English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Faigheann an tAire Donnelly Faomhadh ón Rialtas chun Scéim Ghinearálta an Bhille Sláinte (Forálacha Ilghnéitheacha) 2023 a Fhoilsiú

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 3 Deireadh Fómhair 2023
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Tá faomhadh an Rialtais faighte ag an tAire Sláinte, Stephen Donnelly, inniu (Dé Máirt an 3 Deireadh Fómhair) chun Scéim Ghinearálta an Bhille Sláinte (Forálacha Ilghnéitheacha) 2023 a fhoilsiú.

Leasóidh an Bille, nuair a achtófar é, an reachtaíocht atá ann faoi láthair chun cur le cumhacht an tAire rialacháin a dhéanamh maidir le bainistiú agus rochtain ar tháirgí leighis, agus soláthróidh sé ioncam don scéim Seomra a Ligean ar Cíos suas go dtí €14,000 in aghaidh na bliana nach dtabharfar aird air measúnuithe ioncaim chárta leighis.

Agus é ag fógairt na Scéime Ginearálta, dúirt an tAire Donnelly:

“Tá lúcháir orm faomhadh a fháil ón Rialtas chun Scéim Ghinearálta an Bhille tábhachtach seo a fhoilsiú.

“Tá an Bille riachtanach chun an bealach a ullmhú le haghaidh roinnt athruithe a bhfuil géarghá leo maidir le maoirsiú soláthairtí cógas agus rochtain ar leigheasanna. Bhí mé cinnte go dteastaíonn uaim cur leis an méid a chuireann cógaiseoirí lenár seirbhísí sláinte a thuilleadh, agus beidh sé seo ina chéim thábhachtach chun cinn ina leith sin.

“Tá Tascfhórsa ar chógaisíocht bunaithe agam agus beidh moltaí á fháil agam níos déanaí an mhí seo. Ligfidh an reachtaíocht seo dúinn athruithe a chur i bhfeidhm go tapa agus rochtain a mhéadú d’othair, agus brú a bhaint as ár Liachleachtóirí Ginearálta.

“Déanfaidh an Bille seo, nuair a achtófar é, dul chun cinn freisin ar ghealltanais faoi Tithíocht do Chách, chun deireadh a chur le bacainní féideartha ar rannpháirtíocht sa scéim Seomra a Ligean ar Cíos.

“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le hoifigigh i mo Roinnse agus táim ag tnúth le bheith ag obair le hOifig an Ard-Aighne agus leis an Oireachtas chun an reachtaíocht seo a chur chun cinn mar ábhar tosaíochta.”

Cuirfear an Scéim Ghinearálta faoi bhráid Oifig an Ard-Aighne anois le haghaidh dréachtú tosaíochta an Bhille. Tabharfar téacs an Bhille chun críche mar ábhar práinne, agus tá sé i gceist an reachtaíocht a chur ar aghaidh trí Thithe an Oireachtais mar thosaíocht sna míonna amach romhainn.

Foilseofar an Scéim Ghinearálta ar shuíomh gréasáin na Roinne Sláinte go luath.


Nóta d'Eagarthóirí

Tar éis fhoilsiú na Scéime Ginearálta, oibreoidh oifigigh ón Roinn Sláinte le hoifigigh sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, agus sa Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, dréachtú tosaíochta na reachtaíochta a thabhairt chun críche agus foilsiú téacs deiridh an Bhille a luaithe is féidir.