Faomhann an Rialtas Plean Forfheidhmithe Cheantair Sláinte an FSS
- Foilsithe: 31 Iúil 2023
- An t-eolas is déanaí: 15 Aibreán 2025
D'fhógair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly, cead na comh-aireachta do Phlean Forfheidhmithe Cheantair Sláinte, ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS).
Tá sé mar aidhm ag an gcomhordú agus soláthrú de sheirbhísí sláinte agus sóisialta ar línte réigiúnacha chun cúram níos comhtháthaithe a éascú d'othair agus dóibh san a bhaineann úsáid as ár seirbhisí ar fud na tíre. Chomh maith leis sin, tá sé mar aidhm ag an bplean cur chuige daonra-bhunaithe comhtháitheach maidir le pleanáil agus cur i bhfeidhm seirbhíse a éascú, áit ina bhfuil cúram pleanáilte agus cistithe de réir riachtanais na ndaoine ag leibhéal réigiúnach agus áitiúil.
Tosóidh Ceantair Sláinte ag feidhmiú ó Mhí Feabhra 2024, agus beidh breis leasúcháin agus déabhlóid ar údarás a tharlóidh ar bhonn céimnithe trí 2024 agus 2025. Soiléiríonn Plean Forfheidhmithe Cheantair Sláinte FSS cuspóirí, gníomhú criticiúil, agus amlínte chun cur i bhfeidhm a fhorchéimniú atá ceannach-isteach agus úinéireacht na bpháirtithe leasmhara acu.
Is í an chéad chéim san aistriú go Ceantair Sláinte ná Oifigigh Feidhmiúcháin Réigiúnacha (OFR) a cheapadh. Beidh gach OFR ina oifigeach freagrach ag leibhéal Cheantair Sláinte, freagrach as seirbhís d'ard-chaighdeán, sábháilte agus inrochtana a sheachadadh don daonra áitiúil. Tá cead faighte tús a chur le hearcú a dhéanamh le haghaidh na postanna ceannaireachta sinsearacha seo anois. Fógrófar na postanna laistigh de chúpla seachtaine, le tuarastail nasctha le híocaíocht faoin gconradh nua comhairleoirí ospidéil poiblí - suas le €257,000.
Dúirt an tAire Sláinte Stephen Donnelly TD:
"Léiríonn an cháipéis seo an bealach agus na príomhghníomhartha chun na sé Cheantair Réigiúnacha a bhunú sna míonna díreach os ár gcomhair amach. Comhlíonann sé tosaíocht Chlár an Rialtais. Tá forbairt déanta ar an bPlean Forfheidhmithe Cheantair Sláinte FSS le páirtithe leasmhara chúram sláinte agus sóisialta thar na roinne, agus aidhm atá ann feabhas a chur ar chumas na seirbhíse chun cúram níos idirnasctha a sholáthrú nuair is gá. "
"Fad is léiríonn an aistriú go Ceantair Sláinte athrú suntasach do struchtúir eagraíochta, tá sé tábhachtach é a thabhairt faoi deara nach é athrú struchtúir príomhchuspóir athchóiriú a dhéanamh. Tá sé mar aidhm ag na socruithe seo cumas an seirbhíse sláinte cúram tráthúil, comhtháthaithe a sholáthrú d'othair agus d'úsáideoirí de sheirbhísí, pleanáilte agus cistithe de réir a riachtanais. "
Dúirt Bernard Gloster, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) agus Comhchathaoirleach Bhoird an Chláir Cúram Sláinte:
"Tá sé mar aidhm ag na hathruithe seo a áirithiú go bhfaigheann ár saoránaigh seirbhís sláinte comhtháthaithe nuair a thugtar dóibh é, trí DG, seirbhísí pobail, tacaíocht bhanaltrachta, seirbhísí cúraim sóisialta agus ospidéil ghéarmhíochaine, nuair is gá. Is é an smaoineamh taobh thiar d'ár struchtúir a atheagrú ná deimhin a dhéanamh de go bhfuil an eispéireas de sheirbhís sláinte amháin ag doine, pé chúram atá riachtanach dóibh ag an am ceart agus san áit cheart. Nuair a labhraímid faoi 'chúram comhtháthaithe', seo atá i gceist againn. De réir seoladh na gceantar sláinte, táim ag cur pleananna i gcrích le haghaidh ionad FSS athraithe agus cuirfidh sé seo leis an bhfeabhas ar rialú agus ceannaireacht ar an seirbhís sláinte ar an iomlán. "
Nótaí
Glaodh Limistéir Sláinte Réigiúnacha ar na Ceantair Sláinte FSS tráth.
Tá atheagrú inmheánach den FSS go dtí sé cheantar oibríochta i gceist le cur i bhfeidhm na gCeantar Sláinte FSS.
Beidh gach Ceantar Sláinte freagrach as seirbhísí sláinte agus cúram sóisialta comhtháthaithe a phleanáil agus a sholáthrú laistigh dá réigiúin sainithe mar chuid de struchtúir chomhtháthaithe.
Tá sé mar aidhm ag na socruithe seo cumas an seirbhíse sláinte cúram tráthúil, comhtháthaithe a sholáthrú d'othair agus d'úsáideoirí de sheirbhísí, pleanáilte agus cistithe de réir a riachtanais.
Déantar trácht ar an athrú go sé Cheantar Sláinte FSS mar phríomhchumasóir do sheoladh a dhéanamh ar chúram sláinte uilíoch agus Sláintecare.
Bíonn tionchar ag caidreamh gníomhach leanúnach ar dhearadh na struchtúir agus cur chuige na gCeantair Sláinte i dtaobh cur i bhfeidhm, le 2,000 páirthithe leasmhara idirghníomhach ó Eanáir 2023.
Beidh gach Oifigeach Feidhmiúcháin Réigiúnacha (OFR) ina oifigeach freagrach ag leibhéal Cheantair Sláinte, freagrach as seirbhís d'ard-chaighdeán, sábháilte agus inrochtana a sheachadadh don daonra áitiúil. Tuairisceoidh OFRanna go díreach do POF FSS maidir le hoibríocht agus bainistíocht na gCeantar Sláinte. Beidh OFRanna mar chuid de chroí Fhoireann Shinsearach Ceannaireachta FSS, le hionchuir réigiúnach acu i dtaobh forbairth a dhéanamh ar pholasaithe agus caighdeáin náisiúnta.
Tá Grúpaí Ospidéil agus Eagraíochtaí Cúram Sláinte Pobail (CHOanna) ag bualadh i ngrúpaí réigiúnacha atá cosúil le struchtúir Cheantair Sláinte. Tá na socruithe eatramhacha do cheannaireacht sinsearach FSS bainteach leo ar bun chomh maith.
Tabharfaidh foirne bainistíochta CHOnna agus ó Ghrúpaí Ospidéil tacaíocht chomh maith le tuairisciú a dhéanamh díreach do OFRanna go luath sa bhliain 2024 fad is atá foirne sinsearacha feidhmiúcháin á ceapadh. Faoi dheireadh na bliana 2024, beidh Grúpaí Ospidéil agus struchtúir CHOnna lánscortha fad is atá socruithe do Cheantair Sláinte á leabú.
Tá sé ar cheann de na príomhaidhmeanna a bhaineann leis na hathruithe seo ná spreagthaí agus spreagthóirí laistigh de sheirbhísí sláinte agus cúraim sóisialta a athrú chun go mbeidh sé dírithe níos mó ar chúram a sholáthar do dhaoine níos cóngaraí dá mbaile agus daoine a choimeád sláintiúil agus folláin.
Tá an cur chuige seo de réir tiomantas an Rialtais don chúram sláinte uilíoch chomh maith le moltaí déanta ag Coiste an Oireachtais i dTuarascáil Sláintecare a bhain le Todhchaí Cúram Sláinte.
Is féidir teacht ar an bPlean Forfheidhmithe Cheantair Sláinte FSS ar: Plean Forfheidhmithe Cheantair Sláinte FSS