English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Figiúirí míosiúla maidir le liostaí feithimh - Eanáir 2025

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 14 Feabhra 2025
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Leis na figiúirí is déanaí maidir le liostaí feithimh ospidéil do mhí Eanáir a d’fhoilsigh an Ciste Náisiúnta um Cheannach Cóireála (NTPF) inniu, cuirtear i dtábhacht an dul chun cinn a rinneadh leis an gcur chuige sa phlean gníomhaíochta ilbhliantúil maidir le haghaidh a thabhairt ar agaí fada feithimh ar chúram. Léiríonn an tuarascáil ghníomhaíochta ospidéil is déanaí, a d’fhoilsigh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), go bhfuil leibhéil mhéadaithe gníomhaíochta ann maidir le soláthar seirbhísí cúraim sceidealta agus seirbhísí cúraim neamhsceidealta.

Tagann figiúirí an lae inniu sna sála ar fhoilsiú an Item was unpublished or removed ag an Aire Sláinte Jennifer Carroll MacNeill níos luaithe an tseachtain seo. Leis an bplean sin, léirítear tiomantas an rialtais maidir le tréimhsí feithimh d’othair a laghdú, agus ar an gcaoi sin rochtain ar chúram ospidéil a fheabhsú.

Féadfaidh an borradh a thagann ar an éileamh ar chúram neamhsceidealta i rith an gheimhridh agus leibhéil arda tinnis riospráide tionchar a bheith acu ar sheachadadh cúraim roghnaigh i míonna tosaigh na bliana. Mar sin de, maidir leis an méadú ar líon na n-othar ar na liostaí feithimh a fheictear sna figiúirí do mhí Eanáir, bhí coinne leis agus treocht ilbhliantúil a bhfuil coinne leis atá ann.

Cé go mbaineann siad leis an am sin den bhliain, feicimid sna figiúirí a foilsíodh inniu go bhfuil dul chun cinn fós á dhéanamh, lena n-áirítear dul chun cinn maidir leis na hothair sin a bhfuil an tréimhse feithimh is faide acu. Tá feabhsuithe suntasacha níos fadtéarmaí feicthe againn freisin maidir le tréimhsí feithimh ón tráth gur cuireadh tús leis an gcur chuige ilbhliantúil sa Phlean gníomhaíochta maidir le liostaí feithimh i Meán Fómhair 2021.

Léiríonn na laghduithe ar thréimhsí feithimh a baineadh amach faoin gcur chuige sa Phlean gníomhaíochta maidir le liostaí feithimh go ndearnadh dul chun cinn marthanach i dtreo ár sprioc deiridh chun na hamanna feithimh uasta a leagadh amach i dtuarascáil Cúram Sláinte 2017 a bhaint amach, mar shampla, 10 seachtaine d’othair sheachtracha (OPD) agus 12 sheachtain d’othair chónaitheacha agus d'othair cásanna lae (IPDC).

Tá ospidéil ghéarmhíochaine na hÉireann ag seachadadh leibhéil níos airde gníomhaíochta agus ag cur cóireáil ar i bhfad níos mó othar ná riamh. Sa tuarascáil ghníomhaíochta rollach 12 mhí is déanaí ón ospidéal a d'fhoilsigh FSS, tugtar léargas ar leibhéil ghéarghníomhaíochta, agus déantar na milliúin othar a fheiceáil agus a chóireáil gach bliain laistigh dár seirbhís ospidéil. Leagtar amach sa tuarascáil go raibh thart ar 3.9 milliún duine ag freastal ar OPD, agus thart ar 1.9 milliún duine ag freastal ar IPDC le linn na tréimhse a chumhdaítear sa tuarascáil. I gcomparáid leis na leibhéil ghníomhaíochta a soláthraíodh sa bhliain iomlán 2022, tá na figiúirí sin ina méaduithe de thart ar 14% ar ghníomhaíocht i Rannóga na nOthar Seachtrach (OPD) agus de thart ar 12% ar ghníomhaíocht maidir le hothair chónaitheacha agus othair cásanna lae (IDPC).

Anuas ar an gcúram pleanáilte seo, cuireadh cóireáil in ár gcuid ospidéal ar thart ar 1.8 milliún othar le linn na tréimhse céanna i gcúram éigeandála, ar méadú de thart ar 10% é ar an mbliain iomlán 2022 agus is léiriú é ar na héilimh leanúnacha ar ár n-ospidéil.


Nótaí

Cuireadh tús leis an gcur chuige sa Phlean ilbhliantúil gníomhaíochta maidir le liostaí feithimh i Meán Fómhair 2021 chun liostaí feithimh agus tréimhsí feithimh ospidéil a laghdú agus athchóiriú a dhéanamh orthu ar bhealach inbhuanaithe.

Tá an rialtas tiomanta tréimhsí feithimh a laghdú tuilleadh, agus an spioc againn go bhfeicfear gach othar laistigh den sprioc de 10 seachtaine atá ag Sláintecare le haghaidh othair sheachtracha agus 12 seachtaine le haghaidh othair cásanna lae agus le haghaidh ionscópacht ar an gconair ghastraistéigeach.

Ag teacht leis an ngealltanas sin, tá maoiniú suntasach €420 milliún leithdháilte ar an bplean don bhliain 2025, €190 milliún don FSS agus €230 milliún don Chiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála (CNCC) san áireamh.

D’fhoilsigh an tAire Sláinte, Jennifer Carroll MacNeill TD WLAP 2025 an 12 Feabhra. D'oibrigh an Roinn Sláinte go dlúth le FSS agus le NTPF chun na gníomhartha agus na spriocanna sonracha a leagtar amach i WLAP na bliana seo a fhorbairt. In WLAP 2024 leagtar amach 25 ghníomh faoi na téamaí "Acmhainn a Sheachadadh", "Athchóiriú Cúraim Sceidealta a Chumasú" agus "Cúram Sceidealta a Athchóiriú":