Figiúirí Míosúla um Liosta Feithimh- Feabhra 2024
- Foilsithe: 8 Márta 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Sna figiúirí nua i leith liostaí feithimh ospidéil a d’fhoilsigh an Ciste Náisiúnta um Cheannach Cóireála (CNCC) inniu, léirítear an dul chun cinn leanúnach atá déanta le bliain anuas, trí chur chuige an phlean gníomhaíochta ilbhliantúil, chun dul i ngleic le liostaí feithimh atá ag dul i méad agus amanna feithimh fada.
Le bliain anuas, ó Feabhra 2023, tá laghdú c.2.2% (15.5k) tagtha ar an liosta feithimh iomlán. Amhail deireadh mhí Feabhra, bhí c.689.5k othar ar na liostaí feithimh ospidéil gníomhacha.Tá an méid a baineadh ón liosta c.10k (c.5.4%) níos airde ná an tréimhse chéanna anuraidh, cé go bhfuil breisithe c.12.7k (c.6.6%) níos airde.
Ó Feabhra 2023, tháinig laghdú c.17.5k (c.2.9%) ar liosta feithimh na n-othar seachtrach (OPD), tháinig méadú c.2.9k (c.3.5%) ar liosta feithimh na n-othar cónaitheach/lae (+3%) (IPDC) agus agus léirítear sa chomparáid bliain ar bhliain ag deireadh mhí Feabhra 2024 gur tháinig laghdú c.0.9k (c.3.6%) ar liosta feithimh le haghaidh Scóip Ghastraistéigeach i gcomparáid leis an tréimhse chéanna anuraidh agus tá an fás bliain ar bhliain den liosta feithimh níos ísle ná treochtaí 2023.
Tá laghdú timpeall 24% tagtha ar an líon daoine atá ag feitheamh níos mó ná spriocanna Sláintecare ón am a bhí na líonta is mó ann aimsir na paindéime, ar ionann é sin agus beagnach 148,000 duine. Ba é 478,898 an líon iomlán daoine ar an liosta feithimh a sháraigh na spriocanna 10 agus 12 seachtaine ag deireadh Feabhra 2024, agus is ionann sin agus méadú 1.3% (6,270) i gcomparáid le deireadh mhí Eanáir. Ba ionann líon iomlán na n-othar a bhí ag feitheamh laistigh de spriocanna Sláintecare ag deireadh mhí Feabhra 2024 ná 210,637.
Táthar ag súil leis an gconair aníos seo do liostaí feithimh géarmhíochaine ospidéil ag an bpointe seo. Go hiondúil, cuirtear cúram roghnach teoranta ar fáil sna míonna ag tús na bliana mar gheall ar an mborradh geimhridh ar an éileamh ar chúram neamhsceidealta agus mar gheall ar leibhéil arda tinnis riospráide, a bhíonn á scaipeadh timpeall. Tá FSS ag rá go bhfuil dúshláin dhéimeagrafacha (m.sh., fás daonra, inimirce, daonra atá ag dul in aois srl) agus dúshláin neamhdhéimeagrafacha (m.sh., feasacht mhéadaithe ar sheirbhísí, forbairtí nua seirbhíse, galar ainsealach agus éileamh méadaithe tar éis phaindéim COVID) mar chúis leis na méaduithe ar an liosta feithimh. Tá grúpa ilghníomhaireachta (FSS, NTPF agus an Roinn Sláinte) i mbun tuilleadh anailíse a fháil ar chumas éilimh agus ar nósanna atreoraithe chun léargais níos sonraí a fháil ar an treocht seo agus an dealraitheacht go leanfaidh sé ar aghaidh i rith 2024.
Tá an tuarascáil gníomhaíochta ospidéil is déanaí a fhoilsíonn Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte gach mí ar fáil ar líne anois. Sa tuarascáil, soláthraítear léargas rialta ar leibhéil ghéarghníomhaíochta, agus na milliúin othar á láimhseáil agus á gcóireáil go bliantúil laistigh dár gcóras ospidéil amháin. I ndáil leis an tréimhse 12 mhí de shonraí is déanaí a bhí ar fáil, bhí c.3.6 milliún othar seachtrach agus c.1.8 milliún othar cónaitheach / lae i láthair. Anuas ar an gcúram pleanáilte (‘sceidealaithe’) seo, sa chóras ospidéil againn, cuireadh cóireáil ar c.1.7 milliún othar le linn na tréimhse céanna seo mar chúram éigeandála (‘neamhsceidealta’), arb ionann é agus méadú c.11% ar leibhéil 2019 (réamhphaindéimeach) agus léiríonn sé sin an brú leanúnach atá ar ospidéil agus an freastal méadaithe ar Rannóg Éigeandála (ED), go háirithe i measc daoine scothaosta.
In ainneoin na ndúshlán suntasach a tháinig as paindéim COVID-19, brúnna ranna éigeandála agus fachtóirí oibríochtúla eile, lena n-áirítear an earcaíocht, tá feabhsuithe curtha i gcrích ag ár n-ospidéil atá ag déanamh difríocht mhór d’othair. Tá laghduithe suntasacha bainte amach ag go leor ospidéal aonair i ndáil lena liostaí feithimh agus na tréimhsí feithimh. Tá FSS ag obair faoi láthair chun an fheidhmíocht dhearfach seo a mhacasamhlú ar fud an chórais ospidéil ar fad.
Mar shampla, sa bhliain is deireanaí, in Ospidéal na hOllscoile Corcaigh, laghdaíodh líon na n-othar atá ag feitheamh thar 15 mhí ar choinní OPD faoi 33% ó 10,604 go 7,113. Ina theannta sin, in Ospidéal na hOllscoile Leitir Ceanainn, laghdaíodh líon na n-othar atá ag feitheamh thar 9 mí ar ghnáthamh IPDC faoi 56%, ó 723 go 315, agus in Ospidéal an Mater Misercordiae laghdaíodh líon na n-othar atá ag feitheamh níos mó ná 13 seachtaine le haghaidh gnáthaimh ionscópacht ar an drólann nó Éasafaga-Gastra-Dúidéineascópacht (OGD) faoi 64%, ó 666 go 238.
Le haghaidh 2024, tá tuilleadh infheistíochta faighte chun dul i ngleic le liostaí feithimh agus leanúint leis an gcur chuige ilbhliantúil chun liostaí feithimh géarmhíochaine ospidéil a laghdú agus a athchóiriú. Tá WLAP 2024 á thabhairt chun críche faoi láthair tar éis dianchomhoibriú idir an Roinn Sláinte, FSS agus an NTPF le míonna beaga anuas. Ar leithligh, cuideoidh bearta spriocdhírithe breise le liostaí feithimh cúraim phobail/phríomhúil a laghdú.