Figiúirí Liosta Feithimh Míosúla
- Foilsithe: 14 Iúil 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Léiríonn figiúirí liostaí feithimh ospidéil nua foilsithe inniu a d’fhoilsigh an Ciste Náisiúnta um Cheannach Cóireála (CNCC) inniu, amhail ag deireadh mhí an Mheithimh, tá an ghníomhaíocht spriocdhírithe sin faoin bPlean Gníomhaíochta um Liosta Feithimh ag dul chun cinn ar an sprioc.
Mar thoradh air sin, tá 490,689 duine againn anois ar na Liostaí Feithimh Gníomhacha (othair chónaithigh / cás lae, Scóipe Ionscópacht ghastraistéigeacha agus othair sheachtracha) ag fanacht níos faide ná uas-amanna feithimh Sláintecare, sin laghdú 1.2% i gcomparáid le deireadh mhí na Bealtaine.
Ag deireadh mhí an Mheithimh 2023:
- Tá 52,004 duine ag dul thar an sprioc 12 seachtaine d’othair chónaithe/chás lae (OCCL) ar méadú beag é sin i gcomparáid le deireadh mhí na Bealtaine.
- Tá 10,611 duine ag dul thar an sproic Ionscópacht ghastraistéigeach de 12 seachtain, méadú beag i gcomparáid le deireadh mhí na Bealtaine.
- Tá 428,074 duine ag sárú na sprice 10 seachtaine d’othair sheachtracha (ROS), ar laghdú 1% é sin i gcomparáid le deireadh mhí na Bealtaine.
Léiríonn na figiúirí sin gur, i gcoiteann le seirbhísí sláinte ar fud na hEorpa, tá breisithe i bhfad níos airde le sonrú ar liostaí feithimh ná mar a bhí tuartha.
Bhí líon iomlán na n-othar a baineadh de liostaí feithimh ROS, OCCL agus scóip Ionscópacht ghastraistéigeach le linn na chéad chúig mhí de 2023 c.28,000 (c.4%) níos airde ná an sprioc, agus b’ionann breisithe ar liostaí feithimh sa tréimhse chéanna agus c.52,000 (c.8%) níos airde ná mar a bhí tuartha. Tá breisithe ar liostaí feithimh freisin c.79,000k (c.13%) níos airde ná an tréimhse chéanna i 2022, agus c.83,000 (c.14%) níos airde ná an tréimhse chéanna i 2019.
Cuireann an FSS breisithe ar liostaí feithimh níos airde ná mar a bhíothas ag súil leis de bharr roinnt fachtóirí, lena n-áirítear éileamh iar-phaindéimeach iompaithe. Tá breisithe níos airde ag teacht ar sheirbhísí sláinte go hidirnáisiúnta, lena n-áirítear sa RA mar shampla, i gcomparáid le blianta roimhe sin.
Tá an tuarascáil ghníomhaíochta ospidéil is déanaí arna fhoilsiú go míosúil ag FSS ar fáil ar líne anois. Tugann sé seo léargas rialta ar leibhéil ghéarghníomhaíochta, agus na milliúin othar á fheiceáil agus á gcóireáil go bliantúil laistigh dár gcóras ospidéil amháin.
Ó na sonraí is déanaí atá ar fáil le 12 mi anuas, bhí 3.4 milliún othar seachtrach agus 1.7 milliún othar cónaitheach / cás lae. Chomh maith leis an gcúram pleanáilte (‘sceidealaithe’) seo, chuir ár gcóras ospidéil cóireáil ar 1.6 milliún othar le linn na tréimhse céanna seo i gcúram éigeandála (‘neamhsceidealta’), is ionann sin agus méadú 10% ar leibhéil 2019 (réamh-phaindéime) agus léiríonn sé an brú leanúnach ar ospidéil agus freastail méadaithe ar Rannóg Éigeandála (RÉ), go háirithe i measc daoine scothaosta.
Bhí tionchar ag na brúanna seo ar chuid mhaith d'ospidéil na tíre sa chéad cúpla mí den bhliain mar a bhí tuartha, agus dá dheasca tá roinnt liosta feithimh tar éis méadú go sealadach. Mar sin féin, tá go leor samplaí ann d’ospidéil aonair le feabhsuithe suntasacha ar amanna feithimh in ainneoin na ndúshlán sin.
Mar shampla, le bliain anuas, laghdaigh Ospidéal Ollscoile Ros Comáin líon na n-othar atá ag fanacht le breis agus 18 mí ar choinne ROS faoi 70% ó 1,915 go 584, Tá laghdú 36% tagtha ar líon na n-othar atá ag feitheamh le níos mó ná 18 mí ar choinne ROS ó 5,103 go 3,291 ag CHI Cromghlinn agus laghdaigh Ospidéal Réigiúnach Lár Tíre Tulach Mhór líon na n-othar atá ag feitheamh thar 12 mhí ar ghnáthamh OCCL faoi 74% ó 221 go 57.
Nótaí
Mhol tuarascáil Sláintecare Thithe an Oireachtais 2017 uasmhéid am feithimh nach mó ná 12 seachtain le haghaidh gnáthamh othair chónaithigh / cás lae (OCCL) nó scóip Ionscópacht ghastraistéigeach agus suas le 10 seachtain le haghaidh othar seachtrach nua (ROS).
Leanann foilsiú an liosta feithimh agus na bhfigiúirí gníomhaíochta ag an CNCC agus FSS, seoladh an Phlean Gníomhaíochta Liosta Feithimh 2023 an 7 Márta ag an tAire Sláinte. Leanann Plean 2023 leis an gcur chuige ilbhliantúil chun aghaidh a thabhairt ar liostaí feithimh ar cuireadh tús leis i R4 2021 agus sonraítear 30 gníomh atá dírithe ar acmhainn a sheachadadh, cúram sceidealaithe a athchóiriú, agus athchóiriú cúraim sceidealaithe a chumasú. Tabharfaidh Plean 2023 maoiniú don FSS agus an CNCC chun liostaí feithimh a laghdú faoi 10% i mbliana chomh maith le leanúint ag laghdú amanna feithimh go suntasach i dtreo na spriocanna molta Sláintecare.
Samplaí de dhul chun cinn
Tá na figiúirí thíos bunaithe ar na sonraí is déanaí ón CNCC i gcoinne an ama seo anuraidh.
Dáta: 13/07/2023
ULHG
Tá laghdú 33% tagtha ar líon na n-othar atá ag fanacht le coinne ROS le bliain anuas, ó 43,437 go 28,971, ag Ospidéal na hOllscoile, Luimneach.
Laghdaigh Ospidéal Ortaipéideach Chromadh líon na n-othar atá ag fanacht le gnáthaimh OCCL faoi 24% le bliain anuas, ó 442 go 334.
Tá laghdú 100% tagtha ar líon na n-othar atá ag feitheamh le breis agus 12 mhí le haghaidh coinne ionscópacht ar an drólann nó ÉGD le bliain anuas, ó 133 go 0, in Ospidéal Naomh Eoin, Luimneach.
SAOLTA
Tá laghdú 56% tagtha ar líon na n-othar atá ag feitheamh le breis agus 18 mí ar choinne ROS le bliain anuas, ó 3,135 go 1,371, ag Ospidéal Ollscoile Mhaigh Eo.
Tá laghdú 54% tagtha le bliain anuas, ó 908 go 416, ar líon na n-othar atá ag fanacht ar ghnáthamh OCCL le bliain anuas, ó 908 go 416, in Ospidéal Ollscoile Leitir Ceanainn.
Tá laghdú 61% tagtha ar líon na n-othar atá ag feitheamh níos mó ná 13 seachtaine ar choinne ionscópacht ar an drólann nó ÉGD le bliain anuas, ó 1,309 go 505, in Ospidéil Ollscoile na Gaillimhe.
CHI
Tá laghdú 53% tagtha ar líon na n-othar atá ag feitheamh le breis agus 18 mí ar choinne ROS le bliain anuas, ó 3,759 go 1,767, ag CHI ar Shráid an Teampaill.
Laghdaigh CHI i gCromghlinn líon na n-othar atá ag feitheamh níos mó ná 12 mhí ar ghnáthamh OCCL faoi 10% le bliain anuas, ó 1,019 go 914.
SSWHG
Laghdaigh Ospidéal na hOllscoile Corcaigh líon na n-othar atá ag fanacht le coinne ROS faoi 6% le bliain anuas, ó 39,286 go 36,774.
Laghdaigh Ospidéal na hOllscoile Ciarraí líon na n-othar atá ag fanacht le gnáthaimh OCCL faoi 46% le bliain anuas, ó 382 go 205.
Tá laghdú 78% tagtha ar líon na n-othar atá ag feitheamh níos mó ná 13 seachtaine le haghaidh coinne ionscópacht ar an drólann nó ÉGD le bliain anuas, ó 374 go 82, in Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh.
IEHG
Laghdaigh Ospidéal Ollscoile Naomh Uinseann líon na n-othar atá ag fanacht níos mó ná 18 mí ar choinne ROS faoi 68% le bliain anuas, ó 1,475 go 479.
Laghdaigh Ospidéal Mhuire na hUaimhe líon na n-othar atá ag fanacht le gnáthaimh OCCL faoi 24% le bliain anuas, ó 922 go 693.
Laghdaigh Ospidéal Ginearálta Loch Garman líon na n-othar atá ag fanacht ar choinne ionscópacht ar an drólann nó ÉGD faoi 58% le bliain anuas, ó 891 go 370.
RCSI
Tá laghdú 47% tagtha ar líon na n-othar atá ag feitheamh le breis agus 18 mí ar choinne ROS le bliain anuas, ó 214 go 114, ag Ospidéal Mhaighdean Lourdes, Droichead Átha.
Laghdaigh Ospidéal Uí Chonghaile Baile Bhlainséir, líon na n-othar atá ag fanacht le gnáthaimh OCCL faoi 29% le bliain anuas, ó 1,372 go 965.
DMHG
Tá laghdú 5% tagtha ar líon na n-othar atá ag fanacht ar choinne ROS le bliain anuas, ó 2,980 go 2,842, ag Ospidéal Ollscoile an Choim do Mhná agus do Naíonáin.
Laghdaigh Ospidéal Ginearálta an Náis líon na n-othar atá ag fanacht le gnáthaimh OCCL faoi 52% le bliain anuas, ó 275 go 130.
Laghdaigh Ospidéal Ginearálta an Náis líon na n-othar atá ag fanacht ar choinne ionscópacht ar an drólann nó ÉGD faoi 25% le bliain anuas, ó 752 go 563