Fógraíonn na hAirí Sláinte tosach feidhme Alt 16 den Acht Sláinte (Forálacha Ilghnéitheacha) (Uimh. 2), 2024
- Foilsithe: 14 Feabhra 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D'fhógair an tAire Sláinte Jennifer Carroll Mac Néill agus an tAire Stáit do Dhaoine Scothaosta agus Tithíochta, Kieran O’Donnell, tosach feidhme Alt 16 den Acht Sláinte (Forálacha Ilghnéitheacha) (Uimh.2) 2024 inniu.
Leis an Acht tugadh isteach roinnt athruithe ar an Acht Sláinte, 2007, mar aon le mionleasuithe ar an Acht fán Scéim um Thacaíocht Tithe Banaltrais 2009 agus ar an Acht Meabhair-Shláinte, 2001. Síníodh an tAcht ina dhlí an 17 Iúil 2024. Cuireadh tosach feidhme le gach alt den Acht, seachas alt 16 (fógraí maidir le comhlíontacht) an 23 Meán Fómhair 2024.
Déantar forálil le hAlt 16 maidir le cumhacht nua forfheidhmithe don Phríomh-Chigire Seirbhísí Sóisialacha san Údarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (HIQA) chun fógraí maidir le comhlíontacht a eisiúint do sholáthraithe cúraim chónaithe do dhaoine scothaosta agus do dhaoine faoi mhíchumas nuair nach gcomhlíonann siad na Rialacháin.
Bhí an méid seo a leana le rá ag an Aire Carroll MacNeill:
“Le hAcht na bliana 2024 tugadh isteach roinnt forálacha nua chun an creat rialála maidir le cúram cónaithe do dhaoine scothaosta agus do dhaoine faoi mhíchumas a neartú. Le tosach feidhme Alt 16 cuirtear leis na huirlisí atá ar fáil don Phríomh-Chigire chun freagairt ar neamhchomhlíonacht soláthraithe agus chun a áirithiú gur timpeallachtaí sábháilte iad ionaid chónaithe do gach duine a chónaíonn iontu.”
Dúirt an tAire O’Donnell:
“Is cúis áthais dom tosach feidhme Alt 16 a fhógairt , lena gcuirfear leis an gcosaint do dhaoine aonair atá ina gcónaí in ionaid chónaithe do dhaoine scothaosta agus in ionaid do dhaoine faoi mhíchumas. Leis na cumhachtaí nua forfheidhmithe seo, spreagfar feabhsuithe ar cháilíocht agus ar shábháilteacht an chúraim chun leasa na gcónaitheoirí, a dteaghlaigh agus na hearnála ina hiomláine."
Nótaí
Cuireadh moill ar thosach feidhme Alt 16 chun ligean don Phríomh-Chigire tabhairt faoi obair ullmhúcháin riachtanach. Tá an obair sin críochnaithe anois agus cuirfear tosach feidhme leis na forálacha inniu, an 14 Feabhra 2025.
Leis an Acht Sláinte (Forálacha Ilghnéitheacha) (Uimh.2) 2024 tugtar isteach leasuithe ar reachtaíocht sláinte faoi leith, lena n-áirítear an tAcht Sláinte, 2007.
Leis an Acht Sláinte 2007 bunaíodh an tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (HIQA) agus Oifig an Phríomh-Chigire Seirbhísí Sóisialacha. Soláthraítear leis freisin an creat rialála maidir le seirbhísí cónaithe do dhaoine scothaosta (tithe banaltranais), daoine faoi mhíchumas agus leanaí a bhfuil gá acu le cúram agus cosaint. Déanann Príomh-Chigire Seirbhísí Sóisialta monatóireacht ar chomhlíonadh an chreata rialála sin.
Tá na leasuithe ar Acht 2007 mar fhreagra ar phríomh-mholtaí i dTuarascáil Phainéal Saineolaithe Tithe Altranais COVID-19, inar iarradh go bhfeabhsófaí agus go ndéanfaí nuachóiriú ar an gcreat rialála lena rialaítear tithe altranais.
I measc na leasuithe ar an Acht Sláinte, 2007 tá:
- cumhachtaí nua a thabhairt isteach don Phríomh-Chigire Seirbhísí Sóisialacha chun fógraí comhlíonta a eisiúint chun uirlis níos solúbtha agus níos comhréirí a sholáthar le haghaidh idirghabhála chun tacú le comhlíonadh in ionaid chónaithe do dhaoine scothaosta agus do dhaoine faoi mhíchumas, agus na próisis reatha faoi Alt 51 den Acht á gcomhlíonadh. Tá na forálacha cosúil le samhlacha fógraí maidir le comhlíontacht i reachtaíocht eile.
- feidhm nua a chur ar fáil don Phríomhchigire chun príomhshonraí oibríochtúla maidir le tithe altranais a bhailiú, a roinnt agus a fhoilsiú. Cabhróidh sé seo le maoirseacht agus pleanáil amach anseo ar earnáil na dtithe altranais in Éirinn.
- amlínte maidir le forálacha forfheidhmithe reatha arna dtionscnamh faoi Alt 51 a laghdú, chun luas a chur leis an gcóras reatha maidir le coinníollacha a fhorchur i dtaca le clárú nó le clárú a chealú agus comhsheasmhacht a choinneáil le Rialacha reatha na Cúirte Dúiche maidir le foriarrtais chun achomhairc a dhéanamh.
- bunús dlí soiléir a sholáthar don Phríomh-Chigire chun dul isteach in áitreabh atá neamhchláraithe agus é a scrúdú, má tá cúiseanna réasúnacha aige nó aici lena chreidiúint go bhfuil gnó lárionaid ainmnithe atá neamhchláraithe á sheoladh.