English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn na hAirí Sláinte ceapachán de Chathaoirleach ar Choimisiún um Chúram

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 14 Nollaig 2023
  • An t-eolas is déanaí: 15 Nollaig 2023

Ceapadh an tOllamh Alan Barrett, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin den Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta, mar Chathaoirleach an Choimisiúin um Chúram do Dhaoine Scothaosta

Inniu, d’fhógair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly agus an tAire Stáit le freagracht as Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta, Mary Butler an ceapachán den Ollamh Alan Barrett, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin san ITES, mar Chathaoirleach ar an gCoimisiún um Chúram do Dhaoine Scothaosta.

Tá an Coimisiún neamhspleách le bunú go foirmiúil go luath i 2024. Scrúdóidh sé soláthar seirbhísí agus cúraim shóisialta agus tacaíochtaí sláinte do dhaoine scothaosta, chomh maith le moltaí a dhéanamh don Rialtas maidir lena bhforbairt straitéiseach. Ina dhiaidh sin, bunófar grúpa tras-rannach faoi choimirce an Choimisiúin chun a mheas an bhfuil na tacaíochtaí don aosú dearfach ar feadh a shaolré oiriúnach don fheidhm trasna Ranna Rialtais. Cuirfear plean cur chun feidhme costáilte le chéile le haghaidh roghanna chun na tacaíochtaí sin a bharrfheabhsú.

Dúirt an tAire Donnelly:

"Tá an-áthas orm an ceapachán den Ollamh Alan Barrett mar Chathaoirleach ar an gCoimisiún um Chúram do Dhaoine Scothaosta a fhógairt. Mar dhuine de na heacnamaithe is mó le rá in Éirinn atá tar éis a bheith ina Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin san ITES ó 2015, tá réimse leathan de thaithí agus de shaineolas ag Alan don ról seo.

Agus í ag cur fáilte roimh an gceapachán, dúirt an tAire Butler:

"Tá an t-ionchas saoil is airde san AE ag Éirinn anois, gné atá léirithe ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte. Tugadh aitheantas foirmiúil dúinn freisin mar an chéad tír Aoisbháúil ar domhan. Is éachtaí iontacha iad seo – agus caithfear iad a cheiliúradh.

"Tá a fhios againn go bhfuil daonra atá ag dul in aois go tapa in Éirinn, agus is é tosaíocht an Rialtais tacú le daoine dul in aois ina mbailte agus ina bpobail féin chomh fada agus is féidir.

"Léiríonn an ceapachán den Ollamh Alan Barrett don ról de Chathaoirleach ar an gCoimisiún um Chúram do Dhaoine Scothaosta garsprioc ar leith maidir le cruthú an choimisiúin. Soláthróidh an tOllamh Barrett saineolas ar eacnamaíocht agus aosú daonra, agus beartas poiblí. Faoina cheannasaíocht, táim muiníneach go scrúdóidh an coimisiún na seirbhísí sláinte agus cúram sóisialta atá ar fáil do daoine scothaosta ar bhonn atá cuimsitheach, géarchúiseach agus neamhspleách. Breathnóidh sé fosta ar na seirbhísí a sholáthraítear maidir le haosú dearfach ar feadh na saolré ag an Rialtas. Le chéile, buntacóidh siad siúd leis an bhforbairt de chreat straitéiseach atá fianaisebhunaithe chun na seirbhísí poiblí rí-thábhachtacha seo a bharrfheabhsú agus a chinntiú go seasfaidh siad an aimsir do dhaonra aosaithe na hÉireann.

"Tabharfaidh obair thábhachtach an Choimisiúin sonraí agus léargas luachmhar dúinn ar conas is féidir linn leanúint ar aghaidh ag cinntiú gur féidir le daoine dul in aois go folláin in Éirinn. Beidh guth agus taithí saoil daoine aosta lárnach in obair an Choimisiúin.”


Nótaí

  • agus an tionchar diúltach díréireach atá ag an bpaindéim ar dhaoine scothaosta á admháil, tá gealltanas sa Chlár don Rialtas: Ár dTodhchaí Roinnte (2020) go mbunófar ‘coimisiún chun cúram agus tacaíochtaí do dhaoine scothaosta a scrúdú’.
  • ar an 3ú Deireadh Fómhar 2023, d'fhaomh an Rialtas an moladh, a thug an tAire Sláinte agus an tAire Stáit le freagracht as Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta chun cinn, chun Coimisiún um Chúram do Dhaoine Scothaosta a bhunú.
  • beidh an Coimisiún um Chúram do Dhaoine Scothaosta ina choimisiún neamhspleách, agus tacóidh rúnaíocht ón Roinn Sláinte lena chuid oibre.
  • bunófar an Coimisiún go foirmiúil go luath i 2024.