Fógraíonn na hAirí Sláinte buiséad do sholáthar seirbhísí sláinte in 2024
- Foilsithe: 11 Deireadh Fómhair 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fhógair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly, an tAire Sláinte Poiblí, Folláine agus na Straitéise Náisiúnta Drugaí, Hildegarde Naughton agus an tAire Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta, Mary Butler, buiséad sláinte €22.5 billiún inniu a éascóidh seachadadh leanúnach agus leathnú ar sheirbhísí cúram sláinte ardchaighdeáin inacmhainne.
Áiríonn an leithdháileadh suntasach Ciste Athléimneachta Sláinte a thacóidh le seachadadh seirbhíse mar fhreagra ar bhoilsciú ard agus éileamh méadaithe othar i measc daonra atá ag dul i méid agus ag dul in aois.
Soláthróidh Buiséad 2024:
- €500 milliún chun dul i ngleic le liostaí feithimh, lena n-áirítear oscailt, agus soláthar foirne, sé mhol máinliachta nua.
- Méadú ar an Scéim frithghiniúna saor in aisce, chun mná idir 17 – 31 bliain d’aois a chuimsiú.
- Maoiniú méadaithe do mheabhairshláinte trí fhoireann na Seirbhíse Meabhairshláinte Leanaí agus Ógánach (CAMHS) a chomhlánú.
- Maoiniú méadaithe do shláinte dhigiteach.
- An chéad chlár bliana iomlán de sheirbhísí atá maoinithe go poiblí um Atáirgeadh Daonna Cuidithe lena n-áirítear toirchiú in vitro (IVF).
- Pacáiste de bhearta borrtha €36.3 milliún chun freagairt do thréimhsí éilimh ardaithe ar fud na seirbhísí géarchúraim agus pobail.
Ag fógairt na mbeart, dúirt an tAire Donnelly:
“Caithfidh othair a bheith i gcroílár an tsoláthair cúram sláinte i gcónaí, agus táim diongbháilte go leanfaidh maoiniú ó Bhuiséad 2024 le hinfheistíocht spriocdhírithe a sholáthar a sholáthraíonn an cúram ceart d’othair san áit cheart agus ag an am ceart.
“Ceadaíonn sé dúinn tógáil ar an dul chun cinn a rinneadh le trí bliana anuas, rud a d’fhág laghdú suntasach ar chostais agus ar acmhainn mhéadaithe inár seirbhís cúram sláinte. Tá níos mó ná 22,000 ball foirne sláinte agus cúraim shóisialta agus níos mó ná 1,000 leaba buan curtha ar fáil ón infheistíocht is mó riamh ó 2020 i leith.
“Tá roinnt tionscnamh curtha i bhfeidhm againn a chuireann deireadh le costas mar bhacainn ar chúram sláinte lena n-áirítear deireadh a chur le gach táille othar cónaitheach ospidéil phoiblí, incháilitheacht do chártaí cuairte liachleachtóir ginearálta a leathnú, laghdú ar thairseach mhíosúil na Scéime Íocaíochta Drugaí agus tabhairt isteach na scéime frithghiniúna saor in aisce. Tá áthas orm a dheimhniú nach rachaidh aon duine in aois as an scéim seo mar go bhfuil an teorainn aoise á síneadh ó 30 go 31 anois.
“Ní mór dúinn leanúint ar aghaidh, áfach. Léiríonn buiséad Sláinte 2024 ár ndaonra atá ag méadú agus ag dul in aois agus an tionchar méadaithe atá aige seo ar acmhainní cúram sláinte.
“Ceadóidh sé dúinn ár n-acmhainn a mhéadú tuilleadh, lena n-áirítear sé mhol máinliachta nua a oscailt agus a sholáthar mar chuid de phacáiste flaithiúil chun dul i ngleic le liostaí feithimh. Tá €36.3 milliún á leithdháileadh agam freisin ar phacáiste bearta borrtha lena chinntiú gur féidir lenár seirbhís sláinte freagairt d’amanna ina bhfuil éileamh méadaithe ar chúram práinneach agus éigeandála.
“Agus muid ag bogadh i dtreo réigiúnú ár seirbhíse sláinte, is é an tosaíocht atá agam ná a chinntiú go leanfaimid ag freagairt do riachtanais sláinte ár ndaonra, trí sheirbhís ardchaighdeáin, chothrom a sholáthar do chách.”
I mBuiséad 2024 freisin tá roinnt beart cur chun cinn agus coiscthe sláinte trí Éire Shláintiúil chomh maith le maoiniú chun an Straitéis Náisiúnta Drugaí a chur i bhfeidhm go leanúnach.
Dúirt an tAire Naughton:
“Braitheann sláinte an daonra ní hamháin ar sholáthar cúram sláinte ardchaighdeáin, ach freisin ar chur chun cinn stíleanna maireachtála sláintiúla a chuidíonn lenár bhfolláine a uasmhéadú. Is príomhfheithicil chun é seo a bhaint amach ná ár gClár Éire Shláintiúil. B’ionann ár mbuiséad don chiste in 2023 agus díreach os cionn €14 milliún, agus tá lúcháir orm a fhógairt inniu go bhfuil €2.3 milliún breise faighte agam do 2024, rud a thugann an t-iomlán go dtí thart ar €16.5 milliún. Léiríonn sé seo méadú de 16%.
“Ar leithligh, tá áthas ar leith orm a fhógairt go bhfuil maoiniú faighte agam chun cosáin siúil nua a fhorbairt i bpobail, ag cur leis an rath a bhí ar thionscnamh Ranna Siúlóide CLG a d’fhógair mé níos luaithe i mbliana. Tá maoiniú faighte agam freisin chun áiseanna a fhorbairt chun tacú le snámh amuigh faoin aer. Cuirfear thart ar €1 milliún ar fáil do na tionscnaimh seo.”
Lean an tAire Naughton ar aghaidh:
“Ó ceapadh mé sa Roinn Sláinte níl ach naoi mí ó shin, bhuail mé le daoine a úsáideann drugaí, cuid acu atá ag maireachtáil leis an andúil, a muintir, a ngaolta agus grúpaí sainleasa ar fud na tíre. Príomhtheachtaireacht amháin atá faighte agam ná go gcaithfimid athrú a dhéanamh ar an gcaoi a smaoinímid agus a théann i ngleic le mí-úsáid drugaí agus andúile anseo in Éirinn.
I mbliana chinntigh mé cheana féin gur tháinig méadú €3.5 milliún ar bhunmhaoiniú dár dTascfhórsaí Drugaí agus Alcóil agus d'eagraíochtaí Alt 39. Ina theannta sin, chuir mé €1.5 milliún ar fáil don chéad uair riamh i gcomhair clár feasachta ar dhrugaí agus ar alcól. Tá oideachas coisctheach ríthábhachtach inár gcomhrac in aghaidh mhí-úsáid drugaí in Éirinn.
“Do 2024, cuirfimid seirbhísí nuálach ar fáil nár soláthraíodh riamh cheana. Áirítear leo moil Dédhiagnóis a thacóidh le téarnamh daoine óga a bhfuil spleáchas ar dhrugaí agus fadhbanna meabhairshláinte orthu, agus maoiniú tiomnaithe do sheirbhísí do dhaoine atá ar an mbóthar chuig téarnamh ó andúil i ndrugaí agus san alcól, chun tacú lena lánpháirtiú sa ghnáthshaol trí thithíocht, fostaíocht, oideachas agus tacaíochtaí eile.
“Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara gur tháinig méadú beagnach €10 milliún ar mhaoiniú dár dTascfhórsaí Drugaí agus Alcóil le dhá bhliain anuas. Tá fonn orm go leanfaimid ag tógáil air seo chun a chinntiú go dtacaítear leis an gcúram iontach a chuirtear ar fáil laistigh den phobal. In iomlán an bhliain seo chugainn déanfaidh an Stát breis is €145 milliún a infheistiú ar sheirbhísí andúile drugaí agus alcóil.”
Méadófar caiteachas ar Mheabhairshláinte go beagnach €1.3 billiún i mBuiséad Sláinte 2024. Is í seo an ceathrú bliain as a chéile ar cuireadh méadú ar fáil chun tacú le seirbhísí meabhairshláinte, agus leagann sé béim i ndáiríre ar an tábhacht a chuireann an Rialtas seo ar mheabhairshláinte na ndaoine a chónaíonn in Éirinn.
Dúirt an tAire Butler:
“Is céim chun cinn é an maoiniú meabhairshláinte atá faighte agam inniu maidir le dul i ngleic le meabhairshláinte na n-óg agus le rolladh amach leanúnach Sharing the Vision, ár mbeartas náisiúnta meabhairshláinte.
“Tá buiséad meabhairshláinte na bliana seo dírithe go príomha ar thacaíochtaí atá ar fáil do dhaoine óga a fheabhsú, rochtain níos fearr agus laghdú ar liostaí feithimh do sheirbhísí. Leanaim ag obair go dlúth leis an Oifig Meabhairshláinte don Óige nua san FSS.”
Maidir le Buiséad do Dhaoine Scothaosta 2024, tá €2.621 billiún san iomlán faighte, lena n-áirítear méaduithe ar thithe altranais, ar sheirbhísí Béilí ar Rothaí agus ar chlubanna gníomhaíochta deireadh seachtaine do dhaoine a bhfuil néaltrú a thosaíonn luath orthu.
Dúirt an tAire Butler chomh maith:
“Is é Buiséad 2024 an leithdháileadh is mó riamh do sheirbhísí do dhaoine scothaosta. Táim thar a bheith bródúil go bhfuil an t-ionchas saoil is airde againn san AE, mar a chinneann an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte. Leanadh den infheistíocht i gCúram Lae, Béilí ar Rothaí, tacaíochtaí néaltraithe, tacaíocht baile agus cúram teach altranais sa Bhuiséad seo. In 2024 táimid ag súil le 22 milliún uair de thacaíocht baile a sholáthar. Tá sé seo níos mó ná mar a seachadadh riamh.”