Foilsíonn an Roinn Sláinte Uimh. 26 Bainistíocht Seipsise do Dhaoine Fásta (lena n-áirítear máithreachas) de na Treoirlínte Cliniciúla Náisiúnta de chuid an Choiste Náisiúnta um Éifeachtacht Chliniciúil.
- Foilsithe: 13 Meán Fómhair 2021
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Inniu (Dé Luain), ar Lá Domhanda Seipsise, chuir an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, fáilte roimh fhoilsiú Treoirlíne Chliniciúil Náisiúnta nua agus nuashonraithe go hiomlán chun cabhrú le gairmithe cúram sláinte othair seipsise agus turraing sheipteach a aithint agus a chóireáil.
Bhí an tionscnamh seo faoi stiúir grúpa ó Chlár Cliniciúil Náisiúnta Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) um Sheipsis agus le tacaíocht ó Aonad éifeachtachta Cliniciúla na Roinne. Dhearbhaigh an Coiste Náisiúnta um Éifeachtacht Chliniciúil (NCEC) cáilíocht na treorach. Tá an treoirlíne cliniciúil bunaithe ar an bhfianaise taighde is fearr agus forbraíodh í de réir dea-chleachtais idirnáisiúnta.
Is aimhréidh de na hionfhabhtuithe is coitianta í Seipsis a d’fhéadfadh a bheith bagrach don bheatha agus a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm ar dhuine ar bith, agus a dhéantar tearc-dhiagnóisiú go minic ag na céimeanna luatha nuair a d’fhéadfadh sé a bheith inchúlaithe. Tá sé ríthábhachtach í a shainaithint agus a chóireáil go pras.
Dúirt an tAire Sláinte, Stephen Donnelly:
“Inniu, ar Lá Domhanda Seipsise, tá áthas orm tacú le Treoirlíne Chliniciúil Náisiúnta NCEC seo do sheirbhís sláinte na hÉireann lena cuimsítear Bainistíocht Seipsise in aosaigh agus in othair mháithreachais. Cuirfear é seo i bhfeidhm ar fud na seirbhíse sláinte chun cabhrú le cúram sábháilte ar ardchaighdeán d’othair.
“Ag tógáil ar obair sna blianta roimhe seo chun bainistíocht seipsise a fheabhsú, feicim go bhfoilsítear an treoirlíne seo mar dhul chun cinn breise maidir le caighdeán agus comhsheasmhacht an chúraim d’othair a bhfuil seipsis orthu ar fud na tíre a fheabhsú.
“Cuirim fáilte roimh an treoirlíne chliniciúil nua seo in éineacht le tuarascáil Bhliantúil 2019 FSS agus a bplean do bhainistíocht seipsise do leanaí”.
Ag cur fáilte roimh fhoilsiú na treorach, dúirt an Príomh-Oifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan:
“Is géarchéim sláinte dhomhanda phoiblí í Seipsis agus príomhchúis le básmhaireacht choisctheach, agus baineann 20% de na básanna ar fud an domhain le seipsis. Le faireachas agus freagairt thapa, féadtar beatha a shábháil agus cosnaíonn sé cáilíocht na beatha i marthanóirí. Is cúis sásaimh dúinn go bhfaca muid laghdú 26.5% ar bhásmhaireacht aois-choigeartaithe in Éirinn ó 2011 agus molaim Clár Náisiúnta Sepsis FSS as an éacht seo.
“Cuirim fáilte mhór roimh an Treoirlíne Chliniciúil Náisiúnta is déanaí seo, a d’fhorbair Grúpa Forbartha Treoirlíne ildisciplíneach, faoi stiúir an Dr Vida Hamilton agus le tacaíocht ó Chlár Seipsise Náisiúnta FSS. Glacann sé an fhianaise chliniciúil idirnáisiúnta is fearr agus soláthraíonn sé moltaí nuashonraithe maidir le haitheantas agus cúram a thabhairt d’othair aosacha agus mháithreachais a bhfuil seipsis agus turraing seipteach orthu in Éirinn.
“Tá cáilíocht dearbhaithe ag an gCoiste Náisiúnta um Éifeachtacht Chliniciúil de réir dea-chleachtais idirnáisiúnta agus rinneadh comhairliúchán poiblí agus athbhreithniú saineolaí idirnáisiúnta air. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt d’obair gach duine atá bainteach leis na treoirlínte seo a chur ar fáil do chúram othar chun tuilleadh feabhais a chur ar bhainistíocht seipsise agus turraing sheipteach in Éirinn.”
Ag tabhairt faoi deara ról na ngairmithe cúram sláinte maidir leis an treoirlíne a úsáid go praiticiúil, dúirt an Príomhoifigeach Altranais, Rachel Kenna:
“Ní fhéadtar forbairt agus cur i bhfeidhm Threoirlínte Cliniciúla Náisiúnta NCEC a dhéanamh ach amháin le saineolas agus tiomantas cliniceoirí ar an líne tosaigh. Cumhdaítear sa treoirlíne is déanaí seo an t-ábhar an-tábhachtach seo, arb í seipsis agus turraing sheipteach. Tá a fhios againn gur féidir le treoirlínte cliniciúla dea-fhorbartha agus curtha i bhfeidhm cabhrú le feabhas a chur ar chúram agus torthaí d’othair agus dá dteaghlaigh. Ar an Lá Domhanda Seipsise seo, tá áthas orm fáilte a chur roimh an treoirlíne nua agus nuashonraithe seo ar sheipsis in aosaigh agus othair mháithreachais agus plean FSS do sheipsis i leanaí. Feicim iad seo mar phríomhuirlisí chun cabhrú le baill foirne ag an líne tosaigh an riocht casta seo a bhainistiú.”
Rinne an tAire Sláinte, Stephen Donnelly comhghairdeas le Clár Náisiúnta um Sheipsis FSS agus le Grúpa Forbartha Treoirlíne Seipsise as an treoirlíne agus na hacmhainní gaolmhara a chur i gcrích.
Soláthraíonn an Coiste Náisiúnta um Éifeachtacht Chliniciúil (NCEC) ceannaireacht d’éifeachtúlacht chliniciúil trí thosaíocht agus dearbhú cáilíochta na dTreoirlínte Cliniciúla Náisiúnta agus Iniúchadh Cliniciúil Náisiúnta. Foilsíodh cúig cinn is fiche de Threoirlínte Cliniciúla Náisiúnta NCEC ar raon coinníollacha agus próiseas cúram sláinte cheana féin. Tá sé mar thosaíocht ag an mbeartas sláinte náisiúnta an tsraith de threoirlínte NCEC a leathnú agus a chur i bhfeidhm.
CRÍOCH
Nótaí d'Eagarthóirí
An Coiste Náisiúnta um Éifeachtacht Chliniciúil (NCEC)
Tá éifeachacht chliniciúil ina príomhchuid de shábháilteacht othar. Le comhtháthú na fianaise is fearr i soláthar seirbhíse, trí phróisis éifeachtúlachta cliniciúla, cuirtear chun cinn cúram sláinte atá cothrom le dáta, éifeachtach agus comhsheasmhach . Cuimsítear i bpróisis éifeachtúlachta cliniciúla treoirlínte, iniúchadh agus treoir chleachtais.
Téarmaí Tagartha NCEC:
- Ceannaireacht straitéiseach a sholáthar don chlár oibre náisiúnta um éifeachtúlacht chliniciúil.
- Cur le cláir náisiúnta sábháilteachta othar agus feabhsú cáilíochta.
- Caighdeáin a fhoilsiú le haghaidh treorach ar chleachtas cliniciúil.
- Treoir a fhoilsiú do Threoirlínte Cliniciúla Náisiúnta agus Iniúchadh Cliniciúil Náisiúnta.
- Tosaíocht agus dearbhú cáilíochta a dhéanamh ar Threoirlínte Cliniciúla Náisiúnta agus Iniúchadh Cliniciúil Náisiúnta.
- Treoirlínte Cliniciúla Náisiúnta agus Iniúchadh Cliniciúil Náisiúnta an Choimisiúin.
- Treoirlínte Cliniciúla Náisiúnta agus Iniúchadh Cliniciúil Náisiúnta a ailíniú le luamháin chur chun feidhme.
- Tuairisciú go tréimhsiúil ar chur i bhfeidhm agus tionchar na dTreoirlínte Cliniciúla Náisiúnta agus ar fheidhmíocht Iniúchta Chliniciúil Náisiúnta.
- Fochoistí a bhunú do shruthanna oibre NCEC.
- Tuarascáil Bhliantúil a fhoilsiú.
Tá tuilleadh faisnéise faoin NCEC agus na Treoirlínte Cliniciúla Náisiúnta ar fáil ar: http://health.gov.ie/national-patient-safety-office/ncec/
Eolas ar Sheipsis
Is éard atá i seipsis ná mífheidhm orgáin atá bagrach don bheatha mar gheall ar fhreagairt óstach neamhrialaithe ar ionfhabhtú. Athraíonn meastacháin idirnáisiúnta ar mhinicíocht agus in ainneoin laghdú ar mhinicíocht agus básmhaireacht chaighdeánaithe aoise, tá seipsis fós ina phríomhchúis le caillteanas sláinte ar fud an domhain. In 2017, bhí 48.9 milliún cás de sheipsis mar chúis le 11 milliún bás ar fud an domhain, ag deimhniú go bhfuil na rátaí iarbhír dúbailte ná mar a measadh roimhe seo, agus go bhfuil 20 faoin gcéad de bhásanna domhanda mar gheall ar an riocht míochaine tearc-thuairiscithe ach marfach seo.
In Éirinn, in 2019, rinneadh seipsis nó turraing sheipteach a dhoiciméadú i 12,908 duine fásta neamh-torrach agus bhí ráta básmhaireachta de 19.7% ag na hothair seo. Tá laghdú de 2.9% tagtha ar bhásmhaireacht ó sheipsis agus turraing sheipteach de gach aois-choigeartaithe ó 2018. Caitheann othair a bhfuil diagnóis sheipsise orthu fanacht ar feadh tréimhse níos faide san ospidéal ná iad siúd a raibh diagnóis ionfhabhtaithe acu.
Is í FSS a fhoilsíonn an Tuarascáil Náisiúnta ar Thorthaí Seipsise agus déantar cur síos ann inniu ar ualach seipsise ar chóras cúram sláinte na hÉireann. Taispeánann an cúigiú tuarascáil (2019) laghdú de 26.5% i mbásmhaireacht aois-choigeartaithe ó sheipsis agus turraing sheipteach ó 2011 in Éirinn. Taispeánann sé seo an tionchar dearfach a bhí ag an gClár Náisiúnta Seipsise ar chúram othar a bhfuil seipsis orthu i gcóras cúram sláinte na hÉireann.
Tá tionchar mór ag Seipsis ar cháilíocht na beatha i marthanóirí seipsise, a dteaghlaigh agus a gcúramóirí. Ina theannta sin, tá ualach eacnamaíoch agus sóisialta i gceist le Seipsis. In obair eacnamaíoch ina ndearnadh tionchar threoirlíne 2014 ar othair a ligtear isteach chuig Aonad Dianchúraim a bhfuil seipsise a mheas, taispeánadh laghdú ar mheánfhad an fhanachta agus laghdú ar an gcostas díreach in aghaidh an othair. In 2014, d’iarr an tAire Sláinte ag an am ar an gCoiste Náisiúnta um Éifeachtacht Chliniciúil (NCEC) an chéad NCG um Sheipsis a choimisiúnú a d’eascair as ábhar suntasach sábháilteachta othar. Tá sé beartaithe go mbeidh an Treoirlíne Chliniciúil Náisiúnta ábhartha do gach ball foirne cúram sláinte a bhfuil baint acu le cúram othar a bhfuil seipsis orthu nó a bhfuil amhras seipsise ina leith in Éirinn.
Scoirfear Uimh. 6 Bainistíocht Seipsise de Threoirlíne Chliniciúil Náisiúnta 2014 anois as an tsraith de Threoirlínte Cliniciúla Náisiúnta NCEC. Cuirtear Treoirlíne Chliniciúil Náisiúnta Uimh. 26 Bainistíocht Seipsise in Aosaigh (Máithreachas san áireamh) ina ionad.
Tá an Treoirlíne Náisiúnta Cliniciúil nua agus nuashonraithe seo á seoladh ar ócáid Lá Domhanda Seipsis ar sheimineár gréasáin FSS i dteannta leis an bPlean Forfheidhmithe Náisiúnta do na Treoirlínte Idirnáisiúnta um Bainistíocht ar Mhífheidhm Orgánach de bharr Seipsise agus Turrainge Seiptí i Leanaí agus Tuarascáil Náisiúnta um Sheipsis 2019.