Foilsíodh Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn an Bheartais agus an Phlean Gníomhaíochta um Murtall
- Foilsithe: 10 Feabhra 2021
- An t-eolas is déanaí: 16 Aibreán 2025
D’fhoilsigh an Roinn Sláinte Item was unpublished or removed, Beartas agus Plean Gníomhaíochta Náisiúnta um Murtall (OPAP) inniu.
Seoladh an Beartas agus Plean Gníomhaíochta um Murtall ar dtús i Meán Fómhair 2016 mar aitheantas ar an ngá méadaitheach le freagairt bheartais chomhordaithe ar fhadhb mhéadaithe an mhurtaill in Éirinn agus an t-ualach méadaitheach a chuirtear ar dhaoine aonair agus ar an tsochaí. Clúdaíonn an Beartas tréimhse 10 mbliana suas go dtí 2025 agus tá sé mar aidhm aige treochtaí murtaill a aisiompú, deacrachtaí sláinte gaolmhara a chosc agus an t-ualach foriomlán do dhaoine aonair, do theaghlaigh, don chóras sláinte, agus don tsochaí agus don gheilleagar i gcoitinne a laghdú.
Tugtar breac-chuntas i dTuarascáil an lae inniu ar an dul chun cinn atá déanta agus na bearta a rinneadh ar fud 60 réimse gníomhaíochta an OPAP, ó Mheán Fómhair 2016 go dtí deireadh 2019. Tá ionchur ó raon leathan páirtithe leasmhara i gceist leis na gníomhartha a thuairiscítear, a léiríonn nádúr il-earnála agus tras-rialtasach an Bheartais agus an Phlean Gníomhaíochta um Murtall.
Is iad seo a leanas na héachtaí suntasacha ar leagadh béim orthu sa Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn:
- Tugadh isteachCáin ar Dheochanna Milsithe le Siúcra, a thosaigh an 1 Bealtaine 2018.
- Ceapadh Ceannaire Cliniciúil Náisiúnta um Murtall i FSS, agus forbraíodh Samhail Chúraim chun rómheáchan agus murtall a bhainistiú.
- Foilsíodh Treoirlínte maidir le Bia Sláintiúil, Pirimid Bia agus acmhainní tacaíochta (arna gcomhlánú le déanaí ag na Treoirlínte maidir le Bia Sláintiúil do leanaí 1-4 bliana d’aois)
- Forbraíodh Caighdeáin Chothaithe do scoileanna.
Tugann staitisticí le déanaí le fios go bhfuil na leibhéil rómheáchain agus murtaill cobhsaithe. Fuair Suirbhé Éire Shláintiúil 2019 go raibh 37% díobh siúd a ndearnadh suirbhé orthu róthrom agus 23% murtallach, na leibhéil chéanna le 2015.
Fuair an Tuarascáil ón Tionscnamh um Fhaireachas ar Mhurtall i measc Leanaí a foilsíodh i mí Dheireadh Fómhair 2020, go raibh leibhéil rómheáchain agus mhurtaill laghdaithe i measc leanaí bunscoile. Mar sin féin, tá na leibhéil ró-ard i gcónaí, agus laistigh de na figiúirí domhanda tá réimsí a bhfuil deacracht ar leith ag baint leo, lena n-áirítear i gcodanna den daonra atá faoi mhíbhuntáiste sóisialta.
Ag foilsiú na tuarascála dúirt an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD;
“Is réimse tosaíochta domsa agus don Rialtas an murtall. Tá an obair go dtí seo, lena n-áirítear foilsiú na dtreoirlínte maidir le bia sláintiúil agus caighdeáin scoile, tar éis bunsraitheanna láidre a leagan síos dár gcuid oibre sa todhchaí. Tá sé beartaithe go rithfidh an Beartas agus Plean Gníomhaíochta um Murtall go dtí 2025 agus cé go raibh tionchar ag paindéim Covid-19 ar ár gcuid oibre, léiríonn ár maoiniú méadaithe do bhuiséad Éire Shláintiúil in 2021 tiomantas níos tréine do thionscnaimh Éire Shláintiúil faoin mBeartas agus Plean Gníomhaíochta um Murtall”.
Dúirt an tAire Stáit le freagracht as Sláinte Poiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Drugaí, Frank Feighan TD
“Níl aon réiteach amháin ann chun aghaidh a thabhairt ar na cúiseanna agus na fadhbanna a bhaineann le rómheáchan agus murtall. Tá cosc ríthábhachtach le béim ar leanaí agus ar na neamhionannais atá ann a laghdú. Tá meáchan sláintiúil do gach leanbh tábhachtach mar tá a fhios againn gur féidir leis na hiarmhairtí a bhaineann le rómheáchan agus murtall i measc na n-óg maireachtáil ar feadh an tsaoil, ag cur isteach ar cháilíocht na beatha agus na sláinte i measc daoine óga agus daoine fásta. Cé go bhfuil an treocht anuas le déanaí i measc leanaí sna luathbhlianta bunscoile an-dearfach, is cúis imní í an difríocht i leitheadúlacht na leanaí sin atá ag freastal ar scoileanna ainmnithe faoi mhíbhuntáiste. Aithnímid go bhfuil neamhionannais shocheacnamaíocha i bhfeidhm maidir le murtall in Éirinn agus leagfaidh ár gcláir agus muid ag pleanáil do na blianta beaga amach romhainn béim mhór ar na ceantair is mó atá faoi mhíbhuntáiste."
Tá meastóireacht ar an mBeartas agus ar an bPlean Gníomhaíochta um Murtall á dhéanamh faoi láthair agus táthar ag súil go bhfoilseofar í i 2021. Tá athbhreithniú meántéarma ar an OPAP sceidealta le haghaidh 2021 freisin, chun an cur chuige do na blianta atá fágtha sa Bheartas a threorú.
CRÍOCH//
Nótaí d'Eagarthóirí
Tá an tuarascáil ar Dhul Chun Cinn don Bheartas agus don Phlean Gníomhaíochta um Murtall ar fáil Item was unpublished or removed
Tá Meáchan Sláintiúil d’Éirinn: Beartas agus Plean Gníomhaíochta Náisiúnta um Murtall 2016-2025 ar fáil anseo.