English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire um Mheabhairshláinte agus Daoine Aosta Mary Butler TD comhairliúchán poiblí nua ar an Acht Meabhair-Shláinte

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 1 Márta 2021
  • An t-eolas is déanaí: 2 Márta 2021

D’fhógair an tAire Stáit um Mheabhairshláinte agus Daoine Aosta, Mary Butler TD, comhairliúchán poiblí nua inniu ar an athbhreithniú leanúnach ar an Acht Meabhair-Shláinte 2001. Tabharfaidh an comhairliúchán poiblí deis do phríomhpháirtithe leasmhara, lena n-áirítear daoine a d’úsáid na seirbhísí meabhairshláinte agus a dteaghlaigh an t-athbhreithniú a chur ar an eolas sula bhfoilseofar an dréachtreachtaíocht chun an tAcht a nuashonrú go hiomlán.

Agus an comhairliúchán poiblí á fhógairt aici dúirt an tAire Butler:

“Tá áthas orm inniu comhairliúchán poiblí nua a fhógairt maidir leis an athbhreithniú leanúnach ar an Acht Meabhair-Shláinte. Tá guth na ndaoine a úsáideann ár seirbhísí meabhairshláinte, agus a dteaghlaigh thar a bheith tábhachtach agus beartais agus reachtaíocht á bhforbairt. Cé go bhfuil an t-athbhreithniú ar an Acht bunaithe ar thuarascáil Ghrúpa Saineolaithe 2015, a chuimsigh comhairliúchán poiblí, agus a bhailigh tacaíocht fhorleathan, tá lúcháir orm a bheith in ann deis eile a thabhairt don phobal a dtuairimí a roinnt."

Ag labhairt di ar fhorbairt na reachtaíochta, dúirt an tAire Butler:

“Tá an t-athbhreithniú ar an Acht, arna stiúradh ag an Roinn Sláinte, ar siúl le roinnt blianta anuas, agus ó rinneadh an chéad leagan de dhréacht-cheannteidil chun an tAcht a leasú i mí Iúil 2019 tá teagmháil fhairsing aige leis an gCoimisiún Meabhair-Shláinte agus FSS. Leagtar amach san Acht cúram agus cóireáil cuid de na daoine is leochailí sa tsochaí. Ina theannta sin, is píosa mór reachtaíochta casta í le níos mó ná 120 alt. Thóg sé tamall a chinntiú go ndearnadh an tAcht agus a athbhreithniú, agus tionchar aon athruithe reachtaíochta ar úsáideoirí seirbhíse, a mheas i gceart agus go hiomlán. B'éigean don athbhreithniú reachtaíocht nua agus reachtaíocht atá ag teacht chun cinn a chur san áireamh chomh maith, lena n-áirítear an tAcht um Chinnteoireacht Chuidithe (Cumas), 2015 agus aon idirspleáchas nó idirghníomhaíochtaí le hAcht 2001. Táimid ag ullmhú reachtaíochta atá dírithe ar an duine agus bunaithe ar chearta an duine maidir le cúram agus cóireáil úsáideoirí na seirbhíse meabhairshláinte."

Ag labhairt di ar thodhchaí an athbhreithnithe, dúirt an tAire Butler:

“Tá an t-athbhreithniú ar an Acht beagnach críochnaithe, agus is é an comhairliúchán poiblí seo an píosa deiridh a theastaíonn chun an t-athbhreithniú a chur ar an eolas. Breithneoidh oifigigh na Roinne gach aighneacht a gheofar ón bpobal agus cuideoidh siad leis an leagan deiridh den reachtaíocht a threorú. Rithfidh an comhairliúchán poiblí i gcomhthreo le hathbhreithniú dlíthiúil ar scéim ghinearálta an bhille, cuid riachtanach den phróiseas reachtach. I ndáiríre, ní chaillfear aon am breise mar gheall ar an gcomhairliúchán seo, rud a thabharfaidh luach suntasach don athbhreithniú, agus cuirfear an reachtaíocht faoi bhráid Thithe an Oireachtais gan mhoill. Táim ag súil go gcuirfear an t-athbhreithniú ar aighneachtaí ón bpobal i gcrích taobh istigh de chúpla seachtain tar éis dheireadh na teorann ama agus go dtabharfar an reachtaíocht chun críche go gairid ina dhiaidh sin. Ansin tabharfaidh mé an reachtaíocht chun an tAcht Meabhair-Shláinte a leasú don Chomh-Aireachta lena cheadú agus oibreoidh mé le mo chomhghleacaithe ar fud an Oireachtais lena chinntiú go rithfear an bille go tráthúil”.

“Táim tiomanta d’athbhreithniú iomlán ar an Acht Meabhair-Shláinte a chinntiú ionas go gcosnófar cearta daoine go hiomlán má fhaigheann agus nuair a fhaigheann siad rochtain ar ghéarchúram meabhair-shláinte d'othair chónaithe”.

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir

Leagtar amach san Acht Meabhair-Shláinte 2001 (an tAcht) cúram agus cóireáil daoine a dteastaíonn cúram meabhairshláinte d’othair chónaithe uathu, le béim ar leith ar nósanna imeachta maidir le coinneáil ainneonach. Foráiltear leis an Acht freisin do Chigire Seirbhísí Meabhairshláinte, cosaintí do chearta daoine atá á gcoinneáil go hainneonach, bunú an Choimisiúin Meabhair-Shláinte mar rialtóir seirbhísí meabhairshláinte agus do bhinsí meabhairshláinte, a dhéanann athbhreithniú ar orduithe coinneála do dhaoine atá á gcoinneáil go hainneonach.

Tháinig Grúpa Saineolaithe le chéile thar thréimhse beagnach dhá bhliain sular foilsíodh tuarascáil in 2015. Bhí comhairliúchán poiblí, saineolas i measc an ghrúpa agus rannpháirtíocht shonrach le páirtithe leasmhara mar bhonn le tuarascáil an Ghrúpa Saineolaithe. Tá 165 moladh sa tuarascáil, agus bhain a bhformhór le hathchóiriú an Achta. Moladh líon beag alt nua a áireamh. Ghlac rialtas na linne leis na moltaí agus i gcinneadh i mí Iúil 2015, d’iarr siad scéim ghinearálta bille a dhréachtú chun an tAcht Meabhair-Sláinte a leasú, ag teacht le moltaí na tuarascála.

Bhí an Roinn Sláinte i gceannas ar an athbhreithniú ar an Acht Meabhair-Shláinte. Rinne an Roinn breithniú domhain ar na 165 moladh i dtuarascáil 2015, ar reachtaíocht Comhaltaí Príobháideacha amhail an tAcht Meabhair-Shláinte (Leasú) 2018, i measc go leor eile, an hAcht um Chinnteoireacht Chuidithe (Cumas) 2015 agus daingniú 2018 ar Choinbhinsiún na NA ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas i gcomhthéacs an Achta Meabhair-Shláinte a athbhreithniú.

I mí Iúil 2019, sheol an Roinn dréacht tosaigh de scéim ghinearálta chuig an gCoimisiún Meabhair-Shláinte chun a dtuairim shaineolach a fháil. Chuir an Coimisiún aighneacht mhionsonraithe ar fáil don Roinn i Márta 2020. Tar éis an scéim ghinearálta a athdhréachtú, lorg an Roinn comhairle FSS, mar phríomhsholáthraí seirbhísí meabhairshláinte sa Stát, i mí Lúnasa 2020. Chuir FSS a aighneacht deiridh ar ais go déanach i mí Feabhra 2021.

Is féidir sonraí faoin bpróiseas aighneachta, lena n-áirítear doiciméad treorach mionsonraithe agus faisnéis phríobháideachta, a fháil

Ba chóir gach ceist a bhaineann leis an gcomhairliúchán poiblí a sheoladh ar r-phost chuig mentalhealthactreview@health.gov.ie.. Dé Céadaoin, an 31 Márta ag 5pm an spriocdháta d'aighneachtaí. Mar gheall ar shrianta ama, ní féidir aighneachtaí a fhaightear tar éis an dáta seo a mheas agus ní féidir síntí a thabhairt.