English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn na hAirí Sláinte bunú Grúpa Stiúrtha chun scrúdú a dhéanamh ar roghanna beartais chun iontógáil d’aigéad fólach a mhéadú

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 29 Meán Fómhair 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

D'fhógair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly agus an tAire Stáit atá freagrach as Sláinte Phoiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Drugaí, Colm Burke inniu gur bunaíodh Grúpa Stiúrtha chun scrúdú a dhéanamh ar roghanna beartais chun iontógáil d’aigéad fólach a mhéadú, rud a d'fhéadfadh cosc a chur ar go leor cásanna de Fhabhtanna Néarfheadáin (NTDanna) in Éirinn. Cuirfidh an Grúpa leis na moltaí ó Thuarascáil um Fhorlíonadh d’Aigéad Fólach de chuid na Roinne Sláinte ó 2019.

Tarlaíonn NTDanna nuair nach bhforbraíonn corda an dromlaigh i gceart le linn toirchis luath. Is féidir le NTDanna, lena n-áirítear Spina Bifida, a bheith ina chúis le míchumas ar feadh an tsaoil, riocht a thagann chun cinn le thart ar 1 as 1000 breith ar fud an domhain. Tá rátaí na dteagmhas de níos airde ná an meán in Éirinn i gcomparáid leis an gcuid eile den AE.

Scrúdóidh an Grúpa na roghanna go léir atá ar fáil chun a chinntiú go mbeidh méadú ar iontógáil d’aigéad fólach i measc na mban a d'fhéadfadh a bheith torrach amach anseo, sula gcuirfear moltaí faoi bhráid an Aire Sláinte. Meastar go dtógfaidh obair an Ghrúpa Stiúrtha dhá bhliain.

Beidh Leas-Rúnaí na Roinne Sláinte, Greg Dempsey ina chathaoirleach ar an nGrúpa Stiúrtha agus beidh an Príomhoifigeach Leighis, an tOllamh Mary Horgan, Comhairleoirí FSS, saineolaithe cothaithe agus ionadaithe abhcóideachta othar i measc na mball.

Dúirt an tAire Donnelly:

"Bíonn tionchar mór ag Fabhtanna Néarfheadáin, ar nós Spina Bifida, ar othair, ar a dteaghlaigh agus ar na seirbhísí sláinte. Tá dúshláin shuntasacha le sárú ag daoine a mhaireann le NTDanna, go háirithe maidir lena dtionchair ar shláinte agus ar mhíchumas, cuimsiú sóisialta agus cáilíocht na beatha.

“Cuirfidh obair an tascfhórsa seo le moltaí Choiste um Fhorlíonadh d’Aigéad Fólach 2019.

“Trí iontógáil bianna atá treisithe le haigéad fólach a mhéadú agus forlíonadh a spreagadh, is féidir linn a chinntiú go ndéanfaimid go leor cásanna de NTDanna a sheachaint amach anseo."

Dúirt an tAire Burke:

“Léiríonn taighde go soiléir go gcuirfidh iontógáil d’aigéad fólach cosc ar go leor cásanna de NTDanna. Breathnóidh an Grúpa Stiúrtha seo ar gach modh atá ar fáil chun an sprioc a bhaint amach maidir le hiontógáil d’aigéad fólach a mhéadú. Trí chur chuige iomlánaíoch a ghlacadh i leith an ábhair agus roghanna éagsúla a scrúdú, mar shampla forlíontaí fóirdheonaithe, bia treisithe agus frithghiniúintí treisithe, beidh an Grúpa in ann an cur chuige is oiriúnaí agus is éifeachtaí a mholadh chun aghaidh a thabhairt ar an gceist thábhachtach seo."

Bunófar Sainphainéal Comhairleach, faoi chathaoirleacht an Ollaimh Michael Turner, chun comhairle a chur ar an nGrúpa Stiúrtha. Forbraíodh Tuarascáil d’Aigéad Fólach na Roinne Sláinte 2019 faoi cheannaireacht an Ollaimh Turner agus mar gheall ar a thiomantas agus a shaineolas maidir le cosc NTD agus le forlíonadh d’aigéad fólach, is iarrthóir idéalach é don ról tábhachtach seo.


Nótaí:

  • Léirigh taighde gur féidir suas le dhá thrian de NTDanna a chosc tríd an vitimín uiscethuaslagtha "aigéad fólach" a ithe roimh agus le linn na gcéimeanna luatha de thoircheas.
  • Tá sé cruthaithe anois freisin nach féidir le mná a dhóthain aigéid fhólach a fháil trí bhia amháin, agus mar sin, tá gá le bianna treisithe agus forlíontaí d’aigéad fólach chun cabhrú leis na leibhéil riachtanacha seo a bhaint amach.
  • Ós rud é go bhfuil 40% de thoirchis neamhphleanáilte in Éirinn, agus nach nglacann ach 57% de mhná forlíonadh d’aigéad fólach sula n-éiríonn siad torrach, tá tábhacht mhór leis an obair a dhéanfaidh an Grúpa Stiúrtha seo.