Figiúirí Míosúla um Liosta Feithimh - Márta 2024
- Foilsithe: 12 Aibreán 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Sna figiúirí nua i leith liostaí feithimh ospidéil a d’fhoilsigh an Ciste Náisiúnta um Cheannach Cóireála (NTPF) inniu, léirítear an dul chun cinn leanúnach atá déanta le bliain anuas, trí chur chuige an phlean gníomhaíochta ilbhliantúil, chun dul i ngleic le liostaí feithimh atá ag dul i méad agus amanna feithimh fada.
Ba é 463,296 an líon iomlán daoine ar an liosta feithimh a sháraigh na spriocanna 10 agus 12 seachtaine ag deireadh Márta 2024, agus is ionann sin agus laghdú c.3.2% (15,602) i gcomparáid le deireadh mhí Feabhra. Ba ionann líon iomlán na n-othar a bhí ag feitheamh laistigh de spriocanna Sláintecare ag deireadh mhí Feabhra 2024 ná 232,450.
Amhail deireadh mhí an Mhárta 2024:
- Tá 51,544 duine thar an sprioc IPDC 12 seachtaine, sin laghdú c.4.4% i gcomparáid le deireadh mhí Feabhra 2024.
- Tá 9,285 duine thar an sprioc um Scóip Ghastraistéigeach 12 seachtaine, sin laghdú c.11.2% i gcomparáid le deireadh mhí Feabhra 2024.
- Tá 402,467 duine thar an sprioc IPDC 10 seachtaine, sin laghdú c.2.9% i gcomparáid le deireadh mhí Feabhra 2024.
Tá laghdú timpeall c.26% tagtha ar an líon daoine atá ag feitheamh níos mó ná spriocanna Sláintecare ón am a bhí na líonta is mó ann aimsir na paindéime, ar ionann é sin agus beagnach 164,000 duine.
Le bliain anuas, ó Márta 2023 i leith, tá laghdú c.1.4% (9,765) tagtha ar an liosta feithimh iomlán. Amhail deireadh mhí Márta, bhí 695,746 othar ar na liostaí feithimh ospidéil gníomhacha. Cuireadh c.143k leis an Liosta Feithimh i mí an Mhárta. Baineadh c.110k ón Liosta Feithimh i mí an Mhárta.
Ó Márta 2023, tháinig laghdú c.9.8k (c.1.7%) ar liosta feithimh na n-othar seachtrach (OPD), tháinig méadú c.1.7k (c.2%) ar liosta feithimh na n-othar cónaitheach/lae (IPDC) agus léirítear sa chomparáid bliain ar bhliain ag deireadh mhí Márta 2024 gur tháinig laghdú c.1.7k (c.6.6%) ar liosta feithimh le haghaidh Scóip Ghastraistéigeach, i gcomparáid leis an uair seo anuraidh.
Sa tuarascáil, soláthraítear léargas rialta ar leibhéil ghéarghníomhaíochta, agus na milliúin othar á láimhseáil agus á gcóireáil go bliantúil laistigh dár gcóras ospidéil amháin. I ndáil leis an tréimhse 12 mhí de shonraí is déanaí a bhí ar fáil, bhí c.3.6 milliún othar seachtrach agus c.1.8 milliún othar cónaitheach / lae (IPDC) i láthair. Anuas ar an gcúram pleanáilte (‘sceidealaithe’) seo, sa chóras ospidéil againn, cuireadh cóireáil ar c.1.7 milliún othar le linn na tréimhse céanna seo mar chúram éigeandála (‘neamhsceidealta’), arb ionann é agus méadú c.2% ar an timthriall 12 mhí roimhe sin agus léiríonn sé sin an brú leanúnach atá ar ár n-ospidéil.
In ainneoin na ndúshlán suntasach a tháinig as paindéim COVID-19, brúnna ranna éigeandála agus fachtóirí oibríochtúla eile, lena n-áirítear an earcaíocht, tá feabhsuithe curtha i gcrích ag ár n-ospidéil atá ag déanamh difríocht mhór d’othair. Tá laghduithe suntasacha bainte amach ag go leor ospidéal aonair i ndáil lena liostaí feithimh agus na tréimhsí feithimh. Tá FSS ag obair faoi láthair chun an fheidhmíocht dhearfach seo a mhacasamhlú ar fud an chórais ospidéil ar fad.
Mar shampla, sa bhliain is deireanaí, in Ospidéal na hOllscoile, Luimneach, laghdaíodh líon na n-othar atá ag feitheamh thar 15 mhí ar choinní OPD faoi 68% ó 5,364 go 1,702. Ina theannta sin, in Ospidéal Réigiúnach Lár Tíre, An Tulach Mhór, laghdaíodh líon na n-othar atá ag feitheamh thar 9 mí ar ghnáthamh IPDC faoi 61%, ó 315 go 123, agus in Ospidéal Ollscoile na Gaillimhe laghdaíodh líon na n-othar atá ag feitheamh níos mó ná 13 seachtaine le haghaidh gnáthaimh ionscópacht ar an drólann nó Éasafaga-Gastra-Dúidéineascópacht (OGD) faoi 67% ó 628 go 208.
Mar chuid den chur chuige ilbhliantúil maidir le liostaí feithimh a laghdú agus chomh tábhachtach céanna, an méid ama a bhíonn othair ag fanacht, ar an 27 Márta 2024, d'fhoilsigh an Roinn Sláinte Plean Gníomhaíochta an Liosta Feithimh 2024 (WLAP) ina leagtar amach 19 nGníomh thar thrí théama: Acmhainn a Sheachadadh, Cúram Sceidealta a Athchóiriú, agus Athchóiriú Cúraim Sceidealta a Chumasú.
Leithdháileadh maoiniú €437 milliún chun dul i ngleic le liostaí feithimh in 2024. Tá €360 milliún san iomlán den mhaoiniú seo curtha ar fáil do Phlean Gníomhaíochta Liosta Feithimh 2024 (WLAP), lena n-áirítear €179 milliún don Chiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála (NTPF). Leithdháileadh maoiniú €77 milliún freisin do thionscnaimh chúraim phríomhúil/phobalbhunaithe. Áirítear leis seo €3 mhilliún, go sonrach chun aghaidh a thabhairt ar liostaí feithimh i Seirbhísí Meabhairshláinte do Leanaí agus d'Ógánaigh (CAMHS), atá mar thosaíocht ag an Aire Sláinte in 2024.
Tá sé mar aidhm ag an bPlean Gníomhaíochta WLAP 2024 laghdú beagnach 6% a bhaint amach ar líon iomlán na n-othar ar liostaí feithimh, méadú ar an laghdú 2.7% a baineadh amach anuraidh.
Cuirfear béim leanúnach freisin ar amanna feithimh a laghdú, le laghdú spriocdhírithe 10% ar líon na n-othar a sháraíonn na Spriocanna Ama Sláintecare (amhail deireadh na bliana 2023).
Nótaí:
Tá sé tábhachtach go ndéanfaí na spriocanna sin a chur i gcomhthéacs bunaithe ar rátaí gníomhaíochta réamh-mheasta do 2024. In 2023, sháraigh 5% an sprioc fhoriomlán maidir le baint anuas, agus baineadh os cionn 1.74 milliún othar de liostaí feithimh ospidéil. Tá súil ag WLAP 2024 níos mó othar a bhaint i mbliana agus táthar ag tuar go mbainfear os cionn 1.81 milliún othar de liostaí feithimh na n-ospidéal faoi dheireadh mhí na Nollag 2024.
Meastar, áfach, go dtiocfaidh méadú breise ar an ráta breise ar an liosta feithimh in 2024 thar na leibhéil a bhí ann anuraidh. Bhí ráta na mbreisithe in 2023 8% níos airde ná mar a bhí dírithe ar WLAP 2023 agus os cionn 12% níos airde ná an ráta breisithe a chonacthas in 2022. I gcás 2024, tá FSS ag tuar go mbeidh an ráta breisithe thart ar 5% níos airde ná mar a bhí in 2023.
Tá FSS ag rá go bhfuil dúshláin dhéimeagrafacha (m.sh., fás daonra, inimirce, daonra atá ag dul in aois srl) agus dúshláin neamhdhéimeagrafacha (m.sh., feasacht mhéadaithe ar sheirbhísí, forbairtí nua seirbhíse, galar ainsealach agus éileamh méadaithe tar éis phaindéim COVID) mar chúis leis na méaduithe ar an liosta feithimh.
Bhí tionchar ag an mbéim láidir ar liosta feithimh an OPD le linn 2024. Ós rud é go ndéantar thart ar dhuine as gach cúigear othar a atreorú chuig liostaí feithimh othar cónaitheach / cás lae (IPDC) tar éis coinne tosaigh OPD a bheith acu, beidh tionchar ag an bhfócas méadaithe OPD seo ar liostaí feithimh IPDC. Mar sin féin, cé go meastar go dtiocfaidh méadú ar líon foriomlán na n-othar ar liostaí feithimh IPDC le linn 2024, rud atá tábhachtach ó thaobh othar de, tiocfaidh laghdú ar líon na n-othar a sháraíonn spriocanna ama feithimh Cúraim Sláinte ar na liostaí seo.
Bhí tionchar ag an mbéim láidir ar liosta feithimh na n-othar seachtrach le linn 2023 - agus laghdú 4% le feiceáil ar liosta feithimh na n-othar seachtrach - ar liosta feithimh IPDC. Déantar thart ar 20% (1 as 5) d'othair sheachtracha a atreorú do nós imeachta tar éis coinne tosaigh othar seachtrach a bheith acu. Tá éifeacht iarmhartach shoiléir ag na hathrutihe seo ar liostaí feithimh IPDC, agus mar thoradh air sin, cé go raibh méid na gníomhaíochta IPDC chun tosaigh ar an sprioc in 2023, tháinig méadú ar na huimhreacha ar na liostaí feithimh.
In 2024, tagann an dúshlán céanna chun cinn agus an bhéim leanúnach ar liostaí feithimh na n-othar seachtrach a laghdú. Tá WLAP 2024 ag díriú ar mhéadú uaillmhianach 8% ar ghníomhaíocht OPD i gcomparáid le toradh 2023. Beidh tionchar dá bharr sin aige seo ar atreoruithe chuig liostaí IPDC. Mar sin féin, níos tábhachtaí fós, trí bhearta méadaithe gníomhaíochta agus táirgiúlachta, dírítear ar líon na n-othar ar na liostaí seo atá ag dul thar spriocanna ama feithimh Sláintecare a laghdú 10%.
Cuimsíonn cur chuige ilbhliantúil an WLAP, a tionscnaíodh in 2021, cur chuige dhá-fhadaithe maidir le gníomhaíochtaí gearrthéarmacha chun acmhainn agus gníomhaíocht a mhéadú sna bearta athchóirithe láithreacha agus fadtéarmacha chun liostaí feithimh ospidéil agus amanna feithimh a laghdú agus a athchóiriú go hinbhuanaithe. Tá tionchar dearfach ag an gcur chuige WLAP seo ar liostaí feithimh ospidéil. Mar shampla, tá laghdú bainte amach ag gach ceann de na WLAPanna go dtí seo ar líon foriomlán an liosta feithimh ag deireadh gach bliana, eadhon laghdú 5.4% ó Mheán Fómhair go Nollaig 2021, laghdú 4.1% do WLAP 2022, agus laghdú 2.7% do WLAP 2023.
Le WLAP 2024, tá an Roinn Sláinte, FSS agus an NTPF ag glacadh na chéad chéimeanna eile sa chur chuige ilbhliantúil i dtreo ár bhfís de sheirbhís cúraim sláinte poiblí den chéad scoth a bhaint amach, trína bhfuil rochtain thráthúil agus thrédhearcach ag gach duine ar chúram sceidealaithe ardchaighdeáin, san áit chuí, nuair a theastaíonn sé uathu.