English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Faigheann an tAire Sláinte Ceadú Comh-Aireachta chun deireadh a chur le Muirir Phoiblí d'Othair Chónaithe do Leanaí Reachtaíocht chun Foráil a Dhéanamh chun Muirir Phoiblí d'Othair Chónaithe do Leanaí a Dhíchur

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 26 Aibreán 2022
  • An t-eolas is déanaí: 27 Aibreán 2022

Fuair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, ceadú na Comh- Aireachta inniu chun deireadh a chur leis an muirear reachtúil poiblí d'othair chónaithe do leanaí.

Tá ceadú faighte ag an Aire chun Scéim Ghinearálta Bille a dhréachtú chun foráil a dhéanamh do dheireadh a chur le muirir phoiblí d'othair chónaithe thar oíche agus lae do leanaí faoi bhun 16 bliana d'aois. Tá na muirir seo i bhfeidhm le blianta fada, mar sin beidh reachtaíocht phríomhúil ag teastáil chun an tAcht Sláinte 1970 a leasú chun deireadh a chur leis an muirear poiblí d'othair chónaithe do leanaí faoi bhun 16 bliana d'aois. Déanfaidh an Roinn Sláinte an reachtaíocht a theastaíonn chun an cuspóir seo a chomhlíonadh a fhorbairt anois agus foilseofar an dréacht-Bhille a luaithe a thabharfar chun críche é.

Cuirfidh an Bille atá beartaithe deireadh leis an ngéar-mhuirear reachtúil reatha d'othair chónaithe €80 in aghaidh na hoíche do gach leanbh faoi bhun 16 bliana d'aois i ngach ospidéal poiblí.

Ag labhairt dó i ndiaidh na Comh-Aireachta, dúirt an tAire Donnelly:

“Fáiltím roimh cheadú an Rialtais inniu chun an reachtaíocht thábhachtach seo a dhréachtú. Is céim thábhachtach eile é an togra seo i dtreo cúram sláinte uilíoch a sholáthar in Éirinn.

“Laghdóidh an reachtaíocht seo, nuair a bheidh sí dréachtaithe agus achtaithe, an t-ualach airgeadais atá ar thuismitheoirí/chaomhnóirí nuair a thugann siad a leanbh chuig an ospidéal le haghaidh cúram othar cónaitheach agus cabhróidh sé lena chinntiú nach gcuirtear costas san áireamh nuair a bhíonn rochtain ag teastáil ó leanaí ar chóireáil othar cónaitheach.

“Is é an aidhm atá againn Cúram Sláinte Uilíoch agus is céim thábhachtach eile í seo i dtreo inacmhainneachta mar go mbeidh ár n-ospidéil phoiblí saor ó chostas do leanaí nuair a fhaigheann siad rochtain ar chóireáil mar othar poiblí.

"Tá súil agam, le tacaíocht ó gach páirtí san Oireachtas, go gcuirfear deireadh leis na muirir seo faoin samhradh."

CRÍOCH