Foilsíonn an tAire Sláinte ' Digital for Care: Creat Sláinte Digiteach d'Éirinn 2024-2030'
- Foilsithe: 21 Bealtaine 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá 'Digital for Care: Creat Sláinte Digiteach d'Éirinn 2024-2030' á sheoladh ag an Aire Sláinte Stephen Donnelly inniu. Leagtar amach sa chreat seo treochlár chun seirbhísí sláinte in Éirinn a athrú go digiteach.
I mbliana seolfar aip othar a chuirfidh stair agus taifid thábhachtacha leighis ar fáil do dhaoine. Cuirfear 'Taifead Cúraim Chomhroinnte' i bhfeidhm an bhliain seo chugainn chun taifid othar a chomhtháthú le chéile, beag beann ar cén chuid den tseirbhís sláinte a mbíonn siad ag plé léi. Tá imscaradh níos fadtéarmaí de Thaifid Sláinte Leictreonacha (EHR) san áireamh freisin.
Ag cur an róil chriticiúil a bheidh ag teicneolaíochtaí na todhchaí, ag digitiú agus ag sonraí san áireamh maidir le córas cúraim sláinte na hÉireann sa todhchaí a mhúnlú, is é cuspóir an Chreata seo ná:
- Breac-chuntas a thabhairt ar ár bhfís do sheirbhís sláinte nua-aimseartha, otharlárnach agus inbhuanaithe a úsáideann an teicneolaíocht dhigiteach is déanaí chun seachadadh cúram sláinte uilíoch a chumasú, cáilíocht an chúraim a fheabhsú, sláinte agus folláine a chur chun cinn, sláinte an daonra a fheabhsú, cumas a leathnú, éifeachtúlacht agus táirgiúlacht a mhéadú agus costais a laghdú.
- Treoir a chur ar fáil maidir le cinnteoireacht, agus infheistíocht sa tsláinte dhigiteach, lena chinntiú go bhfuil Éire chun tosaigh sa réabhlóid dhomhanda sláinte digití.
- Treochlár soiléir céim ar chéim a chur ar fáil chun dlús a chur leis an aistriú chuig éiceachóras sláinte digiteach náisiúnta lán-chomhtháite.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Tá teicneolaíocht dhigiteach anois le feiceáil i bhformhór na ngnéithe dár saol laethúil inniu. Úsáidimid anois é ag an obair, sa bhaile, inár saol sóisialta, nuair a lorgaímid eolas, eitiltí a chur in áirithe nó íoc as earraí nó seirbhísí. Tá an t-éileamh céanna ag an bpobal maidir le cúram sláinte.
“Leagann an Creat Sláinte Digiteach d'Éirinn (2024-2030) seo fís shoiléir amach don todhchaí. Todhchaí den sórt sin a bhaineann leas as cumhacht na sonraí, na teicneolaíochta digití agus na nuálaíochta, chun rochtain ar sheirbhísí sláinte agus cúraim shóisialta a leathnú, chun cúram ar phraghas réasúnta agus cothrom a sholáthar, chomh maith le sábháilteacht othar agus táirgiúlacht níos fearr a chinntiú."
I measc na mbuaicphointí den chreat nua do 2024 agus ina dhiaidh sin tá:
- Aip Othar á rolladh amach níos déanaí i mbliana.
- Úsáid de thionscnaimh chúraim fhíorúla a athrú de réir scála mar idirghabháil chliniciúil inmharthana, cumasaithe ag an teicneolaíocht, ar rogha eile sábháilte agus éifeachtúil é ar chúram othar cónaitheach agus chun cumas a threisiú.
- Soláthar iomlán don ardán teicneolaíochta chun Taifead Cúraim Chomhroinnte Náisiúnta a sheachadadh. Ag an am céanna, caithfear ullmhú le haghaidh dearaidh, cumraíochta agus pleanála don imscaradh céimnithe chun taifid a nascadh le chéile agus seachadadh cúraim chomhtháite a chumasú ar fud na gCeantar Sláinte nua.
- An fhorbairt den Bhille um Fhaisnéis Sláinte atá sceidealaithe don sheisiún reachtach seo a chur chun cinn.
- An úsáid d’uathoibriú róbatach (RPA) próiseas a leathnú chun liostaí feithimh a bhainistiú agus meabhrúcháin SMS soghluaiste a úsáid, bunaithe ar eolaíocht iompraíochta, chun rátaí DNA a laghdú le haghaidh coinní ospidéil othar seachtrach. Déanfar athbhreithniú ar chásanna a oireann d’úsáid shábháilte na hintleachta saorga chun tacú le cinnteoireacht i gclinicí.
- Tús a chur le réiteach a sholáthar d'oideasú leictreonach náisiúnta.
- Leanúint le hinfheistíocht i gcórais DG agus i bpríomhfhoinsí sonraí.
- An luach is mó is féidir a ghiaráil ó chórais leictreonacha taifead sláinte atá in úsáid sna hospidéil atá ann cheana féin agus leanúint leis an imscaradh ar fud na n-ospidéal máithreachais níos mó agus Ospidéal na Leanaí Nua.
- Ag an am céanna, caithfear ullmhú d'infheistíocht amach anseo i gcórais Taifead Sláinte Leictreonach atá le rolladh amach ar fud na gceantar nua, agus aghaidh a thabhairt ar an gcur chuige soláthair, pleananna imlonnaithe agus samhlacha óstála ar mhaithe le hidir-inoibritheacht leis na córais atá ann cheana.
- Dul chun cinn a dhéanamh ar imscaradh den Chóras Náisiúnta Comhtháite Bainistíochta Airgeadais (IFMS), den chóras Náisiúnta Um Thaifid Chomhtháite Foirne agus Párolla (NISRP), an Córas Náisiúnta Faisnéise agus Bainistíochta Eastát (NEIS), infheistíocht a dhéanamh i réitigh anailísíochta maidir le sreabhadh othar in ospidéil agus in éilimh agus cumas níos fadtéarmaí.
- Leanúint le cibear-athléimneacht a fhorbairt trí mholtaí na tuarascála iartheagmhais a chur chun feidhme tar éis an chibirionsaithe in 2021 lena n-áirítear 24/7 oibríocht chibearshlándála fheabhsaithe a chur i bhfeidhm.
Chuir an tAire Donnelly leis sin, ag rá:
“Tá sé mar thosaíocht agam féin agus ag mo Roinn seirbhísí a a dhigitiú ar fud an chúraim sláinte agus shóisialta. Trí bhuiséid le déanaí, tá méadú leanúnach tagtha ar mhaoiniú caipitil agus ioncaim don tsláinte dhigiteach. Tá píblíne dhigiteach uaillmhianach réamhbhreathnaitheach ag an tseirbhís sláinte anois chun fís an chreata straitéisigh seo a bhaint amach".
Dúirt Damien McCallion, an Príomhoifigeach Oibríochtaí de chuid an FSS:
“Cé go bhfuil dul chun cinn suntasach i cúrsaí teicneolaíochta bainte amach ag Éirinn i gcúram sláinte go dtí seo, nílimid san áit cheart go fóill. Geallann foilsiú den Chreat Sláinte Digiteach d'Éirinn ón Roinn Sláinte agus an ceadú den Treochlár Sláinte Digiteach maidir le Cur i bhFeidhm Straitéiseach FSS nuálaíocht agus infheistíocht straitéiseach a chothú i dtreo soláthair éifeachtach agus shábháilte na Seirbhíse Sláinte.
“D'oibríomar go dlúth leis an Roinn Sláinte, le hothair mar chomhpháirtithe cumhachtaithe, agus le páirtithe leasmhara eile le bliain anuas chun tús a chur leis an bhfís sláinte dhigiteach seo a fhíorú. Tá tionscnaimh nua curtha i bhfeidhm cheana féin, a athraíonn an bealach a n-oibrímid ar fud ár seirbhíse sláinte, ag cinntiú go gcuirimid cúram sábháilte, éifeachtach agus éifeachtúil ar fáil do gach duine. Tá na buntáistí a bhaineann le tionscnaimh nua sláinte digití cosúil le ríomh-Oideasú agus cianfhaireachán sláinte á bhfeiceáil ag othair cheana féin.
“Ag breathnú ar an todhchaí, táimid ag tabhairt faoi thuras anois chun córas uilíoch taifead sláinte digiteach a bhunú, i gcomhréir le Straitéis Dhigiteach an AE agus faoi dheireadh na bliana seo beidh an chéad leagan d'Aip FSS ar fáil. Tá sé mar aidhm againn othair agus na daoine a úsáideann ár seirbhísí a chur i gcroílár a dturas cúraim féin agus cur lena dtaithí fhoriomlán ar ár seirbhís sláinte."
Nótaí:
“Digital for Care: Creat Sláinte Digiteach d'Éirinn 2024-2030'
Forbraíodh an Creat nua seo trí chomhairliúchán fairsing le príomhpháirtithe leasmhara ar fud na seirbhíse sláinte agus cúraim shóisialta lena n-áirítear othair, gairmithe cúraim sláinte agus baill foirne, tionscal, agus grúpaí nuálaithe. Tá an cur chuige múnlaithe ag na dúshláin agus na héilimh atá roimh an tseirbhís sláinte, aiseolas ó othair agus ónár lucht saothair, taighde ar chórais cúraim sláinte eile, treochtaí domhanda, agus deiseanna atá ag teacht chun cinn. Tá taithí ar bord ag an gCreat seo freisin ó thíortha eile, forbairtí i dtionscal na sláinte digití, ionchais othar agus gairmithe cúraim sláinte, oibleagáidí náisiúnta agus ae agus idirnáisiúnta.
Sainítear sa Chreat Fís agus Misean don tSláinte Dhigiteach in Éirinn. Tacaíonn sé phrionsabal leo seo a dhéanann cur síos ar an gcaoi a ndéanfaimid an fhís seo a chur i gcrích a threoróidh infheistíocht agus a thabharfaidh treoir shoiléir maidir le bonneagar agus cumais láidre sláinte digití a fhorbairt.
Is í an timpeallacht TFC a thacaíonn le soláthar seirbhísí sláinte agus cúraim shóisialta don phobal in Éirinn an timpeallacht is mó dá leithéid sa Stát, ag soláthar 24/7 seirbhís do bhreis agus 70,000 duine thar 2,000 córas agus feidhmchlár fite fuaite.
Tá sé phrionsabal ann a ghabhann leis an gCreat Sláinte Digití:
Othar mar Chomhpháirtí Cumhachtaithe:Tabharfaimid cumhacht d'othair trí rochtain níos leithne a thabhairt dóibh ar a bhfaisnéis sláinte féin trí aip othar, rochtain a sholáthar ar níos mó seirbhísí sláinte digiteacha, lena n-áirítear tairiscintí cúraim fhíorúil, agus ag an am céanna uathriail agus rogha níos fearr a chumasú thar a roghanna cúraim.
An Lucht Saothair agus an tIonad Oibre: Cuirfimid ar chumas ár lucht saothair tríd an teicneolaíocht, na córais agus na scileanna a theastaíonn uathu a sholáthar dóibh chun an cúram agus na seirbhísí is fearr is féidir a sholáthar d'othair sa tseirbhís cúraim sláinte nuachóirithe.
Cúram Digiteach Cumasaithe agus Nasctha: Tiomáinfimid infheistíocht amach anseo agus déanfaimid cinntí ailtireachta bunaithe ar chumas na gcóras faisnéis chliniciúil a roinnt agus cúram nasctha a sheachadadh. Déanfaimid é a dhéanamh indéanta do ghairmithe cúraim sláinte, agus do dhaoine eile a thacaíonn le seachadadh cúraim, a bheith in ann rochtain a fháil ar an bhfaisnéis a theastaíonn uathu faoina n-othair nuair a theastaíonn sé uathu agus cén áit a dteastaíonn sé uathu, beag beann ar an áit ar caitheadh leis na hothair sin roimhe seo.
Seirbhísí Sonraíbhunaithe: Déanfaimid anailísíocht sonraí, faisnéis ghnó, léirshamhlú, dashboards, agus uirlisí bainistíochta eile atá cumasaithe go digiteach a ghiaráil chun léargais níos fearr a sholáthar ar an tseirbhís sláinte agus ar a hoibriú. Cruthóidh sé seo deiseanna le haghaidh táirgiúlacht mhéadaithe, éifeachtúlacht agus treo níos beaichte acmhainní do réimsí a bhfuil an riachtanas is mó ag baint leo, agus áit a mbeidh an tionchar is mó acu.
Éiceachóras agus Nuálaíocht na Sláinte Digití: Déanfaimid feabhsú leanúnach a leabú laistigh den tseirbhís sláinte agus cúraim shóisialta. Cumasófar é sin trí nuálaíocht trí chomhoibriú leanúnach a fheabhsú, trí chonairí soláthair feabhsaithe, trí rannpháirtíocht mhéadaithe, agus trí fheabhas taighde a chur chun cinn. Sonraítear sa phrionsabal straitéiseach seo freisin príomhbhreithnithe don éiceachóras sláinte digiteach agus muid ag ullmhú do theicneolaíochtaí na todhchaí.
Fondúireachtaí digiteacha agus Cumasóirí Digiteacha Leanfaimid orainn ag tógáil cibear-athléimneachta agus cuirfimid i bhfeidhm na príomhchumasóirí is gá chun an treochlár straitéiseach sláinte digití seo a sheachadadh, a mbeidh rialachas láidir, cultúr agus athrú, caighdeáin, idir-inoibritheacht, bonneagar, ailtireacht agus reachtaíocht mar bhonn taca leis.
Deirtear i gClár an Rialtais agus i dTuarascáil an Choiste um Chúram Sláinte sa Todhchaí - Sláintecare gur príomhchumasóirí iad seirbhísí sláinte digiteacha cúram sláinte uilíoch a sholáthar le haghaidh athchóirithe, chun cúram a sholáthar ar bhealach níos éifeachtaí, chun othair a chumasú chun rochtain a fháil ar a dtaifid leighis féin, a gcúram féin a bhainistiú, níos mó seirbhísí a sholáthar sa phobal, agus rochtain a fháil ar sheirbhísí sláinte níos gaire don bhaile. Cuirtear ról na seirbhísí sláinte digiteacha in iúl freisin i "Leas a Bhaint as Cúrsaí Digiteacha - Creat Éire Dhigiteach" de chuid an Rialtais.
Ag an am céanna leis an gCreat seo, d'fhorbair Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) Treochlár um Chur Chun Feidhme Straitéiseach Sláinte Digití 2024 - 2030 ina dtugtar sonraí faoi na tionscnaimh éagsúla faoi gach ceann de na sé phrionsabal, agus na cláir, na córais agus na seirbhísí is gá a chur i bhfeidhm chun an leibhéal claochlaithe dhigitigh a theastaíonn ón tseirbhís sláinte a bhaint amach. Foilseofar treochlár FSS go luath.