Fógraíonn na hAirí Shláinte agus an Príomhoifigeach Leighis torthaí Shuirbhé Éire Shláintiúil 2023
- Foilsithe: 22 Samhain 2023
- An t-eolas is déanaí: 15 Aibreán 2025
Sheol an tAire Sláinte Poiblí, Folláine agus na Straitéise Náisiúnta Drugaí, Hildegarde Naughton, T.D., an tAire Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta, Mary Butler, T.D agus an Príomhoifigeach Leighis an tOllamh Breda Smyth, an Suirbhé Éire Shláintiúil, 2023 inniu.
Léiríonn an suirbhé:
- Thuairiscigh 86% go bhfuil a gcáilíocht beatha ‘go maith’ nó ‘an-mhaith’
- Tá laghdú tagtha ar leibhéil tomhaltais alcóil
- Tá méadú tagtha ar úsáid e-toitíní
- Méadú iar-phaindéimeach ar úsáid antaibheathaigh
- Méadú ar úsáid na seirbhíse sláinte
Le tacaíocht ón Roinn Sláinte, cruthaíonn suirbhé bliantúil Ipsos B&A pictiúr cothrom le dáta ar shláinte an náisiúin, ag tuairisciú ar go leor iompraíochtaí stíl mhaireachtála a bhaineann leis an tsláinte. Áiríodh i dtuarascáil 2023 caitheamh tobac, rátaí úsáide alcóil agus drugaí, meabhairshláinte, nascacht shóisialta agus feasacht ar fhéinmharú, sláinte ghinearálta, feasacht antaibheathach agus úsáid na seirbhíse sláinte. Bailíodh sonraí idir Deireadh Fómhair 2022 agus Aibreán 2023.
Fuair an suirbhé amach go bhfuil an leitheadúlacht caitheamh tobac cobhsaí, mar an gcéanna a tuairiscíodh i 2021 - 2022. Tá 18% de na daoine ag caitheamh tobac faoi láthair, 14% ag caitheamh tobac go laethúil agus 4% ag caitheamh tobac ó am go chéile. Is laghdú suntasach é seo ó 2015, nuair a chaith 23% tobac. Úsáideann 8% den daonra e-toitíní anois. Cé gur féidir le r-toitíní a bheith ina gcabhair luachmhar chun scoir do dhaoine a chaitheann tobac, tá rátaí úsáide ardaithe ó 6% anuraidh agus is airde iad i measc daoine idir 15-24 bliana d’aois (úsáidte ag 20% de mhná agus 16% d’fhir san aoisghrúpa seo).
Is é 70% an céatadán den daonra a d’ól alcóil sna 12 mhí roimhe sin, laghdú ar an 75% a tuairiscíodh in 2018. Meastar go ndéanann beagnach an ceathrú cuid (24%) den daonra ragús óil (ag ól sé dheoch chaighdeánacha nó níos mó ar ghnáthócáid óil). Arís, tá an ráta seo níos ísle fós ná mar a bhí in 2018 (27%).
Don chéad uair, d’iarr an Suirbhé Éire Shláintiúil ar fhreagróirí a bheith rannpháirteach i modúl maidir le húsáid drugaí. Thuairiscigh 30% úsáid drugaí feadh an tsaoil, thuairiscigh 6% úsáid drugaí le 30 lá roimhe sin, 5% le bliain anuas (níos mó ná 30 lá ó shin). Ba é an druga mídhleathach is forleithne le bliain anuas ná cannabas, a d’úsáid 6% den daonra. Bhí sé seo trí huaire níos airde ná leibhéal úsáide an chócaoin, an chéad druga eile is coitianta.
Dúirt an tAire Naughton:
“Tá lúcháir orm an deis seo a bheith agam Suirbhé Bliantúil Éire Shláintiúil 2023 a sheoladh, atá príomhfhoinse faisnéise ar cé chomh maith agus atáimid ag tacú le sláinte agus folláine in Éirinn. Is féidir leis na sonraí a thaispeáint dúinn cá bhfuil rudaí ag oibriú go maith, ach freisin rioscaí a aithint agus cásanna ina bhféadfadh gá a bheith le tionscnaimh bhreise. Is rud ríthábhachtach é, don chéad uair riamh, gur cuireadh ceist sa suirbhé faoi úsáid drugaí. Tá an t-aiseolas ón bhfreagra maidir le húsáid drugaí aindleathacha agus drugaí ar oideas thar a bheith tráthúil i bhfianaise na tuarascála atá le teacht ar Chomhthionól na Saoránach ar Úsáid Drugaí agus an breithniú a dhéanfaidh an tOireachtas agus an Rialtas ina dhiaidh sin uirthi.”
Fuarthas amach i Suirbhé 2023 go thuairiscigh 86% go raibh a gcáilíocht beatha ‘go maith’ nó ‘an-mhaith’, agus gan ach 5% ag rá go bhfuil a gcáilíocht beatha ‘dona’ nó ‘an-dona’. Is é meánscór Innéacs Fuinnimh agus Beogacht 2023 (EVI), le scóir níos airde a léiríonn meabhairshláinte dhearfach, ná 65.3. Tá sé seo méadaithe ó 62.4 in 2021 ach tá sé fós faoi na leibhéil a tomhaiseadh in 2016 (67.8). Os a choinne sin, is é an meánscór Innéacs Meabhair-Shláinte (MHI-5) in 2023 (mar a léiríonn scóir níos ísle drochshláinte mheabhrach) ná 78.2, feabhas ar 76.0 in 2021, ach níos airde ná an tomhas réamhphaindéimeach de 81.2 in 2016.
Deir níos mó ná aon trian (35%) go mbraitheann siad níos nasctha go sóisialta ó 2021, le 22% ag rá go raibh níos lú nasc sóisialta acu agus thuairiscigh 43% nach raibh aon athrú orthu.
Tá aithne ag 69% de na freagróirí ar dhuine a fuair bás trí fhéinmharú, agus thuairiscigh 15% de na freagróirí go bhfuair duine gar dóibh bás ar an mbealach seo. Ba chóir a thabhairt faoi deara nár chomhlíon ach 28% de fhreagróirí an tsuirbhé na ceisteanna ar fhéinmharú. Léiríonn sé seo claonadh freagartha toisc go mb’fhéidir gur mó an seans go n-aontódh na daoine sin a bhfuil baint láidir acu le féinmharú páirt a ghlacadh sa mhodúl seo.
Dúirt an tAire Butler:
.“Tá áthas orm feabhsuithe a fheiceáil ar mheabhairshláinte agus ar nascacht shóisialta ó 2021, nuair a bhí srianta ardleibhéil i bhfeidhm. Mar sin féin, níl folláine mheabhrach ar ais go dtí an áit a raibh sé roimh an bpaindéim COVID-19 agus teastaíonn fócas leanúnach air seo. Táimid ag cur tacaíochtaí ar fáil tríd an bhFís a Chomhroinnt, agus tá Plean um Chothú na Meabhairshláinte á dhréachtú againn. Mar gheall ar na tionchair dhiúltacha a bhíonn ag an uaigneas ar shláinte mheabhrach agus fhisiciúil, tá oideas sóisialta agus tacaíochtaí eile á leathnú againn. Táimid ag cur béime freisin ar an tábhacht a bhaineann le naisc shóisialta do dhaoine scothaosta trínár bhfeachtas Hello World”.
Maidir le húsáid na seirbhíse sláinte, thuairiscigh 76% gur thug siad cuairt ar dhochtúir teaghlaigh le 12 mhí roimhe sin, le meán de 4.0 cuairt an duine. D’fhreastail 55% de leanaí ar dhochtúir teaghlaigh le 12 mhí anuas agus 2.4 cuairt ar an meán in aghaidh an linbh. Bhí líon na gcuairteanna ó leanaí níos ísle ná mar a bhí in 2019, nuair a thug 58% de leanaí cuairt ar dhochtúir teaghlaigh le 12 mhí roimhe sin, le meán de 3.4 cuairt in aghaidh an linbh.
Maidir le húsáid ghéarsheirbhíse le 12 mhí anuas, thug 16% cuairt ar roinn éigeandála (ED), thug 4% cuairt ar aonad mionghortaithe (MIU), agus thug 9% cuairt ar sheirbhís DG taobh amuigh d'uaireanta gnó. Thug 36% cuairt ar chomhairleoir, glacadh 16% isteach san ospidéal mar othar lae agus glacadh 12% isteach ar feadh tréimhse níos faide. Bhí comhréir na ndaoine a d’úsáid EDanna, MIUanna agus seirbhísí DG taobh amuigh d'uaireanta gnó cosúil le chéile agus i gcásanna áirithe, beagán níos airde ná mar a tomhasadh roimhe seo.
Ba chóir a thabhairt faoi deara gur staidéar ionadaíoch é an Suirbhé ar Éire Shláintiúil - cé go bhféadfadh nach bhfuil mórán athraithe tagtha ar chomhréireanna gach aoisghrúpa a úsáideann ár seirbhísí sláinte príomhúla agus géarchúraim, tá méadú ar líon foriomlán an daonra agus ar chomhréir na ndaoine scothaosta araon (mar a tuairiscíodh i Daonáireamh 2022), go bhfuil méadú tagtha ar líon iomlán na gcoinní, na bhfreastal agus na n-iontrálacha agus go bhfuil an brú ar an gcóras cúram sláinte ag ardú.
Thuairiscigh 41% den daonra gur ghlac siad antaibheathach le 12 mhí anuas, i bhfad níos airde ná an 27% a tuairiscíodh le linn na paindéime in 2021, agus 2% níos airde ná an céatadán in 2017. D'aontaigh 78% i gceart go maraíonn antaibheathaigh baictéir agus thuig 59% nach maraíonn antaibheathaigh víris.
Dúirt an Príomhoifigeach Leighis, an tOllamh Breda Smyth:
“Is drugaí ríthábhachtacha iad cógais ar nós antaibheathaigh a úsáidtear chun ionfhabhtuithe a chóireáil agus chun daoine a shábháil, a chabhraíonn le daoine a chosaint ó ionfhabhtuithe agus iad ag dul i mbun obráide, ag breith agus ag fáil cóireála do ghalair lena n-áirítear ailse. Is féidir linn go léir cabhrú le frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbaigh a laghdú trí bheith feasach ar úsáid cheart antaibheathach agus gan na cógais seo a úsáid ach amháin nuair a bhíonn géarghá leo. Tá níochán agus sláintíocht láimhe ríthábhachtach freisin chun scaipeadh an ionfhabhtaithe a laghdú.”
Dúirt an tOllamh Smyth:
“Tá roinnt treochtaí spreagúla feicthe againn i Suirbhé 2023, rud a léiríonn roinnt feabhsuithe ar shláinte an daonra agus ar roinnt príomhfhachtóirí riosca maidir le stíl mhaireachtála amhail caitheamh alcóil. Athdhearbhaíonn na figiúirí seo an gá atá le tionscnaimh láidre a thacaíonn linn go léir saol níos sona agus níos sláintiúla a chaitheamh, amhail an tAcht Sláinte Poiblí (Alcól), 2018 agus an Bille um Shláinte Phoiblí (Táirgí Tobac & Táirgí Ionanálú Nicitín) atá le teacht.
“Tá sé suntasach go bhfuil ár seirbhís sláinte ag obair níos déine ná riamh chun freastal ar riachtanais dhaonra atá ag méadú, ag cur tacaíochtaí ar fáil a fheabhsaíonn rochtain ar chúram sláinte inacmhainne lena n-áirítear frithghiniúint saor in aisce agus leathnú ar chártaí cuairte DG.”
Nótaí don eagarthóir:
Is é seo an t-ochtú sraith torthaí ón Suirbhé Éire Shláintiúil agus cuireann sé leis na sonraí a bailíodh sna suirbhéanna roimhe seo a foilsíodh ó 2015 - 2022.
Cuireadh agallamh ar shampla ionadaíoch de 7,411 duine 15 bliana d’aois agus níos sine a bhfuil cónaí orthu in Éirinn idir Deireadh Fómhair 2022 agus Aibreán 2023.
Chuir an suirbhé ceist ar fhreagróirí faoi na rudaí seo a leanas:
- Sláinte Ghinearálta
- Caitheamh tobac
- Tomhaltas Alcóil
- Feasacht Alcóil
- Úsáid na Seirbhíse Sláinte
- Folláine Mheabhrach agus Nascacht Shóisialta
- Feasacht Antaibheathach
- Leitheadúlacht drugaí
- Feasacht i leith Féinmharú
Úsáidtear na sonraí ó Shuirbhéanna Éire Shláintiúil chun tacú le forbairt agus le cur i bhfeidhm beartais, chun monatóireacht, tomhas agus meastóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn maidir le gnéithe éagsúla den Chreat Éire Shláintiúil a chur i bhfeidhm, chomh maith le go leor oibleagáidí tuairiscithe idirnáisiúnta a chomhlíonadh, lena n-áirítear don an Eagraíocht um Chomhar Eacnamaíochta, an tAontas Eorpach agus an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte.
Tabhair cuairt ar gov.ie/en/policy-information/706608-healthy-ireland-policies/#the-healthy-ireland-survey
Tá tuarascáil Shuirbhé Éire Shláintiúil 2023 agus achoimre ar na torthaí ar fáil ag Item was unpublished or removed