English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Faigheann an tAire Sláinte faomhadh ón Rialtas chun tuilleadh sriantachtaí a thabhairt isteach ar ghaltoitíní

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 10 Meán Fómhair 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Chuir an tAire Sláinte, Stephen Donnelly, fáilte roimh an bhfaomhadh ón Rialtas maidir le dréachtú reachtaíochta lena dtabharfar isteach tuilleadh sriantachtaí ar tháirgí ionanálaithe nicitín nó galtoitíní. Tograítear leis an Scéim Ghinearálta do Bhille maidir le Táirgí Ionanálaithe Nicitín:

  • Toirmeasc ar thaispeáint agus fógraíocht ag an díolphointe i siopaí seachas siopaí nach ndíolann ach na táirgí seo nó a dhíolann na táirgí seo go príomha.
  • Sriantachtaí ar dhathanna agus íomháineachas ar phacáistiú agus gléasanna, mar aon le cosc ar ghléasanna atá cosúil le táirgí eile nó atá ag feidhmiú mar tháirgí eile, ar nós bréagán nó cluichí.
  • Toirmeasc ar gach cur síos ar an mblas agus ar chaint seachas ainmneacha bunúsacha na mblasanna.
  • Teorainn ar bhlasanna ar tobac i dtáirgí ionanálaithe nicitín, agus forálacha chun liosta na mblasanna ceadaithe a leasú de réir mar a thagann fianaise nua chun solais.
  • Toirmeasc ar iompórtáil, déantúsú agus díol galtoitíní aon-úsáide nó indiúscartha.

Dúirt an tAire Sláinte, Stephen Donnelly:

"Mar Rialtas thug muid isteach cosc ar dhíol táirgí ionanálaithe nicitín do dhaoine faoi bhun 18 mbliana d'aois. Caithfimid dul níos faide ná sin, áfach, agus rachaidh an reachtaíocht seo i ngleic leis an méadú ar úsáid galtoitíní i measc páistí agus daoine óga trína mealltacht agus a n-infhaighteacht a laghdú. Tá an nicitín andúile agus ní fios go fóill céard é éifeacht fhadtéarmach na dtáirgí seo, mar sin is den tábhacht é beart a dhéanamh.

"Tá fhios agam go n-úsáideann roinnt daoine fásta táirgí ionanálaithe nicitín chun éirí as an gcaitheamh, mar sin beidh na táirgí seo, cé is moite de ghaltoitíní indiúscartha, ar fáil i gcónaí. Tá na bearta atá á nglacadh agamsa ceaptha chun úsáid a laghdú i measc na hóige, sa chaoi go mbeidh na páistí in ann fás suas saor ó na rioscaí a bhaineann leis na táirgí seo."

Dúirt an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht maidir leis an tSláinte Phoiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Drugaí, Colm Burke:

"Mar an Aire Stáit ar a bhfuil freagracht maidir leis an tSláinte Phoiblí agus Folláine, cuirim fáilte roimh tabhairt isteach an bhearta thábhachtaigh seo. Tá an óige gan chosaint i dtimpeallachtaí miondíola ar tháirgí ionanálaithe nicitín ar a bhfuil pacáistiú geal, daite agus éagsúlacht blasanna. Bíonn galtoitíní aon-úsáide ina gcúis chomh maith le díobháil don chomhshaol. Creidim go gcuirfidh na bearta seo le sláinte agus folláine na hóige, agus táim ag súil le bheith ag obair leis an Aire Donnelly ar fhorbairt na reachtaíochta seo."

Dúirt an tAire Stáit ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide ar a bhfuil freagracht maidir leis an nGeilleagar Ciorclach, Ossian Smyth:

"Tá an-áthas orm a fheiceáil go bhfuil faomhadh an Rialtais faighte ag an mBille seo. Bainfidh sé amach na cuspóirí déacha beartais, cosaint na sláinte agus cosaint an chomhshaoil. Fadhb iad na galtoitíní aon-úsaide i gcomhthéacs na bainistíochta dramhaíola agus is úsaid dhiomailteach iad d'amhábhair thábhachtacha. Déanann siad an-díobháil don chomhshaol chomh maith nuair a chaitear amach iad mar bhruscar. Táim tar éis bheith ag obair leis an Aire Donnelly le tamall féachaint lena chinntiú go mbainfear amach aidhmeanna an dá roinn againn agus táim ag tacú go han-láidir leis an togra reachtach seo."