Fógraíonn na hAirí Sláinte faomhadh an Rialtais chun aois díola tobac a ardú go 21
- Foilsithe: 14 Bealtaine 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D'fhógair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, agus an tAire Sláinte Poiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Drugaí Colm Burke TD, go bhfuil togra ceadaithe ag an gComh-aireacht le haghaidh reachtaíochta a ardóidh aois díola tobac go 21.
Beidh Éire ar an gcéad tír san AE a thabharfaidh an beart seo isteach, ag leanúint lenár dtraidisiún ceannaireachta maidir le dul i ngleic le rátaí caitheamh tobac, a thosaigh leis an gcosc ar chaitheamh tobac faoi dhíon in 2004.
Tá an togra ceaptha chun dlús a chur leis an sprioc de ráta caitheamh tobac i measc daoine fásta in Éirinn a laghdú chuig níos lú ná 5% den daonra, i gcomhréir le beartas an Rialtais. Faoi láthair, caitheann 18% den daonra atá os cionn 15 bliana d'aois tobac. Tugann réamhchomhairle dlí le fios nach féidir le hÉirinn tabhairt faoin mbeartas 'glúin saor ó thobac' mar a moladh i ndlínsí eile mar gheall ar rialacha an AE maidir leis an Margadh Aonair agus an Treoir maidir le Táirgí Tobac.
Maraíonn caitheamh tobac agus toit thánaisteach thart ar 4,500 duine in aghaidh na bliana in Éirinn, agus is cúis le raon ollmhór tinneas inchoiscthe é lena n-áirítear cineálacha ailsí, galair chardashoithíocha agus galair riospráide.
Léiríonn fianaise go bhfuil baol mór ann go dtosaíonn daoine le caitheamh tobac idir 18 agus 21 bliain d'aois. Má ardaítear an íosaois ceannaigh beidh sé níos deacra do dhaoine óga rochtain a bheith acu ar tháirgí tobac trí cheannacháin dhíreacha agus indíreacha, chomh maith le foinsí sóisialta agus is dócha go dtiocfaidh laghdú ar líon na ndaoine a thosaíonn ag caitheamh tobac.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Is beart nua crua é seo, ach tá tionchar ollmhór ag caitheamh tobac ar shláinte agus bíonn bearta chrua ag teastáil dá bharr. Táim meáite ar reachtaíocht a chur chun cinn a chosnóidh leanaí agus daoine óga ón táirge marfach seo agus sábhálfar beatha daoine ar deireadh thiar.
"Táim muiníneach go gcabhróidh an beart seo le daoine óga chun andúil agus tinnis ó chaitheamh tobac a sheachaint. Léiríonn anailís ó Institiúid Leighis na Stát Aontaithe go mbeidh teorainn curtha le foinsí sóisialta toitíní dár leanaí agus do dhaoine óga faoi bhun 18 mbliana d'aois trí aois an díola a mhéadú go 21, mar gur lú an seans go mbeidh siad i ngrúpaí sóisialta le daoine ar féidir leo toitíní a cheannach go dleathach."
Dúirt an tAire Burke:
“Is é caitheamh tobac an fachtóir riosca is mó a bhíonn mar chúis le míchumas agus bás araon inár dtír agus tá ionchas saoil an duine a chaitheann tobac 10 mbliana níos giorra ar an meán ná ionchas saoil duine nár chaith tobac riamh.
"Mar Aire atá freagrach as Sláinte Phoiblí, táim tiomanta do thionscnaimh a chur chun cinn a chosnaíonn ár ndaonra. Is gníomh suntasach é íosaois díola tobac a ardú a chabhróidh le 'glúin saor ó thobac' a chruthú agus na dochair sláinte a bhaineann leis an iompar seo a laghdú.
"Táim ag súil le bheith ag obair in éineacht leis an Aire Sláinte chun an beart tarrthála seo a thabhairt isteach."
Dúirt an Príomhoifigeach Leighis an tOllamh Breda Smyth:
“Tá caitheamh tobac mar chúis le 13% de na hailsí go léir agus tá tionchar aige ar go leor tinnis inchoiscthe lena n-áirítear galair riospráide agus chardashoithíocha, galair súl, diaibéiteas agus airtríteas réamatóideach.
"Tá sé freagrach freisin as 5% d'othair chónaitheacha ospidéil, agus meastar gur €10.6 billiún in aghaidh na bliana an caillteanas airgid de bharr caitheamh tobac.
"Tá ár rátaí caitheamh tobac fós ró-ard, mar sin tá áthas orm go bhfuil beart láidir cosanta daonra á chur chun cinn againn a chabhróidh linn Éire saor ó thobac a bhaint amach."
Dúirt an tAire Ossian Smyth:
“Is díol sásaimh é seo don Rialtas seo a bheith mar cheannródaí san Eoraip arís maidir le hathruithe a chur i bhfeidhm a chinnteoidh go mbeidh níos lú daoine óga in ann teacht ar tháirgí tobac agus a bheith tugtha dóibh. Táim ag súil go mór leis an reachtaíocht seo a fheiceáil ag dul ar aghaidh tríd an Oireachtas chomh luath agus is féidir."
Nótaí:
Tá sé mar aidhm ag Éirinn a bheith ar an gcéad tír san AE chun íosaois díola de tháirgí tobac a ardú go 21 bliain d'aois. Tá dlí achtaithe ag an Laitvia chun íosaois an díolacháin a ardú go 20 in 2025.
Forálfar leis an mBille nach mbainfidh an cosc ar dhíolacháin de tháirgí tobac leo siúd atá idir 18 agus 20 bliain d'aois faoi láthair.
Ní bheidh tionchar ag an reachtaíocht atá beartaithe ar an íosaois dhlíthiúil a bhaineann le díol táirgí ionanálaithe nicitín nó vapes. Ó mhí na Nollag i leith, tá cosc curtha ar dhíol vapes le daoine faoi bhun 18 mbliana d'aois. Níl aon mholadh ann faoi láthair an cosc sin a shíneadh go 21 bliain d'aois.