English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Foilsíonn an tAire Sláinte an Tuarascáil ar an Athbhreithniú ón Sainphainéal Neamhspleách ar Scagthástáil Ceirbheacs

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 3 Nollaig 2019
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Inniu (an 3 Nollaig), d’fhoilsigh Simon Harris TD, an tAire Sláinte, an Tuarascáil chomhiomlán ar an Athbhreithniú ón Sainphainéal Neamhspleách a bhí faoi stiúir ag Coláiste Ríoga na gCnáimhseoirí agus na nGínéiceolaithe (RCOG).

Dúirt an tAire: “Ba mhaith liom buíochas ar leith a ghabháil leis an Sainphainéal a sheol an tAthbhreithniú seo agus go háirithe le gach duine de na mná agus dá neasghaolta a chomhaontaigh páirt a ghlacadh sa ghrinnscrúdú seo ar fheidhmíocht chlár CervicalCheck (an Clár Náisiúnta Scagthástála Ceirbheacs).

“Faightear amach sa tuarascáil go bhfuil clár CervicalCheck ag obair go héifeachtach agus, rud ríthábhachtach, gur cheart do mhná muinín a bheith acu as an gclár.

“Tréimhse dheacair éiginnte do chlár CervicalCheck ba ea na hocht mí dhéag seo a chuaigh thart. Ba cheart go gcuirfeadh na fionnachtana agus na conclúidí atá san Athbhreithniú seo daoine ar a suaimhneas maidir leis an gclár. Ba cheart go gcabhródh siad freisin le muinín a athbhunú as an gclár, le tábhacht agus cáilíocht an chláir a léiriú agus le haird a tharraingt ar na laigí ar cuid dhílis de gach clár scagthástála iad.”

Is iad na príomhchonclúidí ar tháinig an Sainphainéal orthu ná nach bhfuil aon amhras ann gur shábháil clár CervicalCheck saol a lán daoine a ghlac páirt san Athbhreithniú, go bhfuil an clár ag obair go héifeachtach agus gur cheart do mhná muinín a bheith acu as an gclár.

I gcás 308 nduine den 1,034 rannpháirtí, fuarthas san Athbhreithniú toradh cíteolaíochta nárbh ionann é agus an toradh bunaidh a fuarthas faoi chlár CervicalCheck. Tugann an Sainphainéal faoi deara go bhfuil na figiúirí sin ag teacht leo sin a chonacthas sa chlár scagthástála atá ar bun i Sasana.

Cuireann an Painéal in iúl go láidir go bhfuil sé tábhachtach aitheantas a thabhairt don tionchar mór a imríonn teipeanna scagthástála ar shaol na mban agus a dteaghlaigh. Glacann sé leis freisin, áfach, nach féidir teipeanna den sórt sin a sheachaint de bharr na laigí a ghabhann le scagthástáil chíteolaíocht-bhunaithe agus nár cheart féachaint orthu mar fhianaise nach bhfuil ag éirí leis an gclár ar fad.

Cé go bhfuarthas amach san Athbhreithniú freisin gur tharla sé, i líon beag cásanna, go raibh bainistiú fo-optamach colpascópachta ann, thángthas ar an gconclúid ann gur cheart do mhná muinín a bheith acu as na caighdeáin chliniciúla a chuirtear i bhfeidhm sa ghnáthchleachtas colpascópachta ar fud na tíre.

Dúirt an tAire:

“Má táimid chun galar neamhchoitianta a dhéanamh d’ailse cheirbheacs sa tír seo, tá sé ríthábhachtach go leanfadh mná le dul faoi scagthástáil. Is é sin an fáth ar gá dúinn cur leis an dul chun cinn suntasach a rinneadh i réimsí eile i mbliana, áit ar cobhsaíodh agaí slánúcháin do thástálacha smearaidh agus ar cuireadh cur chun feidhme na moltaí ón Dr Scally ar aghaidh go láidir.

“Go háirithe, cabhróidh an t-aistriú chuig scagthástáil phríomhúil HPV go mór le deireadh a chur leis an ngalar sin, ar galar uafásach é, in Éirinn. Dá réir sin, scríobh mé chuig Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) inniu chun iarraidh uirthi na moltaí ón Athbhreithniú seo a bhreithniú i gcomhthéacs an tionscadail ríthábhachtaigh sin agus a chinntiú go dtabharfar scagthástáil phríomhúil HPV isteach go rathúil i Ráithe 1 an bhliain seo chugainn.

“D’iarr mé ar FSS na moltaí a bhreithniú freisin le linn don eagraíocht córais iniúchóireachta a dhearadh agus a chur chun feidhme amach anseo laistigh dár gcláir scagthástála.”

CRÍOCH


Nótaí d’Eagarthóirí

Ón mbliain 2008 i leith, rinneadh níos mó ná trí mhilliún tástáil scagthástála agus braitheadh agus cóireáladh níos mó ná 100,000 cás a bhaineann le cealla mínormálta ceirbheacs faoi chlár CervicalCheck.

Bhí an tAthbhreithniú seo faoi stiúir ag Coláiste Ríoga na gCnáimhseoirí agus na nGínéiceolaithe agus seoladh é chun freagairt do na fadhbanna a tháinig chun cinn sa bhliain 2018 i dtaca le clár CervicalCheck. Le linn an Athbhreithnithe, féachadh ar stair scagthástála an 1,038 mbean ar leith a ndearnadh scagthástáil orthu faoi chlár CervicalCheck ón mbliain 2008 i leith agus ar tháinig ailse ar 1,034 dhuine díobh ina dhiaidh sin.

Tá torthaí na mban á gcur in iúl ó mhí Mheán Fómhair i leith do gach bean nó gach neasghaol léi a thoiligh leis an Athbhreithniú, agus tá torthaí na rannpháirtithe uile tugtha do gach duine dá rogha anois.

Déantar san Athbhreithniú scrúdú cuimsitheach ar fheidhmíocht fhoriomlán chlár CervicalCheck.

I gcás 308 nduine den 1,034 rannpháirtí, fuarthas san Athbhreithniú toradh cíteolaíochta nárbh ionann é agus an toradh bunaidh a fuarthas faoi chlár CervicalCheck. Luaitear ann go bhfuil na figiúirí sin ag teacht leo sin a chonacthas sa chlár scagthástála a rinneadh i Sasana. Ní cúis imní iad iontu féin.

Rinne an Sainphainéal scrúdú freisin ar bhainistiú colpascópachta na rannpháirtithe sin lenar bhain bearna níos mó ná sé mhí idir a gcolpascópacht tosaigh agus a ndiagnóis ailse. Tháinig an Painéal ar an gconclúid gur dócha, nuair a athbhreithnítear cásanna ailse, gur dosheachanta atá an mionlach beag cásanna inar rannchuidigh colpascópacht fho-optamach le deis chaillte ailse a chosc nó a dhiagnóisiú ag céim níos luaithe. Ina ainneoin sin, níor cheart glacadh leis sin mar mhaíomh gur faoi bhun an chaighdeáin atá an cleachtas colpascópachta i gclár CervicalCheck.

Cuireann an Painéal in iúl go láidir go bhfuil sé tábhachtach aitheantas a thabhairt don tionchar mór a imríonn teipeanna scagthástála ar shaol na mban agus a dteaghlaigh. Glacann sé leis freisin, áfach, nach féidir na teipeanna sin a sheachaint de bharr na laigí a ghabhann le scagthástáil chíteolaíocht-bhunaithe agus nár cheart féachaint orthu mar fhianaise nach bhfuil ag éirí leis an gclár ar fad.

Tugann an Painéal dá aire gurb é is dóichí nach mbeifí in ann an t-ardchéatadán d’ailsí a braitheadh go han-luath sa scagthástáil a scrúdaíodh san athbhreithniú a bhrath ag an gcéim a braitheadh iad dá mba rud é nach ndearnadh aon scagthástáil ceirbheacs. Tugann an fhionnachtain sin le fios:

  • gur dócha gur sábháladh saol a lán ban a ghlac páirt san Athbhreithniú de bharr scagthástáil ceirbheacs, toisc gur sheachain siad diagnóis mhall dá barr.
  • gur seachnaíodh an gá le histireachtóime ina lán ban faoi bhun 45 bliana d’aois a raibh torthúlacht leantach ina saincheist thábhachtach dóibh.

Tháinig an Painéal ar an gconclúid gur cheart do mhná muinín a bheith acu as clár CervicalCheck.

Rinne an Sainphainéal 10 moladh, ar ghlac an Rialtas leo. Scríobh an tAire chuig FSS inniu chun iarraidh air breithniú a dhéanamh ar na moltaí sin, lena n-áirítear i gcomhthéacs na hoibre sonraí atá ar bun cheana féin.

Aithníonn an tAire Sláinte gur tosaíochtaí sáraitheacha iad sábháilteacht othar agus cáilíocht ar fud ár seirbhísí sláinte. Cuid dhílis den obair sin is ea an gá le foghlaim agus feabhsú leanúnach i soláthar na seirbhísí sin, lena n-áirítear iniúchtaí a dhéanamh, in ainneoin an ghá atá ann lena chinntiú go ndéanfar na ceanglais shonracha a bhaineann le hiniúchóireacht i gcláir dhaonrabhunaithe amhail scagthástáil a chur i gcomhthéacs laistigh den mhórthimpeallacht ina n-oibríonn na cláir sin, lena n-áirítear i bhfianaise na bhfionnachtana ón mBreithiúnas ón mBreitheamh Onórach Kevin Cross agus i bhfianaise an phróisis leanúnaigh um an Dlí Torta a Athchóiriú agus um Éilimh Faillí Cliniciúla a Bhainistiú, rud a bhfuil an Breitheamh Onórach Charles Meenan ag déanamh cathaoirleacht air.

Moladh tábhachtach a d’eascair as Fiosrúchán Scally ar chlár CervicalCheck sa bhliain 2018 ba ea ‘[gur] cheart cineálacha cur chuige atá coiteann, láidir agus bailíochtaithe go seachtrach a fhorbairt ar fud na seirbhísí scagthástála i leith iniúchtaí a dhearadh, a dhéanamh, a mheas agus a fhormhaoirsiú’. Mar fhreagairt don mholadh sin, chuir FSS dhá Shainghrúpa ar bun. Bhí sé de chúram ar Shainghrúpa amháin an scagthástáil ailse ceirbheacs agus ailse putóige a iniúchadh agus bhí sé de chúram ar an Sainghrúpa eile an scagthástáil ailse cíche a iniúchadh d’fhonn iniúchóireacht (agus nochtadh oscailte na hiniúchóireachta) a chur chun feidhme sa tSeirbhís Náisiúnta Scagthástála. Déantar cathaoirleacht neamhspleách ar na Sainghrúpaí sin agus cuimsíonn siad othair, tathantóirí othar, eiticí othar, cliniceoirí scagthástála agus saineolaithe idirnáisiúnta. D’iarr an tAire ar na Sainghrúpaí inniu na moltaí a chur san áireamh ina gcuid oibre leanúnaí.