Faomhadh Rialtais faighte reachtaíocht a thabhairt isteach chun cosc a chur ar Dhíolachán Táirgí Vápála do dhaoine faoi 18
- Foilsithe: 30 Bealtaine 2023
- An t-eolas is déanaí: 6 Meitheamh 2023
Faigheann an tAire Sláinte Stephen Donnelly T.D. agus an tAire Sláinte Phoiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí, Hildegarde Naughton T.D., faomhadh Rialtais inniu (Dé Máirt 30 Bealtaine) an Bille Sláinte a fhoisliú (Táirgí Tobac agus Táirgí Ionanálú Nicitín) agus é á thabairt ar aghaidh le hachtú. Áirítear sa Bhille seo bearta fadréimseacha chun dul i ngleic le caitheamh tobac agus vápáil i measc daoine faoi bhun 18 mbliana d’aois agus gach duine fásta. Díreoidh an bille seo ar chosc a chur ar pháistí vápáil nó caitheamh tobac a thosú chun a sláinte a chosaint.
De réir an Bhille seo beidh:
- Cosc ar dhíolachán táirgí ionanálú nicitín d'aon duine faoi 18 bliain d'aois
- Cosc ar dhíolachán táirgí nicitín agus táirge ionanálú nicitín ag imeachtaí do pháistí
- Cosc ar dhíolachán féinseirbhíse táirgí tobac agus táirgí ionanálú nicitín
- Córas dian ceadúnaithe á thabhairt isteach do mhiondíol táirgí tobac agus táirgí ionanálú nicitín
- Cosc ar tháirgí ionanálú nicitín a fhógairt i scoileanna agus ar iompar poiblí
- Cumhachtaí forfheidhmithe breise tugtha don tSeirbhís Sláinte Comhshaoil do bhearta sa Bhille agus do gach Acht um Rialú Tobac roimhe seo
Dúirt an tAire Sláinte, Stephen Donnelly:
"Is cúis bháis í caitheamh tobac fós do 4,500 duine in Éirinn gach bliain agus is í fós an chúis is mó le míchumas agus bás sa tír. Aithníodh sinn cheana féin mar cheannairí domhanda i rialú tobac, ach tá an ráta caithimh tobac in Éirinn fós doghlactha ard ag 18%. Tá an borradh faoi vápáil feicthe againn ar fad, go háirithe i measc daoine óga. Léironn ár dtaighde gur mó an seans do dhaoine óga tobac a chaitheamh níos déanaí sa saol má tá siad ag vápáil sna déaga. Tá an Bille deartha chun idirghabháil a dhéanamh ag gach céim den phróiseas trína ndíoltar na táirgí seo.
Cuirfimid cosc ar tháirgí ionanálú nicitín a dhíol lenár bpáistí agus tabharfaimid isteach srianta breise ar fhógraíocht na dtáirgí sin ionas nach mbeidh ár bpáistí nochta do theachtaireachtaí a chuireann cuma na mealltachta ar a n-úsáid.
Cuirfimid cosc ar dhíolacháin táirgí nicitín agus táirge ionanálú nicitín ag imeachtaí do pháistí agus trí fhéinseirbhís.
Tabharfaimid isteach córas ceadúnaithe dian le haghaidh miondíol táirgí tobac agus táirgí ionanálaithe nicitín le cumhachtaí na ceadúnais sin a chur ar fionraí agus a tharraingt siar má sáraítear an dlí um rialú tobac.
Ar deireadh, tabharfaimid cumhachtaí breise dár Seirbhís Sláinte Comhshaoil chun comhlíonadh na ndlíthe seo a chinntiú.
Tá mé tiomanta na hathruithe reachtaíochta atá ag teastáil a thabhairt isteach chun aghaidh a thabhairt ar chaitheamh tobac agus vápáil chun cabhrú le daoine an cinneadh sláintiúil a dhéanamh dúinn fhéin agus dár muintir."
Dúirt an tAire Sláinte Phoiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí Hildegarde Naughton T.D.:
Is céim shuntasach í foilsiú an Bhille Sláinte Phoiblí (Táirgí Tobac agus Táirgí Ionanálú Nicitín) san aistear i dtreo Éire saor ó thobac. Tá sé ríthábhachtach go gcosnóimid ár bpáistí, trí chinntiú nach dtosnaíonn siad ag caitheamh tobac nó ag vápáil, chun cuspóirí ár mbeartas náisiúnta um rialú tobac Éire Saor ó Thobac a bhaint amach.
Cinnteoimid nach mbeidh greim ag an andúil seo, a bhfuil tionchar díobhálach ar shláinte ár ndaonra aige, ar na glúnta atá le teacht trí infhaighteacht agus infheictheacht na dtáirgí seo a laghdú."