtha le níochán lámh, casacht nó sraothartach a dhéanamh in aghaidh ár n-uillinneacha agus fanacht sa bhaile nuair a bhíonn tú tinn, laghdaítear an baol de thinneas dáiríre, chomh maith leis an ualach a laghdú ar ár seirbhísí sláinte.

“Agus muid ag dul i dtreo na buaice de shéasúr an víris riospráide, tá deis bheag ann anois leibhéil vacsaínithe a mhéadú agus cosaint in aghaidh an fhliú a threisiú.

"Táim ag impí ar gach duine atá i incháilithe coinne a dhéanamh dá 'vacsaín fliú inniu. Fosta, tá roinnt grúpaí daoine ann atá incháilithe an teanndáileog COVID-19 a fháil, agus d'fhéadfaí sin a sholáthar ag an am céanna. Ba mhaith liom a mheabhrú d'oibrithe cúraim sláinte freisin go bhfuil 'vacsaíní fliú agus COVID saor in aisce ar fáil i suíomhanna cúraim sláinte agus ag clinicí vacsaínithe siúil isteach."