English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Foilsíonn an tAire Donnelly Tuarascáil Deireadh Cláir Chiste Comhtháthaithe Sláintecare

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 20 Iúil 2022
  • An t-eolas is déanaí: 25 Iúil 2022

D'fhoilsigh an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD Tuarascáil Deiridh Cláir Chiste Comhtháthaithe Sláintecare inniu.

Leagtar amach sa tuarascáil na héachtaí suntasacha a thuairiscigh na 123 thionscadal arna maoiniú trí Chiste Comhtháthaithe Sláintecare. Thástáil na tionscadail bealaí nua oibre agus sholáthair siad samhlacha nuálacha cúraim, rud a thug cúram níos gaire don bhaile tríd an othar a chur i gcroílár dhearadh agus sheachadadh na seirbhíse.

Leagtar béim ar thionchair shuntasacha na dtionscadal ar othair agus ar an gcóras cúram sláinte ar fud na tuarascála. Leagtar amach inti na hiontrálacha in ospidéil a seachnaíodh, freastail ar Rannóga Éigeandála (ED) a seachnaíodh nó an laghdú ar liostaí feithimh.

Leagtar béim inti freisin ar an tionchar a bhraitheann othair agus a dteaghlaigh nuair a d'fheabhsaigh amanna feithimh nó nuair a laghdaigh amanna aistir chun cóireáil a fháil.

I measc na n-éachtaí tá:

  • 19,000 lá leapa d'othair chónaitheacha seachanta
  • 8,000 othar ó liostaí feithimh feicthe
  • 3000 freastal ED seachanta
  • Beagnach 64,000 othar feicthe
  • 15,000 atreoruithe níos oiriúnaí faighte ag daoine chuig speisialtóirí sláinte ábhartha i suíomh pobail
  • Bhí laghdú ar an meánfhad fanachta san ospidéal do dhaoine le galar ainsealach
  • Tá laghdú tagtha ar amanna feithimh d'othair a bhí feicthe ag tionscadail, go háirithe tionscadail a sholáthraíonn seirbhísí Oftailmeolaíochta, seirbhísí Úireolaíochta agus bainistíocht seirbhísí Galair Ainsealaigh
  • Thuairiscigh 13,000 othar stádas sláinte feabhsaithe trí stíl mhaireachtála, féinbhainistíocht agus gníomhaíocht choirp.

Tacaíodh le dhá thionscadal chun conair chúraim nua um Siomptóim Íochtar Chonair an Fhuail (LUTanna) a thástáil. Bhí an dá thionscadal faoi threoir agus á sheachadadh ag Ardchleachtóir Altranais in áiseanna pobail agus othar seachtrach. Chuir na tionscadail cóireáil ar mhalairt slí ó chlinicí traidisiúnta faoi stiúir comhairleoirí, rud a chruthaigh seirbhís níos éifeachtaí níos cuíchóirithe agus bhain siad laghdú amach ar liostaí feithimh. Thuairiscigh siad freisin sástacht othair 100% bunaithe ar aiseolas tosaigh.

Rinneadh tástáil rathúil ar thionscadal an chlinic Tinneas Cinn i dtrí shuíomh agus ba chomhoibriú é idir FSS, Dochtúirí Teaghlaigh, Cumann Mígréine na hÉireann agus cógaslanna áitiúla. Tá prótacail nua bunaithe ag an tionscadal seo chun tinneas cinn a bhainistiú, a fhorálann d'oideasóirí altranais oilte a oibríonn le néareolaithe a bhfuil saineolas acu ar thinneas cinn. Mar thoradh ar an tionscadal tá atreoruithe chuig OPD laghdaithe agus tá méadú suntasach tagtha ar an gcumas d'othair nua a fheiceáil ag OPD ag Clinicigh Leighis. Bhain an tionscadal seo laghdú 23% (182 othar) ar liostaí feithimh amach.

Chuir ceithre thionscadal arna maoiniú ag Ciste Comhtháthaithe Sláintecare raon seirbhísí Oftailmeolaíochta pobalbhunaithe ar fáil. Is comhshaothar é an Fhoireann Cúraim Súl Chomhtháite do Dhaoine Fásta in CHO 7 le hOspidéal Súl agus Cluas Ríoga Victoria agus Coláiste Oftailmeolaíochta. Dhear an Clár Cliniciúil Náisiúnta Oftailmeolaíochta an chonair chomhtháite cúraim seo chun aghaidh a thabhairt ar ró-spleáchas ar chúram a seachadadh san ospidéal trí mheasúnú réamhoibritheach agus iar-oibritheach pobail a sholáthar a dhíríonn ar othair fhásta a bhfuil galar ainsealach orthu agus ar othair fhásta a bhfuil cúram catarachta réamh- & iar oibritheach ag teastáil uathu. I measc na dtorthaí go dtí seo tá:

  • Cóireáil curtha ar fáil do 1,789 othar i suíomhanna cúraim phríomhúil.
  • Laghdú 1.5 bliain in am feithimh i gceithre limistéar líonra sláinte pobail.
  • Laghdú 1,789 (89%) ar liosta feithimh OPD Ospidéil i mbliain amháin.

Ag fáiltiú dó roimh fhoilsiú na tuarascála, dúirt an tAire Donnelly:

“Taispeánann na tionscadail a aibhsítear sa tuarascáil seo conas is féidir le smaointeoireacht ceangailte agus oibriú i gcomhpháirtíocht cabhrú linn spriocanna Sláintecare a bhaint amach chun formhór an chúraim a aistriú chuig an bpobal, liostaí feithimh a laghdú agus eispéiris a fheabhsú d'othair agus do bhaill foirne ar fud an chórais sláinte agus cúraim shóisialta in Éirinn.

“Creidim go láidir go bhfuil ár n-oibrithe cúram sláinte túslíne ar cheann de na hacmhainní is mó atá againn mar náisiún. Tá a fhios againn go bhfuil an lucht saothair is gile agus is mó oiliúna agus spreagtha againn; tá a fhios acu cén áit ar féidir feabhsuithe a chur i bhfeidhm agus, trí thionscadail Chiste Comhtháthaithe Sláintecare, léirigh siad a gceannaireacht agus a nuálaíocht chun bealaí malartacha a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm chun freastal ar riachtanais othar.

“Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil lenár ngairmithe sláinte agus cúraim shóisialta go léir as a dtiomantas cúram sábháilte, tráthúil agus ardcháilíochta a sholáthar d'othair.

“Comhghairdeas leis an bhfoireann ar an líne thosaigh a bhfuil na tionscadail seo á seachadadh acu, a bhfuil teacht aniar agus solúbthacht léirithe acu agus a bhfuil torthaí iontacha bainte amach acu."

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir

Chuir Buiséad 2019 €20 milliún ar fáil chun Ciste Comhtháthaithe Sláintecare imfhálaithe nua a bhunú chun na cleachtais is fearr maidir leis an gcaoi a soláthraítear seirbhísí a thástáil, a scála agus a roinnt.

Lorg an Ciste Comhtháthaithe Cúram Sláinte aighneachtaí a dhírigh ar chosc, cúram pobail agus comhtháthú cúraim ar fud na suíomhanna cúram sláinte agus sóisialta go léir.

Tá sé ríthábhachtach bealaí nua nuálacha a aimsiú, a thacú agus a scálú chun cúram a sholáthar d'fhonn Sláintecare a sheachadadh. Lorg an Ciste Comhtháthaithe tionscnaimh a thacaíonn le seachadadh cúraim chomhtháite agus leis an aistriú chuig cúram pobail ar bhealaí nua agus nuálacha, ag cuidiú le cuairteanna ar ospidéil a laghdú agus a chosc. Tacóidh sé seo linn ár sprioc dheiridh a bhaint amach, liostaí feithimh a laghdú agus amanna feithimh a laghdú.

Lorgaíodh iarratais

A chuireann rannpháirtíocht agus cumasú na saoránach chun cinn i gcúram a sláinte féin

A dhéanann scála agus a roinneann samplaí de dhea-chleachtas agus de phróisis maidir le bainistiú galair ainsealacha agus cúram do dhaoine scothaosta

A spreagann nuálaíochtaí san aistriú cúraim chuig an bpobal nó a sholáthraíonn bearta seachanta ospidéil.

Fuarthas 477 iarratas san iomlán ó réimse leathan eagraíochtaí. Bhí an próiseas an-iomaíoch agus rinneadh ró-shuibscríobh 9 n-uaire ar an gciste. Roghnaíodh agus maoiníodh 123 tionscadal ó gach cearn den tír.

Earcaíodh níos mó ná 320 ball foirne breise chuig na tionscadail, ag soláthar acmhainn bhreise sa chóras sláinte. Bhí 64% de na róil nua seo in altranas agus HSCP agus bhí speisialtóirí in altranas, fisiteiripeoirí, teiripeoirí saothair, bia-eolaí, ardchleachtóirí altranais, comhairleoirí, cairdeolaíocht, oftailmeolaíocht, oibrithe naisc le haghaidh oideas sóisialta, oibrithe forbartha pobail, agus foireann tacaíochta riaracháin ina measc.

Chuir tástáil ceithre thionscadal Chiste Comhtháthaithe Sláintecare go díreach leis an bpróiseas dearaidh cosán nua cúraim othar atá ag dul ar aghaidh faoi láthair le 73 chonair chúraim aonair a fhorbairt agus a thabhairt chun críche ar fud 16 speisialtóir i FSS. Mar thoradh ar na tionscadail seo, trí chúram othar a aistriú ón ospidéal go seirbhísí pobail, laghdaíodh liostaí feithimh agus amanna feithimh do chatagóirí sonracha othar ar liostaí feithimh Úireolaíochta, Néareolaíochta agus Oftailmeolaíochta.

Mhaoinigh an Roinn Sláinte 106 as 123 tionscadal le haghaidh príomhshruthú in NSP 2021 & 2022 rud a chiallaíonn go bhfaighidh siad maoiniú athfhillteach go bliantúil agus tá an cumas ag ceithre cinn eile a phríomhshruthú tar éis a n-athbhreithniú a chríochnú i mbliana. Rinneadh an cinneadh príomhshruthú a dhéanamh tar éis meastóireacht a dhéanamh ar na tionscadail, bunaithe ar ailíniú straitéiseach agus seachadadh a n-aschur agus a dtorthaí pleanáilte.