Fógraíonn an tAire Stáit le freagracht as Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta comhairliúchán poiblí ar Threoir Dearaidh do Shuíomhanna Cúraim Chónaithe Fhadtéarmaigh do Dhaoine Scothaosta
- Foilsithe: 19 Nollaig 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Tá an Roinn Sláinte i gcomhar le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) agus an tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (HIQA), ag lorg tuairimí ón bpobal ar dhréacht-Treoir Dearaidh do Shuíomhanna Cúraim Chónaithe Fhadtéarmaigh do Dhaoine Scothaosta.
- Cuirfidh an Treoir Dearaidh Nua treoirlínte soiléire, dea-chleachtais ar fáil chun suíomhanna cúraim chónaithe phoiblí, phríobháideacha agus dheonacha a thógáil agus a leathnú do dhaoine aosta
D’fhógair an tAire le freagracht as Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta Mary Butler, comhairliúchán poiblí nua ar Threoir Dearaidh do Shuíomhanna Cúraim Chónaithe Fhadtéarmaigh do Dhaoine Scothaosta (poiblí, príobháideach agus deonach).
Cuirfidh an comhairliúchán poiblíseo ar chumas na Roinne Sláinte na tuairimí atá ag réimse leathan páirtithe leasmhara a chloisteáil agus beidh an t-aiseolas a gheofar mar bhonn eolais don leagan deiridh den treoir dearaidh.
Is é aidhm na treorach seo ná sampla de dhearadh maith tógála a léiriú do shuíomhanna cúraim chónaithe fhadtéarmaigh do dhaoine scothaosta. Tá dearadh, pleanáil agus tógáil atá ar ardchaighdeán ríthábhachtach chun timpeallachtaí sábháilte a chruthú, a chabhraíonn le cúram den scoth a sholáthar, chomh maith le heispéiris agus torthaí dearfacha a bhaint amach. Bainfidh na treoirlínte dearaidh nua seo le suíomhanna cúraim chónaithe fhadtéarmaigh a thógáil, a mhéadú agus a athchóiriú do dhaoine aosta.
Tar éis fhoilsiú den Treoir Dearaidh do Shuíomhanna Cúraim Chónaithe Fhadtéarmaigh do Dhaoine Scothaosta, tacóidh an Príomhchigire laistigh de HIQA leo siúd atá ag iarraidh seirbhísí cúraim cónaithe fadtéarmacha a sholáthar do dhaoine scothaosta trí phróiseas comhairle clárúcháin réamhiarratais a thairiscint roimh iarratas ar chead pleanála ó Údarás Áitiúil.
Dúirt an tAire Butler:
“Tá pobal na hÉireann ag dul in aois go tapa, agus ní mór na torthaí sláinte feabhsaithe agus an t-ionchas saoil méadaithe a baineadh amach le blianta beaga anuas a aithint agus a cheiliúradh.
“Trí chumarsáid a dhéanamh le daoine aosta an tíre seo, léiríodh gur fearr leo dul in aois ina dtithe féin, chomh fada agus is féidir, agus táim tiomanta do thacú leis na mianta agus na roghanna sin agus chun iad a éascú sna blianta amach romhainn.
“Le linn na paindéime COVID-19, tarraingíodh aird freisin ar an ngéarghá atá ann le scrúdú a dhéanamh ar na samhlacha cúraim atá á gcur ar fáil do dhaoine aosta faoi láthair. Is éard a bheidh i gceist leis seo ná athchóiriú gearrthéarmach agus fadtéarmach ar fud an Rialtais agus áireofar leis seo bunú an Choimisiúin um Chúram do Dhaoine Scothaosta, atá le tús a chur lena chuid oibre in 2024".
Lean an tAire Butler ar aghaidh:
“Tá cúram cónaithe fadtéarmach fós ina chuid ríthábhachtach den leanúntas cúraim do dhaoine scothaosta agus tá sé ríthábhachtach go gcabhraíonn an timpeallacht thógtha agus suíomhanna cúraim chónaithe le cúram d’ardchaighdeán a chur ar fáil, chomh maith le heispéiris dhearfacha a chinntiú dár ndaonra aosta.
“Mar sin, táim tiomanta caighdeáin dearaidh nua a chruthú do shuíomhanna cúraim chónaithe fhadtéarmaigh do Dhaoine Scothaosta, lena n-áirítear na hearnálacha poiblí, príobháideacha agus deonacha, a chuirfidh dea-chleachtas i ndearadh in iúl ar fud na hearnála agus a sholáthróidh tagarmharc coiteann ar féidir caighdeáin a thomhas ina leith as seo amach.
“Táim ag tnúth le tuairimí an phobail agus na bpríomhpháirtithe leasmhara, lena n-áirítear Údaráis Áitiúla, a chloisteáil. Tabharfar an t-aiseolas ar fad san áireamh sula mbeidh an treoir dheiridh foilsithe".
Beidh an comhairliúchán á óstáil ar ardán EUSurvey. Is féidir teacht ar na naisc chun páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán ar leathanach an chomhairliúcháin ar Gov.ie, ón lá inniu ar aghaidh, agus dúnfar iad ar an 15 Feabhra 2024.
Nótaí
I mí na Bealtaine 2023, chuir an Roinn Sláinte Grúpa Stiúrtha le chéile chun Treoir Dearaidh do Shuíomhanna Cúraim Chónaithe Fhadtéarmaigh do Dhaoine Scothaosta a fhorbairt agus a fhoilsiú. I measc an Ghrúpa Stiúrtha, tá ionadaithe ón Roinn Sláinte, ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) agus ón Údarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (HIQA).
Tá prionsabail idirnáisiúnta mar bhonn agus mar thaca ag an treoir agus cuirfidh sé in iúl dea-chleachtas i ndearadh do shuíomhanna Cúraim Chónaithe Fhadtéarmaigh do dhaoine scothaosta agus soláthróidh sé tagarmharc coiteann ar féidir caighdeán na suíomhanna seo a thomhas ina leith as seo amach.
Cuirfidh an treoir dearaidh treoir ar fáil dóibh siúd:
- Atá ag dearadh suíomh cúraim chónaithe fhadtéarmaigh nua do dhaoine aosta
- Atá ag leathnú suíomh cúraim chónaithe fhadtéarmaigh atá ann cheana féin a leathnú do dhaoine aosta
- Atá le foirgneamh nach bhfuil cláraithe faoi láthair mar shuíomh cúraim chónaithe a athrú/a oiriúnú (m.sh. óstán)
- Atá chun suíomh cúraim chónaithe fhadtéarmaigh atá ann cheana féin do dhaoine aosta a athchóiriú/a iarfheistiú/a athchóiriú
Mar chuid den phróiseas comhairle clárúcháin réamhiarratais, iarrfaidh an Príomhchigire Seirbhísí Sóisialta ar iarratasóirí pleananna agus faisnéis mhionsonraithe a chur ar fáil ionas gur féidir le cigirí oiriúnacht na bpleananna den iarratasóir a mheas agus féadfaidh siad feabhsuithe a mholadh, nuair is cuí.
Ní chinntíonn tuairimí an Chigire le linn an phróisis comhairle clárúcháin réamhiarratais clárúchán, ach beidh siad in ann iarratasóirí a chur ar an eolas faoi réimsí nach gcomhlíonann na rialacháin, na caighdeáin agus an dea-chleachtas ábhartha (lena n-áirítear an treoir dearaidh).