English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Figiúirí míosiúla maidir le liostaí feithimh - Feabhra 2025

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 14 Márta 2025
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Leis na figiúirí is déanaí maidir le liostaí feithimh ospidéil do mhí Feabhra a d’fhoilsigh an Ciste Náisiúnta um Cheannach Cóireála (NTPF) inniu, cuirtear i dtábhacht an dul chun cinn a rinneadh leis an gcur chuige sa phlean gníomhaíochta ilbhliantúil maidir le haghaidh a thabhairt ar amanna feithimh fada le haghaidh cúraim. Léiríonn an tuarascáil ghníomhaíochta ospidéil is déanaí, a d’fhoilsigh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), go bhfuil leibhéil mhéadaithe gníomhaíochta ann maidir le soláthar seirbhísí cúraim sceidealta agus seirbhísí cúraim neamhsceidealta.

Tagann figiúirí an lae inniu sna sála ar fhoilsiú Item was unpublished or removed2025 ag an Aire Sláinte Jennifer Carroll MacNeill an mhí seo caite. Tríd an bplean WLAP 2025, léirítear tiomantas an rialtais maidir le tréimhsí feithimh d’othair a laghdú, agus ar an gcaoi sin, rochtain ar chúram ospidéil a fheabhsú.

In ainneoin an ama den bhliain, feicimid sna figiúirí a foilsíodh inniu go bhfuil dul chun cinn fós á dhéanamh, lena n-áirítear dul chun cinn maidir leis na hothair sin a bhfuil an tréimhse feithimh is faide acu. Tá laghdú c. 7% tagtha ar líon iomlán na n-othar atá ag fanacht os cionn 12 mhí ón tráth seo anuraidh, agus laghdú de c. 16% ar líon na n-othar atá ag fanacht os cionn 18 mí. Tá feabhsuithe suntasacha fadtéarmacha feicthe againn ar amanna feithimh ó cuireadh tús le cur chuige ilbhliantúil an WLAP i mí Mheán Fómhair 2021.

Léiríonn na figiúirí go raibh 700,320 othar ar an liosta feithimh gníomhach de chúram sceidealaithe in ospidéil ag deireadh mhí Feabhra 2025. Féadfaidh an borradh a thagann ar an éileamh ar chúram neamhsceidealta i rith an gheimhridh agus leibhéil arda tinnis riospráide tionchar a bheith acu ar an seachadadh de chúram roghnach i míonna tosaigh na bliana. Mar sin de, maidir leis an méadú ar líon na n-othar ar na liostaí feithimh a fheictear sna figiúirí do mhí Feabhra, bhí coinne leis agus é mar threocht ilbhliantúil go dtí seo.

Tá ospidéil ghéarmhíochaine na hÉireann ag seachadadh leibhéil níos airde gníomhaíochta agus cóireáil á cur ar i bhfad níos mó othar ná riamh. Sa tuarascáil ghníomhaíochta rollach 12 mhí is déanaí a d'fhoilsigh FSS, tugtar léargas ar leibhéil ghéarghníomhaíochta, agus déantar na milliúin othar a fheiceáil agus a chóireáil gach bliain laistigh dár seirbhís ospidéil. Leagtar amach sa tuarascáil go raibh c 3.9 milliún duine ag freastal ar OPD, agus c.1.9 milliún duine ag freastal ar IPDC le linn na tréimhse a chumhdaítear sa tuarascáil. I gcomparáid leis na leibhéil ghníomhaíochta a soláthraíodh sa bhliain iomlán 2022, léiríonn na figiúirí seo méaduithe c. 15% do ghníomhaíocht OPD agus c.12% do ghníomhaíocht IPDC.

Anuas ar an gcúram pleanáilte seo, cuireadh cóireáil ar c.1.8 milliún othar in ár gcuid ospidéal le linn na tréimhse céanna i gcúram éigeandála, ar méadú de thart ar 10% é ar an mbliain iomlán 2022 agus is fianaise í seo ar na héilimh leanúnacha atá ar ár n-ospidéil. D'fhéadfadh gnáthaimh roghnacha a bheith curtha ar ceal mar thoradh ar thinreamh na Roinne Éigeandála agus ar éileamh méadaithe ar chúram neamhsceidealta, agus aithnítear an tionchar a bheidh aige seo ar othair.

Cé nach mian leis an tSeirbhís Sláinte fás a fheiceáil ar líon na ndaoine atá ag fanacht le haghaidh cúraim, tá gné dhearfach ag baint le fás ar líon na n-atreoruithe chuig ár seirbhísí ospidéil, mar is fianaise í go bhfuil daoine ag baint úsáide as na seirbhísí a theastaíonn uathu, chomh maith le feasacht mhéadaithe ar sheirbhísí agus leathnú na seirbhísí féin.

Le haghaidh 2025, tá tuilleadh infheistíochta faighte chun leanúint ar aghaidh leis an gcur chuige ilbhliantúil chun liostaí feithimh géarmhíochaine in ospidéil a laghdú agus a athchóiriú. Le WLAP 2025, tá an Roinn Sláinte, FSS agus an NTPF ag glacadh na chéad chéimeanna eile chun an cur chuige ilbhliantúil a fhorbairt i dtreo fhís an Rialtais seo maidir le seirbhís cúraim sláinte phoiblí a bhaint amach ina bhfuil rochtain thráthúil agus thrédhearcach ag gach duine ar sheirbhísí cúraim sceidealaithe ar ardchaighdeán, cá háit agus cathain a theastaíonn siad uathu.


Nótaí:

Cuireadh tús leis an gcur chuige sa Phlean ilbhliantúil gníomhaíochta maidir le liostaí feithimh i Meán Fómhair 2021 chun liostaí feithimh agus tréimhsí feithimh ospidéil a laghdú agus athchóiriú a dhéanamh orthu ar bhealach inbhuanaithe.

Tá an rialtas tiomanta tréimhsí feithimh a laghdú tuilleadh, agus an spioc againn go bhfeicfear gach othar laistigh den sprioc Sláintecare de 10 seachtaine le haghaidh othair sheachtracha (OPD) agus 12 seachtaine le haghaidh othair cásanna lae (IPDC) agus le haghaidh ionscópacht ar an gconair ghastraistéigeach (Scóip GI).

Ag teacht leis an ngealltanas sin, tá maoiniú suntasach €420 milliún leithdháilte ar an bplean WLAP don bhliain 2025, €190 milliún don FSS agus €230 milliún don Chiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála (CNCC) san áireamh.

D’fhoilsigh an tAire Sláinte, Jennifer Carroll MacNeill TD WLAP 2025 an 12 Feabhra. D'oibrigh an Roinn Sláinte go dlúth le FSS agus le NTPF chun na gníomhartha agus na spriocanna sonracha a leagtar amach i WLAP na bliana seo a fhorbairt. In WLAP 2025 leagtar amach 25 ghníomh faoi na téamaí "Acmhainn a Sheachadadh", "Athchóiriú Cúraim Sceidealta a Chumasú" agus "Cúram Sceidealta a Athchóiriú"