English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Stáit Anne Rabbitte maoiniú €5m do 9 dTeach Faoisimh breise go náisiúnta lena n-áirítear an chéad cheann a osclaíodh - Teach Faoisimh Leanaí Naomh Gaibriéil i Mungairit, Luimneach

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 23 Feabhra 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

D’fhógair an tAire Stáit le freagracht as Míchumas, Anne Rabbitte TD, inniu go bhfuil maoiniú curtha ar fáil do FSS chun Seirbhís Faoisimh Ionad-bhunaithe Leanaí Naomh Gaibriéil a oscailt i Mungairit, Luimneach.

Dúirt an tAire Rabbitte,

“I mBuiséad 2021, gheall mé maoiniú a chur ar fáil do FSS chun naoi seirbhís faoisimh bhreise a fhorbairt ar fud na tíre. Tá an-áthas orm a fhógairt go bhfuil Teach Faoisimh Naomh Gaibriéil ar an chéad cheann de na seirbhísí sin. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine a d’oibrigh go dícheallach chun airgead a bhailiú don teach faoisimh seo a sholáthróidh sain-thacaíochtaí faoisimh do leanaí.

“D'iarr mé ar FSS an tosaíocht is mó a thabhairt do na háiseanna agus na seirbhísí nua seo agus iad a chur i bhfeidhm gan mhoill agus tuairiscí rialta a sholáthar dom ionas gur féidir liom a chinntiú go mbeidh an maoiniú breise seo dírithe go díreach ar na daoine is mó a bhfuil gá acu leis.

“Cuireadh maoiniú ar fáil do FSS chun na 9 sheirbhís faoisimh tiomnaithe ionad-bhunaithe bhreise a fhorbairt agus a oscailt ar fud na Limistéar Cúram Sláinte Pobail (CHO) i mbliana. Tá FSS ag dul i dteagmháil le Soláthraithe Seirbhíse chun na seirbhísí seo a fhorbairt i ngach CHO agus tá súil aici a bheith in ann suíomh na n-áiseanna eile a dhearbhú sna míonna amach romhainn. Tá súil agam go gcuirfidh an maoiniú seo ar chumas leanaí agus daoine fásta faoi mhíchumas agus a dteaghlaigh rochtain a fháil ar an tacaíocht ríthábhachtach seo.

“Táim ag tnúth le gach seirbhís atá á feidhmiú á fhorbairt i rith na bliana seo. Tuigim go maith an brú atá ar theaghlaigh a mbíonn brú ollmhór orthu go minic leanúint ar aghaidh. Sin é an fáth gur dhaingnigh mé €5m breise i mBuiséad 2021 chun soláthar faoisimh do dhaoine faoi mhíchumas agus a dteaghlaigh a fheabhsú go sonrach.

“Creidim i ndáiríre go bhfuil ról lárnach ag faoisimh i soláthar níos leithne seirbhísí míchumais agus is réimse é a bhfuil fonn orm a fhorbairt. Is féidir leis na seirbhísí tacaíochta ar nós Teach Faoisimh Naomh Gaibriéil tionchar dearfach a bheith acu agus tá an faoiseamh a sholáthraíonn siad fíor-thábhachtach do theaghlaigh,” a dúirt an tAire Rabbitte.

CRÍOCH//