Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn na hAirí Sláinte láithreáin nua Jigsaw do Chill Mhantáin agus do Thiobraid Árann

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 1 Aibreán 2019
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Chuir Simon Harris TD, an tAire Sláinte, agus Jim Daly TD, an tAire Stáit le freagracht as Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta, fáilte inniu roimh an ngealltanas go n-osclófaí dhá sheirbhís meabhairshláinte nua don óige i gCill Mhantáin agus i dTiobraid Árann.

Is tionscadail de chuid Jigsaw iad sin agus ceadaíodh iad cheana féin mar chuid den chistiú suntasach nua atá á chur ar fáil ag an Rialtas faoi Bhuiséad 2019 chun feabhas a chur ar na gnéithe uile de sheirbhísí meabhairshláinte.

Is é is Jigsaw ann ná líonra clár atá ar siúl ar fud na hÉireann chun a chinntiú gur ag gach duine óg a bhíonn duine ar féidir leo dul ina mhuinín agus labhairt leis. Tugann sé tacaíocht do dhaoine óga bunaithe ar an dea-chleachtas idirnáisiúnta agus tá sé ar chomhréim le Fís don Athrú.

Ag fáiltiú dó roimh an bhfógairt, dúirt an tAire Harris:

“Táimid tiomanta do rochtain níos fearr a thabhairt ar sheirbhísí meabhairshláinte don óige agus cuirfidh an dá ionad seo go mór leis an tseirbhís reatha.

“Is acmhainn den scoth é. Thug mé cuairt ar thionscadail Jigsaw i láithreacha eile agus chuir rath na dtionscadal agus leibhéal rannpháirtíochta na hóige iontu iontas orm i ngach cás.”

Dúirt an tAire Daly freisin: “Is beart an-dearfach é an leathnú ar Jigsaw agus tá sé ar aon dul leis an aidhm atá againn seirbhísí meabhairshláinte luath-idirghabhála a fheabhsú chun cabhrú le laghdú a dhéanamh ar an líon leanaí ar gá dóibh dul i muinín sainseirbhísí amhail Seirbhísí Meabhairshláinte do Leanaí agus d’Ógánaigh.”

Tugann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) thart ar €12m do Jigsaw faoi láthair agus is ó FSS a thagann an chuid is mó den chistiú a fhaigheann na 13 láthair ar fud na tíre. Tá na hionaid atá ann cheana lonnaithe sna láithreacha seo a leanas: Dún na nGall, Gaillimh, Ros Comáin, Uíbh Fhailí, Ciarraí, an Mhí, Fine Gall Thuaidh, Baile Átha Cliath 15, Tamhlacht agus Cluain Dolcáin, Luimneach, Corcaigh agus Cathair Bhaile Átha Cliath. D’fhreastail thart ar 16,000 duine óg ar thionscadail Jigsaw idir na blianta 2008 agus 2016.

Chríochnaigh FSS athbhreithniú ar sheirbhísí Jigsaw ar fud na tíre le déanaí, arbh athbhreithniú é lenar tacaíodh leis an tsamhail chúraim atá i gceist agus lenar cabhraíodh le bonn eolais a chur faoin gcinneadh chun an tseirbhís a leathnú tuilleadh. Tá an cinneadh sin ar aon dul le haidhmeanna na straitéise Ceangal ar son na Beatha 2015-2020 (an Plean Gníomhaíochta um Fhéinmharú a Chosc) agus leis an Tuarascáil ón Tascfhórsa um Meabhairshláinte na hÓige 2017.

Ionad Jigsaw Chill Mhantáin

Ar bhonn na gcritéar comhaontaithe, osclófar seirbhís nua Jigsaw i gCill Mhantáin. Cuirfidh Jigsaw plean i bhfeidhm anois d’fhonn an tseirbhís sin a oscailt i dtreo dheireadh na bliana 2019. Áireofar na nithe seo a leanas leis na gnéithe den phlean sin:

  • Caidreamh a dhéanamh le geallsealbhóirí áitiúla.
  • Áitreabh oiriúnach a fháil agus a fheistiú i láthair atá inrochtana do dhaoine óga.
  • Pleanáil le haghaidh na baill foirne a theastaíonn don tseirbhís nua a earcú agus a ionduchtú.

Ionad Jigsaw Thiobraid Árann

Comhaontaíodh ionad nua Jigsaw a bhunú i dTiobraid Árann. Cuirfidh Jigsaw plean i bhfeidhm anois d’fhonn an tseirbhís nua sin a oscailt go luath sa bhliain 2020. Áireofar leis an bpróiseas pleanála na gnéithe céanna atá leagtha amach thuas do Chill Mhantáin. Mar gheall ar leagan amach tíreolaíoch Thiobraid Árann, áfach, roghnófar go cúramach an láthair/na láithreacha inar féidir freastal ar an mbealach is fearr ar an gcontae ar fad.

CRÍOCH