Foilsíonn an Roinn Sláinte táblaí sonraí náisiúnta ar staitisticí cúram sláinte neamhairgeadaíochta
- Foilsithe: 17 Iúil 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá tús curtha ag an Roinn Sláinte le foilsiú táblaí sonraí náisiúnta ar staitisticí cúram sláinte neamhairgeadaíochta. Eiseofar na táblaí seo go bliantúil sula bhfoilseofar iad trí Eurostat agus an Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta(ECFE). Déanfar an fhaisnéis a óstáil ar gov.ie, ag soláthar áit láraithe don phobal chun rochtain a fháil ar shonraí agus ar a meiteashonraí. Beidh sé ar fáil freisin ar data.gov.ie i gcomhréir le gealltanas an Rialtais do Threoir an Aontais Eorpaigh maidir le Sonraí Oscailte.
Tabharfaidh na sonraí rochtain níos tráthúla do thaighdeoirí agus don phobal i gcoitinne ar fhaisnéis náisiúnta agus soláthróidh sé tuiscint níos fearr dóibh ar shonraí na hÉireann ar raon ábhar sláinte agus conas is féidir iad a chur i gcomparáid le sonraí tíortha eile.
Áirítear ar na táblaí a foilsíodh inniu staitisticí náisiúnta cúram sláinte arna dtiomsú ag an Roinn Sláinte mar chuid den cheistneoir um Staidreamh Cúraim Sláinte Neamhairgeadaíochta, arna riar ag Eurostat, ECFE agus an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS).
I measc buaicphointí na sonraí foilsithe tá:
- Ba í máinliacht catarachta an gnáthamh máinliachta is coitianta in Éirinn in 2021, le 33,348 gnáthamh san iomlán, agus máinliacht gearradh caesarach ina dhiaidh le 21,523 gnáthamh agus máinliacht athchur cromáin le 11,159 gnáthamh.
- Ba é líon na n-altraí cleachtacha in Éirinn i 2022 ná 67,808, méadú 5.8% ar an mbliain roimhe sin.
- B'ionann líon na bhfiaclóirí cleachtacha in Éirinn do 2022 agus 2,420 fiaclóir, méadú 3.9% ar an mbliain roimhe sin.
- Ba é líon na gcógaiseoirí cleachtacha in Éirinn do 2022 ná 5,717, méadú 3.3% ar an mbliain roimhe sin.
- In 2022, bhí 102 scanóir CT, 9 scanóir PET, 29 ceamara gáma agus 51 trealamh teiripe radaíochta i bhfeidhm in Éirinn.
Nótaí
Sásaíonn foilsiú táblaí sonraí oscailte moltaí athbhreithnithe Piaraí Eorpacha gur cheart d’Éirinn sonraí náisiúnta a chur ar fáil sula bhfoilsítear iad trí Eurostat agus ECFE. Tá an tuarascáil ar fáil anseo.