Figiúirí Míosúla um Liosta Feithimh - Eanáir 2024
- Foilsithe: 9 Feabhra 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Sna figiúirí nua i leith liostaí feithimh ospidéil a d’fhoilsigh an Ciste Náisiúnta um Cheannach Cóireála (CNCC) inniu, léirítear an dul chun cinn leanúnach atá déanta le bliain anuas, trí chur chuige an phlean gníomhaíochta ilbhliantúil, chun dul i ngleic le liostaí feithimh atá ag dul i méad agus amanna feithimh fada.
Tá laghdú timpeall 25% tagtha ar an líon daoine atá ag feitheamh níos mó ná spriocanna Sláintecare ón am a bhí na líonta is mó ann aimsir na paindéime, ar ionann é sin agus beagnach 155,000 duine. Ba é 472,628 an líon iomlán daoine ar an liosta feithimh a sháraigh na spriocanna 10 agus 12 seachtaine ag deireadh Eanáir 2024, agus is ionann sin agus laghdú 8% (42,655) ó dheireadh mhí Feabhra 2023 (nuair a thosaigh an CNCC ar figiúirí míosúla um amanna feithimh Sláintecare a fhoilsiú den chéad uair). Ba ionann líon iomlán na n-othar a bhí ag feitheamh laistigh de spriocanna Sláintecare ag deireadh mhí Eanáir 2024 ná 206,619, nó laghdú 3% ó mhí na Nollag 2023.
Le bliain anuas, ó Eanáir 2023 i leith, tá laghdú 18,646 (-3%) tagtha ar an liosta feithimh iomlán. Amhail deireadh mhí Eanáir, bhí 679,247 othar ar na liostaí feithimh ospidéil gníomhacha. Ó Eanáir 2023, tháinig laghdú -20,979 (-4%) ar liosta feithimh na n-othar seachtrach (OPD), tháinig méadú 2,811 (IPDC) ar liosta feithimh na n-othar cónaitheach/lae (+3%) agus léirítear sa chomparáid bliain ar bhliain ag deireadh mhí Eanáir 2024 gur tháinig laghdú -478 (-2%) ar liosta feithimh le haghaidh Scóip Ghastraistéigeach.
Go traidisiúnta is é mí Eanáir an am a sheachadtar cúram roghnach teoranta mar gheall ar an ardú san éileamh ar chúram neamhsceidealaithe tar éis na Nollag agus mar gheall ar leibhéil arda tinnis riospráide a bhíonn ann. Dá réir sin, bheimis ag súil le treocht aníos ar liostaí feithimh do chúram roghnach ag an am seo.
Amhail deireadh mhí Eanáir 2024:
- Tá 52,718 duine thar an sprioc IPDC 12 seachtaine, sin méadú 5% i gcomparáid le deireadh mhí na Nollag 2023.
- Tá 10,020 duine thar an sprioc um Scóip Ghastraistéigeach 12 seachtaine, sin méadú 15% i gcomparáid le deireadh mhí na Nollag 2023.
- Tá 409,890 duine thar an sprioc IPDC 10 seachtaine, sin méadú 3% i gcomparáid le deireadh mhí na Nollag 2023.
Mar gheall ar bhearnaí suntasacha sonraí atá ann de thoradh gníomhaíocht thionsclaíoch reatha, chuir Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) in iúl go bhfuil foilsiú nuashonrú gníomhaíochta mhí Feabhra, a chlúdaíonn an tréimhse ó mhí na Samhna 2022 go dtí mí Dheireadh Fómhair 2023, curtha ar atráth. Sa tuarascáil, soláthraítear léargas rialta ar leibhéil ghéarghníomhaíochta, agus na milliúin othar á láimhseáil agus á gcóireáil go bliantúil laistigh dár gcóras ospidéil amháin. I ndáil leis an tréimhse 12 mhí de shonraí is déanaí a bhí ar fáil, bhí c.3.5 milliún othar seachtrach agus c.1.8 milliún othar cónaitheach / lae i láthair.
Anuas ar an gcúram pleanáilte (‘sceidealaithe’) seo, sa chóras ospidéil againn, cuireadh cóireáil ar c.1.6 milliún othar le linn na tréimhse céanna seo mar chúram éigeandála (‘neamhsceidealta’), arb ionann é agus méadú c.8% ar leibhéil 2019 (réamhphaindéimeach) agus léiríonn sé sin an brú leanúnach atá ar ospidéil agus an freastal méadaithe ar Rannóg Éigeandála (ED), go háirithe i measc daoine scothaosta.
In ainneoin na ndúshlán suntasach a tháinig as paindéim COVID-19, brúnna ranna éigeandála agus fachtóirí oibríochtúla eile, lena n-áirítear an earcaíocht, tá feabhsuithe curtha i gcrích ag ár n-ospidéil atá ag déanamh difríocht mhór d’othair. Tá laghduithe suntasacha bainte amach ag go leor ospidéal aonair i ndáil lena liostaí feithimh agus na tréimhsí feithimh. Tá FSS ag obair faoi láthair chun an fheidhmíocht dhearfach seo a mhacasamhlú ar fud an chórais ospidéil ar fad.
Mar shampla, sa bhliain is deireanaí, in Ospidéal Mhuire na hUaimhe, laghdaíodh líon na n-othar atá ag feitheamh thar 15 mhí ar choinní OPD faoi 64% ó 1,417 go 516. Ina theannta sin, in Ospidéal Réigiúnach Lár na Tíre an Mhuileann gCearr, laghdaíodh líon na n-othar atá ag feitheamh thar 9 mí ar ghnáthamh IPDC faoi 66%, ó 173 go 59, agus in Ospidéal Ollscoile na Gaillimhe laghdaíodh líon na n-othar atá ag feitheamh níos mó ná 13 seachtaine le haghaidh gnáthaimh ionscópacht ar an drólann nó Éasafaga-Gastra-Dúidéineascópacht (OGD) faoi 60%, ó 827 go 328.
Don bhliain 2024, tá pacáiste maoinithe iomlán de €407 milliún á leithdháileadh chun dul i ngleic le liostaí feithimh le €332 milliún de seo á leithdháileadh ar Phlean Gníomhaíochta Liosta Feithimh 2024 agus an €75 milliún eile á dhíriú ar bhearta éagsúla chun liostaí feithimh le haghaidh cúram pobail/bunúil a mhaolú.
Cuimseoidh an cistiú gníomhaíocht lárnach FSS, breisíocht a sholáthrófar tríd an NTPF agus an FSS, chomh maith le forbairtí seirbhíse nua a chur chun cinn chun cúram roghnach a leasú tuilleadh. Sa tslí sin éascófar na chéad chéimeanna eile sa chur chuige ilbhliantúil i dtreo rochtain thráthúil agus thrédhearcach ar chúram sceidealta d’ardchaighdeán a bhaint amach do chách, áit agus nuair a bhíonn sé de dhíth orthu, ag teacht le hathchóirithe Sláintecare.