Foilsíonn an tAire Sláinte Athbhreithniú ar fheidhmiú an Achta Sláinte 2018 (Rialáil d'fhoirceannadh toirchis) leis an gCathaoirleach Neamspleách Marie O'Shea
- Foilsithe: 26 Aibreán 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D'fhoisligh an tAire Sláinte, Stephen Donnelly an tuarascáil ar Athbhreithniú ar fheidhmiú an Achta Sláinte 2018 (Rialáil d'fhoirceannadh toirchis).
De réir alt 7 den Acht Sláinte 2018 (Rialáil d'fhoirceannadh toirchis) ní mór athbhreithniú ar oibriú an Achta a thionscnamh laistigh de thrí bliana ó thosach feidhme an Achta.
Is é cuspóir an Athbhreithnithe ná monatóireacht ar thionchar, ar oibriú agus ar éifeachtúlacht na reachtaíochta go praiticiúil, chomh maith le seachadadh seirbhísí sa réimse a éascú.
Agus é ag labhairt inniu dúirt an tAire Donnelly:
"Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an gCathaoirleach Neamhspleách, Marie O’Shea, B.L., as an díograis agus obair chrua a rinne sí chun an Tuarascáil chuimsitheach seo a ullmhú.
“Ba mhaith liom freisin aitheantas a thabhairt agus buíochas a ghabháil leis na geallsealbhóirí, soláthraithe seirbhíse, iad siúd a bhaineann leas as na seirbhísí seo chomh maith le baill an phobail as a n-ionchur sa Tuarascáil. Tá a saineolas, taithí agus tuairimí tar éis cur go mór leis an ngarsprioc thábhachtach seo i bhforbairt seirbhísí foirceannadh toirchis in Éirinn.
"Ina theannta sin, ba cheart aitheantas a thabhairt don chuidiú a thug agus na hiarrachtaí a rinne siad siúd atá ar thús cadhnaíochta maidir leis an tseirbhís seo a chur ar bun, tar éis dóibh a bheith ag obair chomh dian sin le linn na paindéime agus ina dhiaidh sin chun a chinntiú go gcuirfí bailchríoch ar a bunú."
Theastaigh ón gCathaoirleach aitheantas a thabhairt freisin don chomhar agus cúnamh dóibh siúd go léir a chuir leis an tuarascáil lena n-áirítear na foirne taighde. Dheimhnigh sí freisin an gá le seirbhísí ar chaighdeán maith a fhorbairt agus a chithú, mar a mhol údair thuarascáil peirspictíochtaí na soláthraithe go sonrach.
Scrúdaíonn an Tuarascáil an bhfuil seirbhísí sainordaithe faoin Acht á gcur ar fáil agus déanann sé raon moltaí, baineann an chuid is mó díobh le feidhmiú, molann roinnt eile athrú reachtaíochta.
D'aontaigh an Chomh-aireacht na moltaí faoi athrú reachtaíochta a chur faoi bhráid an Chomhchoiste Sláinte lena mbreithniú.
Bunóidh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) grúpa forfheidhmithe chun na moltaí oibríochtaí a chur i bhfeidhm.
Tá an Roinn Sláinte fós ag obair leis an FSS agus le páirtithe leasmhara ábhartha eile chun feabhas a chur ar infhaighteacht na seirbhíse dóibh siúd a bhfuil sé de dhíth orthu.
Nóta d'Eagarthóirí:
Cuireadh tús leis an Athbhreithniú i ráithe 4, 2021 agus chuaigh an comhairliúchán poiblí beo ar an 8 Nollaig 2021.
Bhí dhá chéim san Athbhreithniú. Mar chuid de chéad chéim an Athbhreithnithe, bailíodh fianaise agus faisnéis ó chomhairliúchan poblí, agus rinneadh tiaghde ar oibríocht an Achta ó dhearcadh na ndaoine a úsáideann an tseirbhís agus na soláthraithe seirbhíse araon. Dúnadh an comhairliúchán poiblí ar an 1 Aibreán 2022 agus fuarthas beagnach 7,000 aighneacht.
Rinne an Dr Catherine Conlon taighde chun eolas a thabhairt dóibh siúd a bhaineann úsáid as an tseirbhís a bhfuil staidéar mór cáilíochtúil déanta aici ag fiosrú toircheas neamhbheartaithe agus cúram ginmhillte. Tá an staidéar seo, a choimisiúnaigh Clár Sláinte Ghnéis agus Toircheas Géarchéime FSS i Meán Fómhair 2019, tar éis tuiscint dhomhain a chruthú ar eispéiris na mban a bhfuil rochtain acu ar sheirbhísí cúraim ginmhillte ó cuireadh tús leis an Acht. D'fhoilsigh an FSS an staidéar ar an 12 Iúil 2022.
Rinneadh taighde ar thuairimí agus ar thaithí soláthraithe seirbhíse um fhoirceannadh toirchis, tar éis próisis tairisceana ag Ollscoil Chathair Mhanchain.
Bhí an dara chéim den Athbhreithniú faoi stiúr cathaoirleach neamhspleách, Ms Marie O’Shea, B.L., a rinne measúnú ar a mhéid a bhaineadh chuspóirí an Achta 2018 amach, ag déanamh anailíse chuige sin ar thorthaí na dtrí ghnéithe faisnéise ón gcéad chéim. Thóg an Cathoirleach freisin ar thorthaí taighde ábhartha piarmheasúnaithe eile agus fauir sí tuilleadh comhairle ó gheallsealbhóirí, de réir mar ba ghá, sular thug sí conclúidí.
Cuireadh de chúam ar an gCathaoirleach Neamhspleách:
Measúnú ar a mhéid is a bhaineadh spriocanna an Achta amach, ag déanamh anailíse chuige sin ar thorthaí na dtrí ghnéithe faisnéise ón gcéad chéim.
Measúnú ar a mhéid is nár baineadh spriocanna an Achta amach agus moltaí a dhéanamh le dul i ngleic lena gconstaicí, má nochtadh a leithéid.
Measúnú a dhéanamh ar thioncar fheidhmiú an Achta ar rochtain ar sheirbhísí foirceannadh toirchis sa tír, ag tógaint leibhéal an tsoláthair seirbhíse roimh thosach feidhme an Achta, figiúirí maidir le mná na hÉireann a fhaigheann foirceannadh sa tír seo agus i ndlínsí eile agus aon ghnéithe cuí eile san áireamh.
Na socruithe a rinneadh le haghaidh cur chun feidhme an Achta, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta do na rudaí seo a leanas:
- soláthar seirbhíse sa phobal
- soláthar seirbhíse san ospidéal géarmhíochaine
Tuarascáil Athbhreithnithe deiridh a chur ar fáil le moltaí, de réir mar is cuí.