English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Foilsíonn an tAire Sláinte Bille chun bunús dlí a chur leis na taifid sláinte dhigiteacha in Éirinn.

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 19 Iúil 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

De thoradh an Bhille um Fhaisnéis Sláinte nua, beidh othair in ann rochtain a fháil ar a gcuid faisnéise sláinte féin go héasca, rud a chuirfidh ar a gcumas cinntí eolacha a dhéanamh faoina sláinte agus faoina gcúram.

  • Cuirfidh an Bille um Fhaisnéis Sláinte bunús dlí soiléir ar fáil leis an Taifead Sláinte Digiteach a bhunú do dhaoine in Éirinn.
  • De bharr an dhlí nua seo, beidh rochtain níos fearr ag othair ar a gcuid faisnéise sláinte féin.
  • Éascaíonn an Bille seo taifid chúraim a roinnt go cuí chun tacú le cúram comhtháite.

D'fhoilsigh an tAire Sláinte, Stephen Donnelly Item was unpublished or removed 2024 inniu, tar éis don Rialtas é a cheadú. Cuirfidh an reachtaíocht, a luaithe a achtófar í, bunús dlí le taifid sláinte dhigiteacha in Éirinn, mar aon le forálacha dlí maidir le sonraí othar a chomhroinnt le haghaidh cúraim agus cóireála. Tacóidh sé freisin le hoibleagáidí na hÉireann faoin Rialachán de Spás Eorpach Sonraí Sláinte (EHDS), a thiocfaidh i bhfeidhm i bhfómhar na bliana 2024.

Is cuid ríthábhachtach é an Bille um Fhaisnéis Sláinte chun Item was unpublished or removeda chur i bhfeidhm go rathúil, a seoladh i mí an Mheithimh. Tugann an Bille cumhacht d'Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) faisnéis sláinte a tharraingt le chéile ó shuíomhanna cúraim éagsúla – poiblí, príobháideach agus deonach – chun taifid sláinte dhigiteacha a fhorbairt agus a imlonnú do gach othar.

Dúirt an tAire Donnelly:

“Tá an t-eolas ceart, san áit cheart, ag an am ceart ag teastáil chun cúram comhtháite a chur i bhfeidhm, mar atá beartaithe faoi Sláintecare. De bharr an Bhille um Fhaisnéis Sláinte, tugtar rochtain níos fearr d'othair ar a gcuid faisnéise féin ionas gur féidir leo cinntí eolasacha a dhéanamh faoina roghanna sláinte agus cúraim féin. Cuireann sé ar chumas gairmithe sláinte dearcadh níos iomláine agus níos iomlánaíche a bheith acu ar na hothair a bhfuil cóir leighis á chur orthu.”

Cuirfidh an Bille rochtain mhéadaithe ar fhaisnéis sláinte ar fáil d'othair agus do sholáthraithe cúram sláinte araon. Mar thoradh air seo, beidh cúram níos fearr agus níos éifeachtúla ann a fheabhsóidh torthaí sláinte go hiomlán, chomh maith le feidhmíocht an chórais sláinte.

Dúirt an tAire Donnelly freisin:

“Tacaíonn an reachtaíocht seo lenár n-ullmhúcháin náisiúnta do chur chun feidhme Rialachán an AE maidir leis an EHDS, a thiocfaidh i bhfeidhm san fhómhar. Athróidh sé conas a bhíonn rochtain againn ar fhaisnéis sláinte agus conas a n-úsáidimid í le haghaidh cúraim agus cóireála, agus ar na fáthanna tábhachtacha, tánaisteacha eile, cosúil le taighde agus nuálaíocht.

“Trí leas a bhaint as an saol digiteach, agus tríd an gcumhacht de shonraí ardchaighdeáin a dhíghlasáil, táimid ag leagan na bunchloiche do sheirbhís sláinte nuálach, éifeachtúil agus nua-aimseartha."

Tá súil ag an Aire an Bille a chur chun cinn trí Thithe an Oireachtais i seisiún reachtaíochta an fhómhair. Tá bearta reachtacha breise beartaithe sna míonna agus sna blianta amach romhainn chun lánéifeacht a thabhairt don bheartas Scéim Ghinearálta fhaofa an Bhille agus chun spriocdhátaí forfheidhmithe EHDS a thagann in 2026-2030 a chomhlíonadh.


Nótaí:

An Bille um Fhaisnéis Sláinte 2024

Is é cuspóir an Bhille um Fhaisnéis Sláinte 2024 ná cinntiú go bhfuil córas faisnéise sláinte náisiúnta oiriúnach don fheidhm in Éirinn, a fheabhsaíonn cúram agus cóireáil othar agus a thacaíonn le pleanáil agus seachadadh seirbhísí sláinte níos fearr amach anseo.

Díríonn an Bille ar Thaifid Sláinte Dhigiteacha mar thosaíochtaí agus is é seo an chéad chéim chun Éire a ullmhú dá hoibleagáidí faoin Rialachán maidir le Spás Eorpach Sonraí Sláinte (EHDS), atá le teacht. Tacaíonn an Bille le Item was unpublished or removed (Bealtaine 2024) agus le Treochlár Forfheidhmithe FSS (Iúil 2024).

Tríd an mBille, cuirfear feabhas freisin ar shábháilteacht othar trí phróisis aitheantais níos láidre. Déantar foráil ann maidir le húsáid éirchóid agus UPSP mar dhea-chleachtas chun othair a shainaithint go huathúil, i gcomhréir leis an straitéis náisiúnta dhigiteach.

Forálann an Bille um Fhaisnéis Sláinte 2024 do na nithe seo a leanas i ndlí na hÉireann:

  • "Dualgas le faisnéis sláinte a roinnt' le haghaidh cúraim agus cóireála othar
  • Taifid Sláinte Dhigiteacha a chur i bhfeidhm do gach othar in Éirinn
  • Rochtain níos fearr a bheith ag othair ar a bhfaisnéis sláinte féin
  • Cosaintí níos fearr maidir le faisnéis sláinte d’úsáid phríomhúil (cúram agus cóireáil)
  • Faisnéis sláinte níos fearr do FSS chun críocha leasa an phobail

An Bille um Fhaisnéis Sláinte 2024 foilsithe

Anailís Tionchair Rialála nuashonraithe don Bhille

Treoir gnáth-Bhéarla maidir leis an mBille