Figiúirí Míosúla um Liosta Feithimh - Aibreán 2024
- Foilsithe: 10 Bealtaine 2024
- An t-eolas is déanaí: 10 Bealtaine 2024
Sna figiúirí nua i leith liostaí feithimh ospidéil a d’fhoilsigh an Ciste Náisiúnta um Cheannach Cóireála (CNCC) inniu, léirítear an dul chun cinn leanúnach atá déanta le bliain anuas, trí chur chuige an phlean gníomhaíochta ilbhliantúil, chun dul i ngleic le liostaí feithimh agus amanna feithimh.
Tá laghdú timpeall c.25% tagtha ar an líon daoine atá ag feitheamh níos mó ná spriocanna Sláintecare ón am a bhí na líonta is mó ann aimsir na paindéime, ar ionann é sin agus beagnach 160,000 duine.
Tá 467,693 othar ar na liostaí feithimh gníomhacha faoi láthair (othar cónaitheach / lae (IPDC), Scóip Ghastraistéigeach agus othar seachtrach (OPD)) atá ag feitheamh níos faide ná na huastréimhsí feithimh Sláintecare, le 231,979 othar ag feitheamh laistigh de spriocanna Sláintecare.
Amhail deireadh mhí Aibreáin 2024:
- Tá 51,873 duine thar an sprioc IPDC 12 seachtaine, atá mar an gcéanna le deireadh mhí Aibreáin 2023
- Tá 9,234 duine thar an sprioc um Scóip Ghastraistéigeach 12 seachtaine, sin laghdú c.14% i gcomparáid le deireadh mhí Aibreáin 2023.
- Tá 406,586 duine thar an sprioc OPD 10 seachtaine, sin laghdú c.6% i gcomparáid le deireadh mhí Aibreáin 2023.
Le bliain anuas, tá laghdú c.1% (6,836) tagtha ar an liosta feithimh iomlán. Amhail deireadh mhí Aibreáin, bhí 699,672 othar ar na liostaí feithimh ospidéil iomlán, a thagann go ginearálta le réamh-mheastacháin 2024. Is gnách go dtagann méadú ar liostaí feithimh sa chuid is luaithe den bhliain mar go bhfuil srian ar chúram roghnach mar gheall ar leibhéil arda éilimh ar chúram neamhsceidealta. In ainneoin na ndúshlán suntasach a tháinig as paindéim COVID-19, brúnna ranna éigeandála agus fachtóirí oibríochtúla eile, lena n-áirítear an earcaíocht, tá feabhsuithe curtha i gcrích ag ár n-ospidéil atá ag déanamh difríocht mhór d’othair. Tá laghduithe suntasacha bainte amach ag go leor ospidéal aonair i ndáil lena liostaí feithimh agus na tréimhsí feithimh. Tá FSS ag obair faoi láthair chun an fheidhmíocht dhearfach seo a mhacasamhlú ar fud an chórais ospidéil ar fad.
Tá an tuarascáil gníomhaíochta ospidéil is déanaí a fhoilsíonn Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte gach mí ar fáil ar líne anois.Sa tuarascáil, soláthraítear léargas rialta ar leibhéil ghéarghníomhaíochta, agus na milliúin othar á láimhseáil agus á gcóireáil go bliantúil laistigh dár gcóras ospidéil amháin. I ndáil leis an tréimhse 12 mhí de shonraí is déanaí a bhí ar fáil, ó fheabhra 2023 go dtí Eanáir 2024, bhí c.3.7 milliún othar seachtrach agus c.1.9 milliún othar IPDC i láthair. Anuas ar an gcúram pleanáilte (‘sceidealaithe’) seo, sa chóras ospidéil againn, cuireadh cóireáil ar c.1.7 milliún othar le linn na tréimhse céanna seo mar chúram éigeandála (‘neamhsceidealta’), arb ionann é agus méadú 3.2% ar an timthriall 12 mhí roimhe sin agus léiríonn sé sin an brú leanúnach atá ar ár n-ospidéil.
Mar chuid den chur chuige ilbhliantúil maidir le liostaí feithimh a laghdú agus chomh tábhachtach céanna, an méid ama a bhíonn othair ag fanacht, ar an 27 Márta 2024, d'fhoilsigh an Roinn Sláinte Plean Gníomhaíochta an Liosta Feithimh 2024 (WLAP) ina leagtar amach 19 nGníomh thar thrí théama: Acmhainn a Sheachadadh, Cúram Sceidealta a Athchóiriú, agus Athchóiriú Cúraim Sceidealta a Chumasú.
Leithdháileadh maoiniú €437 milliún chun dul i ngleic le liostaí feithimh in 2024. Tá €360 milliún san iomlán den mhaoiniú seo curtha ar fáil do Phlean Gníomhaíochta Liosta Feithimh 2024 (WLAP), lena n-áirítear €179 milliún don Chiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála (NTPF). Leithdháileadh maoiniú €77 milliún freisin do thionscnaimh chúraim phríomhúil/phobalbhunaithe. Áirítear leis seo €3 mhilliún, go sonrach chun aghaidh a thabhairt ar liostaí feithimh i Seirbhísí Meabhairshláinte do Leanaí agus d'Ógánaigh (CAMHS), atá mar thosaíocht ag an Aire Sláinte in 2024.
Tá sé mar aidhm ag an bPlean Gníomhaíochta WLAP 2024 laghdú beagnach 6% a bhaint amach ar líon iomlán na n-othar ar liostaí feithimh, méadú ar an laghdú 2.7% a baineadh amach anuraidh. Le WLAP 2024, tá an Roinn Sláinte, FSS agus an NTPF ag glacadh na chéad chéimeanna eile sa chur chuige ilbhliantúil, lena n-áirítear spriocanna Sláintecare a chur i bhfeidhm trí líon na n-othar a sháraíonn Spriocanna Ama Feithimh Sláintecare a laghdú 10% ó dheireadh na bliana 2023 agus rochtain thráthúil agus thrédhearcach ar chúram sceidealaithe ardchaighdeáin a éascú, do gach duine, cibé áit agus cibé am a theastaíonn sé uathu.