Faomhadh an Rialtais faighte ag an Aire Sláinte chun ról na gcógaiseoirí a leathnú tuilleadh
- Foilsithe: 16 Aibreán 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá faomhadh an rialtais faighte ag an Aire Sláinte Stephen Donnelly chun dul ar aghaidh le leasú eile ar an mBille Sláinte (Forálacha Ilghnéitheacha), 2024 a dhréachtú. Leagfaidh an leasú seo an bhunobair amach chun ról na gcógaiseoirí a thabhairt isteach sa Bhille. Déanfaidh an leasú seo foráil sa reachtaíocht phríomha chun ról cógaiseoirí a leathnú tuilleadh.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Tá an-áthas orm go bhfuil cead faighte ón Rialtas leasú a chur leis an mBille Sláinte (Forálacha Ilghnéitheacha), a thabharfar isteach ag Céim na Tuarascála. Beidh an leasú ina chéad chéim thábhachtach maidir le ligean do chógaiseoirí oidis a scríobh, gné a fheabhsóidh an méid a chuireann cógaiseoirí lenár seirbhísí sláinte.
“Tá mé ag súil go mór leis an tuarascáil dheiridh a fháil ón Tascfhórsa Saineolaithe ar an gCógaisíocht go luath. Soláthróidh an tuarascáil seo agus an leasú seo na buneilimintí a theastaíonn uainn chun bogadh i dtreo oideas scríofa ag cógaiseoirí.
"Tá obair le déanamh sular féidir le cógaiseoirí oidis a scríobh, lena n-áirítear reachtaíocht thánaisteach a chur i bhfeidhm, athruithe rialála agus conairí oiliúna a fhorbairt do chógaiseoirí. Mar sin féin, sílim go bhfuil sé tábhachtach a bheith uaillmhianach agus aitheantas a thabhairt do na rudaí dearfacha a thabharfaidh leathnú ar ról na gcógaiseoirí do chógaisíocht, do sheirbhís sláinte níos leithne agus d'othair."
Cuirfear an leasú seo faoi bhráid Oifig an Ard-Aighne anois lena dhréachtú.
Tá an Bille Sláinte (Forálacha Ilghnéitheacha), 2024 ag céim chun cinn i dTithe an Oireachtais agus cuireann an tAire fáilte roimh an tacaíocht atá faighte ag an mBille go dtí seo.
Dúirt an tAire Donnelly freisin:
"Is léir go bhfuil tacaíocht ann go forleathan do mo thiomantas chun scóip an chleachtais cógaslainne in Éirinn a leathnú, agus is deis í seo chun dul chun cinn sa bhreis a dhéanamh, chun cur leis an athrú a rinneadh le déanaí, a éascaíonn leathnú d’oidis a scríobhann cógaiseoirí."
Nótaí
Ar an 23ú Iúil 2023, bhunaigh an tAire Sláinte Stephen Donnelly TD Tascfhórsa Saineolaithe chun tacú le leathnú ról na gcógaiseoirí in Éirinn. Tá an Tascfhórsa Saineolaithe comhdhéanta de 13 shaineolaí a bhfuil taithí acu ar oideachas agus cleachtas cógaisíochta, beartas agus seachadadh cúram sláinte, agus disciplíní gaolmhara eile. Le haghaidh tuilleadh eolais, téigh anseo.
Cuireadh an chéad mholadh ón Tascfhórsa Saineolaithe chun feidhme an 1 Márta 2024. Cuireadh síneadh le bailíocht dhlíthiúil uasta na n-oideas ó 6 mhí go 12 mhí. Ciallaíonn sé sin:
- Is féidir le hoideasóirí oidis a scríobh anois d'othair atá incháilithe ar feadh suas le 12 mhí.
- Ó Mheán Fómhair, le haghaidh oidis a scríobhtar ar an 1 Márta nó ina dhiaidh, is féidir le hothair iarraidh ar a gcógaiseoirí oidis a shíneadh ó 6 mhí go 12 mhí ar a mhéad.
Tugann sé seo solúbthacht d'othair, laghdaíonn sé an t-éileamh ar sheirbhísí dochtúirí teaghlaigh agus baineann sé úsáid as saineolas cógaiseoirí chun soláthar cúraim sláinte a fheabhsú. Chun tuilleadh eolais a fháil cliceáil anseo.