English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Figiúirí míosúla liosta feithimh – Dé hAoine 15 Meán Fómhair 2023

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 15 Meán Fómhair 2023
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Léiríonn figiúirí liostaí feithimh ospidéil a d'fhoilsigh an Ciste Náisiúnta um Cheannach Cóireála (CNCC) inniu go bhfuil gníomhaíocht spriocdhírithe faoin bPlean Gníomhaíochta um Liosta Feithimh ag dul chun cinn ar an sprioc ag deireadh mhí Lúnasa.

Léiríonn na figiúirí freisin, áfach, mar atá le seirbhísí sláinte ar fud na hEorpa, go bhfuil breisithe i bhfad níos airde againn ar liostaí feithimh ná mar a bhí réamh-mheasta.

Ba é líon iomlán na n-othar cóireáilte/bainte ó liostaí feithimh ROS, OCCL agus scóip Ionscópacht ghastraistéigeach ná c.44k (c.4.8%) a leanann chun tosaigh ar an sprioc, agus b’ionann breisithe do liostaí feithimh sa tréimhse chéanna agus c.71.7k (c.7.8%) níos airde ná mar a bhí tuartha. Tá breisithe ar liostaí feithimh freisin 109k (c.12.4 %) níos airde ná an tréimhse chéanna i 2022, agus 166.3k (c.20.3%) níos airde ná an tréimhse chéanna i 2019 (a bhí réamh-phaindéime). Cuireann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) breisithe ar liostaí feithimh níos airde ná mar a bhíothas ag súil leis de bharr roinnt fachtóirí, lena n-áirítear éileamh iar-phaindéimeach iompaithe.

Tá 497,963 duine againn anois ar na Liostaí Feithimh Gníomhacha (othair chónaithigh / cás lae, Scóipe Ionscópacht ghastraistéigeacha agus othair sheachtracha) ag fanacht níos faide ná uas-amanna feithimh Sláintecare.

Ag deireadh mhí Lúnasa 2023:

  • Tá 51,121 duine ag dul thar an sprioc 12 seachtaine d’othair chónaithe/chás lae (OCCL) ar méadú beag é sin i gcomparáid le deireadh mhí Iúil.
  • Tá 10,697 duine ag dul thar an sproic Ionscópacht ghastraistéigeach de 12 seachtain, sin méadú 6% i gcomparáid le deireadh mhí Iúil.
  • Tá 436,145 duine ag sárú na sprice 10 seachtaine d’othair sheachtracha (ROS), ar laghdú 1% é sin i gcomparáid le deireadh mhí Iúil.

Tá an tuarascáil ghníomhaíochta ospidéil is déanaí arna fhoilsiú go míosúil ag FSS ar fáil ar líne anois. Tugann sé seo léargas rialta ar leibhéil ghéarghníomhaíochta, agus na milliúin othar á fheiceáil agus á gcóireáil go bliantúil laistigh dár gcóras ospidéil amháin.

Tá an seirbhís sláinte ag tabhairt cóir leighis do i bfad níos mó othair. Ó na sonraí is déanaí atá ar fáil le 12 mí anuas, bhí 3.5 milliún othar seachtrach agus 1.8 milliún othar cónaitheach / cás lae. Chomh maith leis an gcúram pleanáilte (‘sceidealaithe’) seo, chuir ár gcóras ospidéil cóireáil ar 1.7 milliún othar le linn na tréimhse céanna seo i gcúram éigeandála (‘neamhsceidealta’), is ionann sin agus méadú 11% ar leibhéil 2019 (réamh-phaindéime) agus léiríonn sé an brú leanúnach ar ospidéil agus freastail méadaithe ar Rannóg Éigeandála (RÉ), go háirithe i measc daoine scothaosta.

Bhí tionchar ag na brúanna seo ar chuid mhaith d'ospidéil na tíre sa chéad leath den bhliain, agus dá dheasca tá roinnt liosta feithimh tar éis méadú go sealadach. Mar sin féin, tá go leor samplaí ann d’ospidéil aonair le feabhsuithe suntasacha ar amanna feithimh in ainneoin na ndúshlán sin.

Mar shampla, le bliain anuas, laghdaigh Ospidéal Réigiúnach Lár Tíre an Tulach Mhór líon na n-othar atá ag feitheamh le breis agus 12 mhí ar ghnáthamh OCCL faoi 98% le bliain anuas, ó 252 go 4, tá laghdú 55% tagtha ar líon na n-othar atá ag feitheamh le breis agus 18 mí ar choinne ROS le bliain anuas, ó 376 go 171 ag Ospidéal Ginearálta Mhala, agus Ospidéal Ollscoile Ros Comáin laghdú 63% ar líon na n-othar atá ag fanacht le coinne ionscópacht ar an drólann nó ionscópacht le bliain anuas, ó 521 go 192.


Nótaí

Mhol tuarascáil Sláintecare Thithe an Oireachtais 2017 uasmhéid am feithimh nach mó ná 12 seachtain le haghaidh gnáthamh othair chónaithigh / cás lae (OCCL) nó scóip Ionscópacht ghastraistéigeach agus suas le 10 seachtain le haghaidh othar seachtrach nua (ROS).

Leanann foilsiú an liosta feithimh agus na bhfigiúirí gníomhaíochta ag an CNCC agus an FSS, seoladh an Phlean Gníomhaíochta Liosta Feithimh 2023 an 7 Márta ag an tAire Sláinte. Leanann Plean 2023 leis an gcur chuige ilbhliantúil chun aghaidh a thabhairt ar liostaí feithimh ar cuireadh tús leis i R4 2021 agus sonraítear 30 gníomh atá dírithe ar acmhainn a sheachadadh, cúram sceidealaithe a athchóiriú, agus athchóiriú cúraim sceidealaithe a chumasú. Tabharfaidh Plean 2023 maoiniú don FSS agus an CNCC chun liostaí feithimh a laghdú faoi 10% i mbliana chomh maith le leanúint ag laghdú amanna feithimh go suntasach i dtreo na spriocanna molta Sláintecare.