Fógraíonn na hAirí Sláinte infheistíocht €15 milliún chun tacú le taighde ar aosú sláintiúil in Éirinn
- Foilsithe: 28 Nollaig 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D'fhógair an tAire Sláinte Stephen Donnelly agus an tAire Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta, Mary Butler, maoiniú €15 milliún chun babhtaí nua bailithe sonraí a chur chun cinn do Staidéar Fadaimseartha na hÉireann ar Aosú (TILDA) chun tacú le taighde ar aosú sláintiúil in Éirinn.
Bainisteoidh an Bord Taighde Sláinte (HRB) an maoiniú chun na babhtaí nua bailithe sonraí do TILDA a chur chun cinn suas go 2030. Tagann sé seo sna sála ar phróiseas críochnúil, piarmheasúnaithe idirnáisiúnta agus athbhreithniú dearfach neamhspleách ar thorthaí agus ar thionchair ó TILDA go dtí seo.
Tacóidh an maoiniú le TILDA i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath chun faisnéis a bhailiú faoi chúinsí sláinte, eacnamaíocha agus sóisialta de ghrúpa ionadaíoch daoine fásta, 50 bliain d'aois agus níos sine, idir 2023 agus 2030.
Duirt an tAire Donnelly:
"As seo go ceann 20 bliain, meastar go mbeidh duine amháin as gach cúigear os cionn 65 bliain d'aois. Cé go bhfuil sé go hiontach go bhfuil daoine beo níos faide, tá sé tábhachtach a chinntiú go gcaitear níos mó de na blianta seo i ndea-shláinte agus gur féidir le daoine aosta leanúint orthu ag maireachtáil go neamhspleách ina dtithe agus ina bpobail chomh fada agus is féidir. Díríonn gníomhaíochtaí taighde TILDA ar chur chuige uile-rialtais a léiriú maidir le haosú agus cuideoidh siad le háit iontach a dhéanamh d'Éirinn chun dul in aois.
"Cuirfidh an maoiniú nua seo le fianaise lena chinntiú go mbeidh tacaíochtaí dírithe ar na háiteanna is riachtanaí, i ngach réimse a mbíonn tionchar acu ar aosú in Éirinn."
Dúirt an tAire Butler:
"Is infheistíocht an-suntasach í seo i dtaighde a mhúnlóidh cúram daoine aosta in Éirinn.
"Cuideoidh sé linn ár dtiomantas d'Éirinn Aoisbháúil a chomhlíonadh agus léireoidh sé an meas atá ag an rialtas seo ar dhaoine aosta."
Dúirt an Príomhfheidhmeannach den Bhord Taighde Sláinte Dr Mairéad O’Driscoll:
"Léirigh ár bpróiseas dian athbhreithnithe go bhfuil ardmheas ag páirtithe leasmhara ar TILDA go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Tá aschuir TILDA i measc an 25% foilseachán acadúil is mó a luadh ar fud an domhain. Níos tábhachtaí fós, tá fianaise shoiléir ann go raibh tionchar ag TILDA ar bheartais agus chleachtais ar fud go leor réimsí cosúil le freagairtí tithe altranais ar COVID-19, clúdach seirbhísí fiaclóireachta i gceantair thuaithe agus éileamh ar sheirbhísí tacaíochta baile do dhaoine os cionn 65 bliain d'aois. Táimid ag súil go mór le tionchar an chéad bhabhta maoinithe eile a fheiceáil sna blianta amach romhainn."
Áirítear na gnéithe a leanas i measc na bpríomhtháirgí insoláthartha don chéad chéim eile den staidéar:
- sonraí a bhailiú ar shampla ionadaíoch náisiúnta de dhaoine atá 45 bliana d'aois agus níos sine in Éirinn, chomh maith le scrúdú a dhéanamh ar thosca a mbíonn tionchar acu ar aosú sláintiúil
- bonn eolais a chur faoi phleanáil agus seachadadh seirbhíse amach anseo, agus cabhrú le spriocanna na mbeartas, na gclár agus na seirbhísí náisiúnta in Éirinn a bhaint amach, mar shampla iad siúd atá beartaithe i Sláintecare
- ardán agus bonneagar a sholáthar chun tacú le gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta, le hoideachas agus oiliúint a chur ar fáil don chéad ghlúin eile de thaighdeoirí
- leanúint le Rannpháirtíocht Phoiblí agus Othar (PPI) i gcomhdhearadh agus rannpháirtíocht a leathnú le grúpaí pobail agus le heagraíochtaí ionadaíocha
- na sonraí go léir atá ann cheana agus a bailíodh le déanaí a aistriú chuig Ionad Sonraí Riaracháin den Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) chun rochtain leathnaithe agus thráthúil ar shonraí TILDA a sheachadadh chun tacú le beartas, pleanáil agus taighde, agus príobháideacht agus rúndacht rannpháirtithe an staidéir a chosaint ag an am céanna
- meicníochtaí struchtúrtha a chur i bhfeidhm chun aiseolas rialta a chumasú idir lucht déanta beartas agus foireann TILDA, a bheidh faoi stiúir na Roinne Sláinte thar ceann gníomhaithe trasrialtais níos leithne
Dúirt an tArd-Stiúrthóir den Phríomh-Oifig Staidrimh, Pádraig Dalton:
"Tá áthas ar an bPríomh-Oifig Staidrimh tacú le TILDA agus beartas ríthábhachtach fianaise-bhunaithe a fhorbairt maidir le dul in aois in Éirinn. Tá uasmhéadú luach staitistiúil agus fóntas sonraí sochaíocha lárnach do chuspóir na Príomh-Oifige Staidrimh agus trí rochtain sonraí TILDA don phobal taighde a éascú faoin reachtaíocht ábhartha, ar bhealach atá slán agus rialaithe, cabhróidh an Phríomh-Oifig Staidrimh le leas a bhaint as léargais ón obair thábhachtach seo."
Dúirt Príomhthaighdeoir TILDA, an tOllamh Regius, Rose-Anne Kenny, Cathaoirleach de Gheirinteolaíocht Leighis i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus Stiúrthóir Institiúid Mercer um Aosú Rathúil:
"Trí úsáid a bhaint as sonraí fadaimseartha leanúnacha, cosúil le TILDA, cuirtear bonn láidir fianaise ar fáil do bheartas cúraim sláinte, cuireann sé bonn eolais faoi bheartas nua agus déanann sé meastóireacht ar thionchar samhlacha nua seachadta cúraim. Déantar sonraí TILDA a chomhchuibhiú le 26 staidéar fadaimseartha idirnáisiúnta ar aosú, rud a chumasaíonn comparáidí trastíre.
" Oibreoidh TILDA go dlúth le maoinitheoirí agus le lucht déanta beartas chun beartais, cláir agus seirbhísí sláinte agus cúraim shóisialta níos athléimní agus níos éifeachtúla a chruthú, agus ar an gcaoi sin, chun sláinte agus folláine a fheabhsú do chách."
Nótaí
Is staidéar fadaimseartha ar aosú ar scála mór, ionadaíoch don daonra é Staidéar Fadaimseartha na hÉireann ar Aosú, a bunaíodh in 2009.
I staidéir fhadtéarmacha, bailíonn taighdeoirí sonraí arís agus arís eile ar na daoine aonair céanna thar thréimhse ama, chun aon athruithe a d'fhéadfadh tarlú a thabhairt faoi deara agus chun tréithe agus riachtanais an daonra staidéir a thuiscint, rud a chuireann bonn eolais faoi bheartas agus faoi chleachtas. Áirítear le bailiú sonraí faisnéis faoi gach gné de chúinsí sláinte, eacnamaíocha agus sóisialta ó dhaoine atá 45 bliana d'aois agus níos sine i sraith tonnta bailithe sonraí uair amháin gach dhá bhliain. I measc na measúnuithe, tá agallaimh bhaile, ceistneoirí féinchríochnaithe agus measúnuithe sláinte mionsonraithe. Faigheann TILDA tacaíocht faoi láthair ó mhaoiniú tiomnaithe ón Roinn Sláinte, le bainistíocht agus tacaíocht ón mBord Taighde Sláinte (HRB).
Léiríodh luach TILDA mar acmhainn náisiúnta go háirithe le linn phaindéim COVID-19 nuair a cuireadh tuairiscí ó shonraí staidéir ar fáil chun bonn eolais a chur faoi bheartas ar fud raon leathan réimsí lena n-áirítear rioscaí leochaileachta agus ionfhabhtaithe, meabhairshláinte, feidhm fhisiciúil, caighdeán na beatha, vacsaíniú, tithe altranais, uaigneas agus aonrú sóisialta, chomh maith le rochtain idirlín, teicneolaíocht, agus míchumas.
Tá "clár neamhspleách meastóireachta ar infheistíocht an Stáit i Staidéar Fadaimseartha na hÉireann ar Aosú (TILDA)", arna choimisiúnú ag an mBord Taighde Sláinte agus arna stiúradh ag UCD-Consult, ar fáil le híoslódáil ó láithreán gréasáin HRB. Ba é aidhm na meastóireachta seo ná aschuir, torthaí agus tionchair TILDA a bhailiú agus a scrúdú, agus measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht TILDA maidir leis na cuspóirí a shonraítear sa chomhaontú deontais leis an HRB a bhaint amach.
Ina theannta sin, rinneadh measúnú ar fheidhmíocht agus ar thionchar TILDA i gcomhthéacs staidéir chohórt inchomparáide go hidirnáisiúnta. Fuarthas amach sa mheastóireacht go bhfuil na haschuir ó TILDA ar ardchaighdeán agus go leanann siad de bhonn láidir fianaise a chur ar fáil, chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna reatha agus saincheisteanna atá ag teacht chun cinn a bhaineann le haosú daonra in Éirinn ar fud na gcóras sláinte, eacnamaíochta agus sóisialta.