English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Faigheann an tAire Donnelly cead na comh-aireachta don Scéim Ghinearálta de Bille um Fhaisnéis Sláinte.

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 18 Aibreán 2023
  • An t-eolas is déanaí: 25 Aibreán 2023

Tá an cead na comh-aireachta faighte ag an Aire Sláinte Stephen Donnelly don Scéim Ghinearálta de Bhille um Fhaisnéis Sláinte.

D'fhaomh an chomh-aireacht Prionsabail agus Polasiathe an Bille um Fhaisnéis Sláinte i mí Aibreán 2022, agus d'fhorbair an Scéim Ghinearálta i gcomhar le páirtithe leasmhara, muintir an phobail san áireamh. Bhí comhairliúchán suntasach chomh maith ón gCoimisiún um Chosaint Sonraí. Leanfaidh an comhpháirtíocht ar aghaidh fad is a dréachtófar an Bille.

Is é aidhm an Bhille seo ná cinntiú go bhfuil córas faisnéise sláinte náisiúnta atá oiriúnach dá fheidhm ag Éirinn a fheabhsaíonn cúram othar agus cóir leighis agus a thacaíonn le pleanáil agus seacadadh seirbhísí sláinte níos fearr sa todhchaí.

Ina chroílár, cabhróidh an Bille um Fhaisnéis Sláinte le rochtain thráthúil agus shlán a chinntiú ar an bhfaisnéis sláinte atá ag teastáil chun cúram agus cóireáil fheabhsaithe a chur ar fáil agus chun tuilleadh úsáide a bhaint as faisnéis sláinte ar raon bealaí tábhachtacha: bainistíocht, beartas agus pleanáil na seirbhíse sláinte, agus taighde agus nuálaíocht.

Tá forálacha an bhille deartha le:

  • Tacú le cúram othar comhtháite idir cúram sa bhaile, sa phobal agus san ospidéal.
  • Othair a chumasú, trí rochtain feabhsaithe a thabhairt dóibh ar a n-eolas sláinte féin.
  • Cóir leighis, leighis agus teicneolaíocht atá ag teacht ar an bhfód d'othair a chur chun cinn.
  • Éifeachtúlacht agus éifeachtacht i soláthar cúram othar a mhéadú.
  • An creat reachtaíochta a leagadh amach le tacú le forbairt taifid shláinte digiteacha.
  • Cinntiú go bhfuil fiasnéis sláinte ar fáil, faoi rialacha rialachais diana, i raon leathan do príomhghníomhaíochtaí na seirbhíse sláinte a chinnteoidh seirbhís shláinte ardfheidhmíochta agus dhinimiciúil arna tiomáint ag faisnéis agus nuálaíocht.
  • Luach níos fearr ar airgead a sholáthar i gcaiteachas poiblí ar sheirbhísí sláinte.
  • Struchtúir institiúideacha agus ceannasaíochta a leagadh amach chun an t-athrú atá de dhíth a spreagadh.

Dúirt an tAire Donnelly:

“Bíonn othair ag súil, mar ba cheart dóibh, go ndéanfar a bhfaisnéis sláinte a thaifeadadh, a úsáid agus a roinnt go cuí dá gcúram agus dá gcóireáil agus teastaíonn rochtain ar fhaisnéis sláinte iomlán, bhailí agus cothrom le dáta ónár bhfoireann cúram sláinte chun cinntí a dhéanamh ar mhaithe le leas cliniciúil na n-othar. Is é sprioc na reachtaíochta tábhachtaí seo ná cinntiú go mbeidh othair agus foirne in ann leas díreach a bhaint as claochlú digiteach an cúraim shláinte."

Dúirt an tAire Donnelly chomh maith:

"Tá a fhios agam go bhfuil daoine buartha faoina dtaifead sláinte a chosaint agus tuigim sin, agus sin an chúis go bhfuil béim sa Bhille ar an riachtanas do thimpeallacht phróiseála shlán le haghaidh taifead digiteach. Is é an rud is tábhachtaí ná go bhfuil an t-othar ag croílár gach rud atá á fhorbairt againn. Cinnteoidh Fóram Comhairliúcháin agus Caomhnóirí Sonraí Sláinte rannpháirtíocht leanúnach an phobail agus tacóidh siad lena gcearta maidir le conas a dhéantar sonraí sláinte a bhainistiú agus a úsáid. Ar an iomlán, feabhsóidh an cur chuige seo torthaí agus taithí na n-othar, agus éifeachtacht níos fearr agus luach ar airgead a chinntiú sa tslí a ndéantar cúram sláinte a sheachadadh, a bhainistiú agus a fheabhsú.”

Feabhsóidh an Bille sáibheáltacht othair trí proisis aitheantais níos fearr. Baineann sé seo an úsáid is fearr as Eircód agus UPSP chun an Aitheantóir Sláinte Aonair a fhorlíonadh agus a chomhlánú mar phríomh-aitheantóirí iontaofa agus slán i mbainistíocht taifead sláinte agus naisc

Chríochnaigh an tAire Donnelly ag rá:

"Tá mo pháirtí iomanta do chaochlú digiteach cúram sláinte. Tháinig méadú suntasach ar infheistíocht straitéiseach i ríomh-Shláinte agus i gcórais faisnéise i mBuiséad 2023 agus tá an Bille um Fhaisnéis Sláinte ailínithe go hiomlán leis an gCreat Straitéiseach Sláinte Digiteach (2023-2030) atá á ullmhú ag mo Roinnse. Cinnteoidh an cur chuige seo rochtain níos mó ach rialaithe ar shonraí leictreonacha sláinte agus go n-úsáidfear sonraí go sábháilte agus go slán chun leasa na n-othar agus a dteaghlach, agus na foirne cúram sláinte sna blianta amach romhainn."