English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Foilsíonn an tAire Sláinte an Plean Gníomhaíochta Sláintecare 2019

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 13 Meitheamh 2019
  • An t-eolas is déanaí: 6 Meitheamh 2019

Rinne Simon Harris TD, an tAire Sláinte, an Plean Gníomhaíochta Sláintecare 2019 a fhoilsiú inniu. Leagtar amach ann na struchtúir bhainistíochta tionscadail agus an cur chuige rialachais a chuirfear i bhfeidhm do chur chun feidhme 10 mbliana Sláintecare agus na gníomhartha agus na garspriocanna don bhliain 2019.

Tá an Plean Gníomhaíochta, ar ullmhaigh Oifig Cur Chun Feidhme an Chláir Sláintecare é, ar cheann de na gnéithe is tábhachtaí maidir le cur ar ár gcumas fís Sláintecare a bhaint amach, is é sin, seirbhísí cúram sláinte agus cúraim shóisialta in Éirinn a athchóiriú.

Dúirt an tAire Harris,

“A bhuí le Sláintecare, soláthrófar seirbhís cúram sláinte agus cúraim shóisialta a fhreastalóidh ar riachtanais ár ndaonra agus a mheallfaidh agus a choinneoidh na gairmithe cúram sláinte, na bainisteoirí agus na baill foirne is fearr. Is é an croíchuspóir atá againn an chuid is mó den chúram a aistriú ón timpeallacht géarmhíochaine chuig an bpobal ar mhaithe le cúram a thabhairt d’úsáideoirí seirbhíse níos gaire don bhaile.

“Cabhróidh sé sin linn liostaí feithimh agus amanna feithimh a laghdú agus, ar deireadh, sláinte an daonra a fheabhsú mar atá beartaithe againn. Thar thréimhse deich mbliana, soláthróidh an clár Sláintecare seirbhís a thairgeann an cúram ceart san áit cheart ag an am ceart.

“Má táthar chun an clár athchóirithe uaillmhianach a chur chun feidhme, tá sé ríthábhachtach go mbunóimis plean bliantúil soiléir, cuntasach agus struchtúrtha le haghaidh soláthar. Is é an Plean Gníomhaíochta 2019 atá á fhoilsiú agam inniu an plean sin. Is plean cuimsitheach mionsonraithe don bhliain 2019 é, rud ina mbunaítear cur chuige cláreagraithe soiléir le haghaidh an Straitéis Sláintecare a bhaint amach.

“Faoi mar a léirítear sa Phlean Gníomhaíochta, tá obair shuntasach ar bun cheana féin chun na gealltanais atá tugtha sa Straitéis Cur Chun Feidhme Sláintecare a chomhlíonadh. D’fhógair mo Roinn níos luaithe i mbliana gur ceapadh ochtar comhaltaí nua chuig Bord Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), rud a bhí ar cheann de na príomh-mholtaí sa tuarascáil Sláintecare. Cuid dhílis den athchóiriú atá beartaithe faoin gclár Sláintecare is ea rialachas agus cuntasacht a fheabhsú sa tseirbhís cúram sláinte agus cúraim shóisialta, agus oibreoidh an Bord nua le FSS chun an clár a chur chun feidhme.”

Dúirt Laura Magahy, Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar Oifig Cur Chun Feidhme an Chláir Sláintecare,

“Sa Phlean Gníomhaíochta don bhliain 2019, úsáidtear Creat Máistirphlean um Chúram Saoránach chun tacú leis an Straitéis Sláintecare, ar straitéis an-uaillmhianach í, a bhaint amach. Tá sé ríthábhachtach go mbeadh ról ag gach cuid den chóras cúram sláinte agus cúraim shóisialta sa chlár Sláintecare toisc gur trí na comhpháirtithe sin, agus i gcomhar leis na comhpháirtithe sin, a chuirfear na gníomhartha atá i gceist i gcrích.

“Sa bhliain 2019, cuirfimid roinnt bunchloch riachtanach i bhfeidhm chun a chinntiú, faoi dheireadh an chláir athchóirithe, go dtabharfar an cúram ceart san áit cheart ag an am ceart.”

Dúirt Anne O’Connor, Ard-Stiúrthóir Eatramhach FSS,

“Leagtar amach sa Phlean seo na príomhghníomhaíochtaí a threoróidh an t-athchóiriú ar sheirbhísí sláinte sa bhliain 2019 agus ina diaidh. Tá FSS ag tnúth le hobair i gcomhpháirt lenár ngeallsealbhóirí chun na gníomhartha tábhachtacha sin a chur i gcrích.”

Tagann foilsiú an Phlean Gníomhaíochta sna sála ar an dara cruinniú de chuid na Comhairle Comhairlí um Chur Chun Feidhme Sláintecare, atá faoi chathaoirleacht ag an Dr Tom Keane. Tháinig an Chomhairle le chéile Dé Céadaoin an 27 Feabhra.

Dúirt an Dr Tom Keane, an Cathaoirleach ar an gComhairle Chomhairleach um Chur Chun Feidhme Sláintecare:

“Tá an Plean Gníomhaíochta seo fréamhaithe go daingean san fhís bhunaidh a leag an Comhchoiste Oireachtais um Chúram Sláinte sa Todhchaí síos. Tá an fhís sin bunaithe ar an ionchur ó gheallsealbhóirí ó gach cuid den tseirbhís cúram sláinte agus cúraim shóisialta.

“Is eol dom ó mo thaithí féin nach mbeifear in ann an cur chun feidhme a chríochnú thar oíche. Mar gheall ar a dhírithe atá an Plean Gníomhaíochta seo ar sholáthar struchtúrtha, áfach, tá muinín agam gur shainaithníomar, agus gur chuireamar in ord tosaíochta, na chéad bhearta riachtanacha a theastaíonn chun an bhunchloch a chruthú do sheirbhís Éireannach cúram sláinte agus cúraim shóisialta a sholáthróidh, in am is i dtráth, an tseirbhís cheart san áit cheart ag an am ceart”.

Áirítear iad seo a leanas leis na príomhghníomhartha Sláintecare atá le cur i gcrích sa bhliain 2019:

Sruth Oibre 1: Athdhearadh Seirbhíse agus an Bonneagar Tacaíochta

  • Tionscadail a leathnú a bhfuil mar aidhm leo feabhas a chur ar an dóigh a mbainistítear galar ainsealach agus seirbhísí do dhaoine scothaosta ionas gur féidir cúram a thabhairt sa bhaile nó gar don bhaile
  • An acmhainn leapacha agus dhiagnóiseach a phleanáil chun freastal ar riachtanais ár ndaonra atá ag fás
  • Fréamhshamhail a fhorbairt den Tairseach Sláinte Saoránach, leanúint leis an ríomhthaifead sláinte a chur i bhfeidhm agus iniúchadh a dhéanamh ar an bhféidearthacht atá ann réitigh theileashláinte a mhéadú ó scála

Sruth Oibre 2: Cúram Sábháilte, Rialachas Comhordaithe agus Luach ar Airgead

  • Struchtúr nua eagrúcháin agus oibriúcháin a shainiú agus a chomhaontú don tseirbhís athchumraithe cúram sláinte agus cúraim shóisialta amach anseo, ar struchtúr é ina gcumhdófar na róil a bheidh ag an Roinn Sláinte, ag FSS agus ag eagraíochtaí réigiúnacha agus pobail
  • Treochlár agus tograí beartais a fhorbairt le haghaidh conas is féidir seirbhísí uilechoiteanna a sholáthar gan aon chostas nó ar chostas íseal don othar/úsáideoir seirbhíse
  • Athbhreithniú a dhéanamh ar na moltaí ón Athbhreithniú Neamhspleách inar scrúdaíodh aistriú an chleachtaidh phríobháidigh amach ó ospidéil ghéarmhíochaine phoiblí
  • An Bille um Shábháilteacht Othar a chur ar aghaidh

Sruth Oibre 3: Foirne na Todhchaí

  • Dul i dteagmháil leis an earnáil oideachais agus le comhlachtaí oiliúna chun teacht ar bhealaí nua chun foirne ildisciplíneacha a oiliúint
  • Cur chun feidhme a dhéanamh ar na moltaí ón Athbhreithniú Straitéiseach ar Oiliúint Leighis agus Struchtúir Ghairme Leighis
  • Tionscadail a shainaithint ina dtacaítear le baill foirne obair a dhéanamh de réir raon feidhme iomlán a gceadúnais chun a chinntiú go bhfeicfear othair ag an leibhéal castachta is ísle is féidir

Sruth Oibre 4: Dul Chun Cinn a Chomhroinnt

  • Tosú ar chreat meastóireachta agus tuairiscithe a fhorbairt
  • Ciste Comhtháthaithe Sláintecare ar fiú €20m é a sheoladh sa bhliain 2019, rud a mbeidh mar aidhm leis cur chun feidhme na samhlacha nua um chúram comhtháite a thástáil agus tacú leis an obair sin agus foghlaim uaithi
  • Clár um Rannpháirtíocht agus Cumhachtú Saoránach agus Ball Foirne a chur i bhfeidhm, rud a leathnófar agus a chothófar ar feadh na tréimhse cur chun feidhme 10 mbliana

Léigh an leagan iomlán den Phlean Gníomhaíochta Sláintecare 2019 ar shuíomh Gréasáin na Roinne Sláinte.

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir

Maidir le Sláintecare

Is é atá sa chlár Sláintecare ná comhdhearcadh polaitiúil traspháirtí ar thodhchaí ár seirbhísí cúram sláinte agus cúraim shóisialta. Is rud uathúil i stair an Stáit é. Agus é bunaithe ar chomhdhearcadh, is clár deich mbliana é a bhfuil mar aidhm leis ár seirbhísí cúram sláinte agus cúraim shóisialta a bhunathrú. Thar an gcéad deich mbliana eile, déanfar na nithe seo a leanas mar chuid den chlár Sláintecare:

  • Sláinte ár ndaonra a chur chun cinn ar mhaithe le tinneas a chosc
  • An chuid is mó den chúram a thabhairt sa bhaile nó gar don bhaile
  • Córas a chruthú ina dtugtar cúram ar bhonn riachtanais agus ní ar an gcumas chun íoc as
  • Ár gcóras reatha, ina bhfuil amanna feithimh fada, a athrú ina chóras atá tráthúil – go háirithe dóibh sin a bhfuil an gá is mó acu leis
  • Córas comhtháite cúraim a chruthú, áit a n-oibríonn gairmithe cúram sláinte go dlúth lena chéile

Faoin gClár do Rialtas Comhpháirtíochta, cuireadh Coiste Uile-Pháirtí Oireachtais um Chúram Sláinte sa Todhchaí ar bun i mí an Mheithimh 2016 chun fís traspháirtí a chruthú dá bhfuil i ndán dár seirbhísí cúram sláinte agus cúraim shóisialta. Bhí an Coiste i mbun oibre ar feadh aon bhliana, beagnach, agus d’oibrigh sé le geallsealbhóirí ó gach cuid den chóras lena linn. D’fhoilsigh sé an Tuarascáil Sláintecare i mí na Bealtaine 2017 ansin.

Foilsíodh an Straitéis Cur Chun Feidhme Sláintecare i mí Lúnasa 2018 agus leagtar amach ann an creat ar dá réir a chuirfear ar aghaidh an clár athchóirithe ar fud an chórais ar fad.

Tá an Straitéis Cur Chun Feidhme Sláintecare ar fáil ag www.gov.ie/sláintecare

Maidir leis an gComhairle Chomhairleach um Chur Chun Feidhme Sláintecare

Ceapadh 23 chomhalta chuig an gComhairle Chomhairleach ar feadh tréimhse 3 bliana dar tús an 24 Deireadh Fómhair 2018.

Is é an Dr Tom Keane an cathaoirleach ar an gComhairle. Tá sonraí faoi chomhaltas na Comhairle, a téarmaí tagartha agus lánbheathaisnéisí a cuid comhaltaí ar fáil anseo.