Foilsíonn an tAire Sláinte agus an tAire Talmhaíochta tuarascáil ar úsáid ábhar frithmhiocróbach agus ar fhrithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach
- Foilsithe: 31 Eanáir 2019
- An t-eolas is déanaí: 14 Meitheamh 2019
Rinne an Roinn Sláinte agus an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara tuarascáil dar teideal Éire – Tuarascáil an Aon Sláinte Amháin ar Úsáid Ábhar Frithmhiocróbach agus ar Fhrithsheasmhacht in aghaidh Ábhar Frithmhiocróbach a fhoilsiú inniu (Déardaoin). Tugtar sa tuarascáil den chéad uair riamh léargas ar úsáid ábhar frithmhiocróbach agus ar fhrithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach i measc daoine agus bia-ainmhithe in Éirinn.
Sainmhíníonn an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte frithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach mar fhrithsheasmhacht miocrorgánaigh in aghaidh druga frithmhiocróbach a bhí éifeachtach roimhe sin maidir le cóireáil a chur in aghaidh ionfhabhtuithe a raibh an miocrorgánach ina chúis leo.
Bagairt dhomhanda agus dúshlán práinneach is ea frithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach. Is riosca suntasach do shláinte an duine í freisin. Rinne an Roinn Sláinte agus an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara cur chuige ‘an Aon Sláinte Amháin’ a ghlacadh i leith frithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach agus spreagann siad iarrachtaí comhoibríocha ildisciplíneacha ar fud earnálacha difriúla – amhail an earnáil sláinte, an earnáil talmhaíochta agus an earnáil comhshaoil – chun na torthaí sláinte is fearr a bhaint amach do dhaoine agus d’ainmhithe.
Ar aon dul leis sin, rinne an dá Roinn Plean Gníomhaíochta Náisiúnta na hÉireann um Fhrithsheasmhacht in aghaidh Ábhar Frithmhiocróbach 2017 – 2020 a fhoilsiú i gcomhar le raon leathan geallsealbhóirí i mí Dheireadh Fómhair 2017. Cuid den fhreagairt faoi Chuspóir Straitéiseach 2 den Phlean Gníomhaíochta is ea an tuarascáil seo, arb í an chéad cheann dá cineál í.
Léirítear sa tuarascáil go mbíonn feabhas ag teacht i gcónaí ar na sonraí atá againn in Éirinn faoi úsáid ábhar frithmhiocróbach i measc daoine agus bia-ainmhithe. Mar sin féin, tá bearnaí ann go fóill san fhaisnéis atá ar fáil;
- Cé go bhfuil sonraí ar fáil do thart ar 90% de na cásanna ina n-úsáidtear ábhair fhrithmhiocróbacha in ospidéil ghéarmhíochaine agus do 95% de na cásanna ina n-ordaítear ábhair fhrithmhiocróbacha d’othair phoiblí, níl aon sonraí ar fáil do chásanna ina n-ordaítear ábhair fhrithmhiocróbacha d’othair phríobháideacha;
- Le linn faireachas a dhéanamh ar fhrithsheasmhacht an duine in aghaidh ábhar frithmhiocróbach, ní fhéachtar ach amháin ar ionfhabhtuithe ionracha (ionfhabhtuithe shruth na fola) a tharlaíonn laistigh de shuíomhanna géarmhíochaine. Ní fhéachtar ar ionfhabhtuithe eile (ionfhabhtuithe chonair an fhuail agus ionfhabhtuithe créachta) a tharlaíonn lasmuigh de shuíomhanna géarmhíochaine;
- San am i láthair, ní áirítear leis an bhfaisnéis ón bhfaireachas náisiúnta ar úsáid ábhar frithmhiocróbach aon fhaisnéis faoina chuí atá na hábhair fhrithmhiocróbacha a úsáidtear i gceachtar earnáil;
- Ní dhéantar aon fhaireachas sonrach ar fhrithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach i dtáirgí bia allmhairithe;
- Ní dhéantar aon fhaireachas córasach ar fhrithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach sa chomhshaol ach oiread.
Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ar dhul i ngleic le roinnt de na heasnaimh sin. Tríd an obair sin, cuirfear feabhas ar an gcumas atá ag Éirinn freagairt do na bagairtí reatha agus d’aon bhagairtí amach anseo araon agus tacófar leis an maoirseacht ar úsáid ábhar frithmhiocróbach a fheabhsú trí fhianaise níos fearr a sholáthar lena húsáid sa chinnteoireacht.
I leaganacha amach anseo den chomhthuarascáil bhliantúil seo ar úsáid ábhar frithmhiocróbach agus ar fhrithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach, tabharfar an bunús d’aghaidh a thabhairt diaidh ar ndiaidh ar na heasnaimh san eolas atá againn agus leanfar le haird a tharraingt ar na hiarrachtaí comhchoiteanna a dhéanaimid faoi chur chuige an Aon Sláinte Amháin chun dul i ngleic leis an mórdhúshlán sochaíoch seo in Éirinn.
Ag labhairt dó faoi fhoilsiú na tuarascála, dúirt Simon Harris TD, an tAire Sláinte:
“Is eol dúinn gur fíor-ghéarchéim mhéadaitheach ó thaobh na sláinte poiblí de atá i dteacht chun cinn na frithsheasmhachta in aghaidh ábhar frithmhiocróbach ar fud an domhain agus is dóigh go mbuailfidh uair na cinniúna linn má leantar le frithsheasmhacht in aghaidh antaibheathach a sheachaint.
“Meabhraítear iarmhairtí na frithsheasmhachta in aghaidh ábhar frithmhiocróbach go soiléir dúinn nuair a smaoinímid ar na ráigeanna de bhaictéir charbaipeineimfhriotaíocha Enterobacteriaceae a tháinig chun cinn. Agus cur chuige ‘an Aon Sláinte Amháin’ á ghlacadh, aithnítear nach féidir le haon earnáil ar leith dul i ngleic go cuí leis an ábhar imní seo léi féin agus go bhfuil comhchur chuige comhordaithe ag teastáil ina leith.
“In éineacht leis an Aire Creed, fáiltím roimh fhoilsiú na tuarascála seo agus aithním an comhar a ndeachthas ina bhun ar fud na hearnála chun an tuarascáil a thabhairt chun críche. Ba cheart an tuarascáil a úsáid mar bhunús don obair atá ar bun chun feabhas a chur ar an bhfaireachas a dhéantar agus ar an bhfianaise atá againn ar mhaithe le dul i ngleic leis an bhfadhb dhomhanda seo.”
Dúirt an tAire Creed,
“Sa tuarascáil thráthúil seo, tugtar sonraí ón dá earnáil le chéile chun bonn eolais a chur faoi chinntí beartais amach anseo maidir leis an mbealach is fearr chun dul i ngleic le forbairt agus leathadh na frithsheasmhachta in aghaidh ábhar frithmhiocróbach.”
Ba é foghrúpa de chuid an Choiste Chomhairligh Idir-rannaigh Náisiúnta um Fhrithsheasmhacht in aghaidh Ábhar Frithmhiocróbach a chuir an tuarascáil le chéile. Tá an Coiste faoi chomhchathaoirleacht agus faoi chomhóstáil ag an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Míochaine na Roinne Sláinte, agus ag an Dr Martin Blake, Príomhoifigeach Tréidliachta na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara. D’fháiltigh an bheirt chathaoirleach roimh Thuarascáil an Aon Sláinte Amháin agus d’aithin siad obair an fhoghrúpa. Dúirt siad gurb ionann an tuarascáil agus céim shuntasach chun tosaigh maidir le faireachas a dhéanamh ar fhrithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach agus ar úsáid ábhar frithmhiocróbach in Éirinn mar thír.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Item was unpublished or removed
Tá Plean Gníomhaíochta Náisiúnta na hÉireann um Fhrithsheasmhacht in aghaidh Ábhar Frithmhiocróbach ar fáil ar ár suíomh Gréasáin anseo.
Cad is frithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach ann?
Is é is frithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach ann ná frithsheasmhacht miocrorgánaigh in aghaidh druga a bhí éifeachtach roimhe sin chun cóireáil a chur in aghaidh ionfhabhtuithe a mbíonn an miocrorgánach lena mbaineann ina gcúis leo. Tá miocrorgánaigh fhrithsheasmhacha (lena n-áirítear baictéir, fungais, víris agus seadáin) in ann ionsaí a sheasamh ó dhrugaí frithmhiocróbacha amhail drugaí frithbhaictéaracha (e.g. antaibheathaigh), drugaí frithfhungasacha, drugaí frithvíreasacha agus drugaí frithmhaláireacha. Dá bhrí sin, ní éireoidh le cóireálacha caighdeánacha ina n-aghaidh agus ní bheifear in ann fáil réidh leis an ionfhabhtú dá bharr sin, rud a mhéadóidh an baol go scaipfear an t-ionfhabhtú go daoine eile.
Baineann frithsheasmhacht in aghaidh antaibheathach go sonrach leis an bhfrithsheasmhacht a bhíonn le brath i measc baictéir choiteanna atá ina gcúis le hionfhabhtuithe. Téarma níos leithne fós is ea frithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach, rud a chuimsíonn frithsheasmhacht in aghaidh drugaí a úsáidtear chun cóireáil a chur in aghaidh ionfhabhtuithe a bhfuil miocróib eile ina gcúis leo.
Cén difear a dhéanann frithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach?
I dTuarascáil ón Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú agus ón nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach sa bhliain 2009, measadh go raibh baictéir atá frithsheasmhach in aghaidh drugaí freagrach as thart ar 25,000 bás duine san Aontas Eorpach (AE) amháin sa bhliain 2007. Measadh go raibh costais chúram sláinte agus caillteanais táirgeachta ar fiú €1.5 billiún iad ag baint leo freisin. Luadh sa Tuarascáil chomh maith go mbuailtear ionfhabhtú atá bainteach le cúram sláinte thart ar 4 mhilliún othar in AE gach bliain. (COMHTHUARASCÁIL THEICNIÚIL Ó ECDC/EMEA ‘The Bacterial Challenge: time to react’ (2009)).
Cad is ciall le cur chuige ‘an Aon Sláinte Amháin’?
Tá coincheap ‘an Aon Sláinte Amháin’ ina straitéis dhomhanda a bhfuil sé mar aidhm léi comhar agus cumarsáid idirdhisciplíneach a mhéadú ar gach gné de chúram sláinte do dhaoine agus d’ainmhithe agus don chomhshaol. Aithnítear le cur chuige ‘an Aon Sláinte Amháin’ gur fite fuaite ina chéile atá sláinte an duine, sláinte ainmhithe agus sláinte an éiceachórais. Mar sin, is é an aidhm atá leis sláinte agus folláine gach speicis a chur chun cinn, a fheabhsú agus a chosaint trí chomhar a mhéadú idir lianna, tréidlianna agus gairmithe eile sláinte eolaíche agus comhshaoil agus trí láidreachtaí a chothú i measc ceannairí agus bainisteoirí chun na spriocanna sin a bhaint amach.
Trí thionscnamh ‘an Aon Sláinte Amháin’, atá sínithe ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO), an Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta (FAO) agus an Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe (OIE), tá comhaontú idirnáisiúnta ann gur gá gníomhaíocht a dhéanamh ar fud earnáil shláinte an duine agus na hearnála sláinte ainmhithe, na hearnála talmhaíochta agus na hearnála comhshaoil i gcoitinne má táthar chun dul i ngleic leis an mbagairt a ghabhann le frithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach ar an tsláinte phoiblí ar fud an domhain.
Ar leibhéal domhanda, réigiúnach agus náisiúnta, ní mór straitéisí agus bearta a chomhchuibhiú ar fud earnálacha éagsúla chun aghaidh a thabhairt ar dhúshlán na frithsheasmhachta in aghaidh ábhar frithmhiocróbach. Tá comhar idirearnálach domhanda ann ó bhí an bhliain 2010 ann. Ón uair sin i leith, tá gníomhartha tríthaobhacha curtha ar bun ag an Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe, an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte agus Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe chun straitéisí a chomhordú chun a chinntiú go leanann ábhair fhrithmhiocróbacha de bheith éifeachtúil agus go n-úsáidtear go freagrach iad. Shínigh gach ceann de na gníomhaireachtaí sin tionscnamh domhanda ‘an Aon Sláinte Amháin’.
Ina theannta sin, tá cur chuige iomlánaíoch agus ilearnálach a chuimsíonn roinnt mhaith grúpaí á chur chun cinn ag an gCoimisiún Eorpach. Áirítear leo sin na hearnálacha seo a leanas: sláinte phoiblí, sábháilteacht bhia, sláinte agus leas ainmhithe, taighde agus nuálaíocht, an bhithshábháilteacht agus an comhshaol. D’fhorbair an tAontas Eorpach, ar leibhéal na Comhairle agus Pharlaimint na hEorpa araon, a Straitéis Comhphobail chun dul i ngleic le frithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach ach aird a thabhairt do choincheap ‘an Aon Sláinte Amháin’.
Ar leibhéal náisiúnta, rinne an Príomhoifigeach Míochaine agus an Príomhoifigeach Tréidliachta sa Roinn Sláinte agus sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara faoi seach an Coiste Comhairleach Náisiúnta Idir-rannach um Fhrithsheasmhacht in aghaidh Ábhar Frithmhiocróbach a bhunú sa bhliain 2014. Rinne siad amhlaidh mar chuid de thionscnamh an ‘Aon Sláinte Amháin’ agus chun dul chun cinn a dhéanamh ar chur chuige iomlánaíoch náisiúnta maidir le hoibriú le chéile chun a chinntiú go mbeidh fáil ann ar antaibheathaigh éifeachtacha sa todhchaí. Tá an Coiste faoi chomhchathaoirleacht ag an bPríomhoifigeach Míochaine agus ag an bPríomhoifigeach Tréidliachta agus tá ról agus sainordú soiléir aige ar fud earnáil shláinte an duine agus na hearnála sláinte ainmhithe. Tá an Coiste comhdhéanta d’ionadaithe ón dá Roinn lena mbaineann, ó ghníomhaireachtaí ábhartha de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, ón Údarás Rialála Táirgí Sláinte, ó Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann agus ó ghrúpaí eile geallsealbhóirí tábhachtacha in earnáil shláinte an duine agus san earnáil sláinte ainmhithe.
Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ag https://health.gov.ie/national-patient-safety-office/patient-safety-surveillance/antimicrobial-resistance-amr-2/antimicrobial-resistance-amr/ LINK TO GO HERE