Foilsíonn an tAire Sláinte Tuarascáil an Ghrúpa Oibre Idir-Rannach ar an méadú atá ag teacht ar an gCostas a bhaineann le hÉilimh maidir le Sláinte 2024
- Foilsithe: 19 Meán Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá an tAire Sláinte Stephen Donnelly ag foilsiú Item was unpublished or removed inniu.
Bhunaigh an tAire an Grúpa, a bhfuil an tOllamh Rhona Mahony ina cathaoirleach air agus comhdhéanta de chomhaltaí ó na ranna agus na gníomhaireachtaí rialtais ábhartha, chun costas ardaithe éileamh a bhaineann le sláinte a scrúdú, chun meicníochtaí a bhreithniú chun costais a laghdú agus chun taithí na n-othar ar na próisis atá i gceist a fheabhsú.
Aithníonn an Tuarascáil sé thosaíocht straitéiseach, a bhfuil sé mar aidhm acu an gá le dlíthíocht i gcúram sláinte a laghdú agus an próiseas dlíthíochta a fheabhsú dóibh siúd atá ar an mbealach seo, mar a leanas:
- cúram do naíonáin a rugadh le hEinceifealapaite i Leanaí Nuabheirthe agus tionscnaimh mháithreachais eile
- imeachtaí díobhálacha a chosc: Straitéis, Daoine agus Acmhainní
- freagra feabhsaithe nuair a tharlaíonn díobháil
- foghlaim ó imeachtaí díobhálacha, sonraí a ghabháil, agus príomhthaighde a chur chun cinn
- réiteach níos tapúla agus níos éifeachtaí ar éileamh
- cur chuige caighdeánaithe i leith olléilimh
Tá sraith nó moltaí comhfhreagracha ag gach tosaíocht straitéiseach, agus san iomlán, tá 30 moladh déanta.
Mar atá leagtha amach sa Tuarascáil, is é an costas cúraim i líon réasúnta beag éileamh díobhála an-tromchúiseach an príomhspreagthóir maidir le méadú ar chostais éileamh. Baineann formhór na n-éileamh seo le gortú inchinne imbhreithe agus pairilis cheirbreach, imeacht a bhfuil idirghabháil luath ríthábhachtach. Ar an ábhar sin, dírítear aird ar leith ar an ábhar seo sa Tuarascáil, le caibidil neamhspleách atá tiomnaithe do chúram máithreachais agus gortú inchinne imbhreithe, mar aon le roinnt príomh-mholtaí a rinneadh maidir le hidirghabháil luath agus forbairt bealaí cúraim ar feadh an tsaoil don ghrúpa othar seo.
Leag an Grúpa, in éineacht le scrúdú a dhéanamh ar na costais airgeadais, béim láidir ar chostas daonna na dlíthíochta agus príomheilimint sa Tuarascáil is ea an dochar atá lárnach don chinneadh dlíthíochta a aithint, agus a chinntiú go bhfuil sé seo lárnach do bhreithnithe an Ghrúpa.
Ag cur fáilte roimh an bhfoilseachán, dúirt an tAire Donnelly:
“Dúshlán leanúnach do na seirbhísí sláinte ar fad is ea feabhas a chur ar shábháilteacht othar agus dochar othar a íoslaghdú agus in Éirinn chomh maith. Tá sé thar a bheith tábhachtach domsa mar Aire agus dóibh siúd go léir atá ag obair inár seirbhísí sláinte. Nuair a tharlaíonn díobháil tá sé thar a bheith tábhachtach go n-admhóimid go bhfoghlaimímid uaidh agus go gcinnteoimid go dtabharfar aire mhaith do na hothair lena mbaineann amach anseo.
“Fáiltím roimh an Tuarascáil seo mar chéim thábhachtach eile agus creidim go leagtar amach inti sraith chuimsitheach moltaí, lena n-áirítear bearta atá dírithe ar phróiseas na dlíthíochta sibhialta a fheabhsú, díobháil chliniciúil a chosc a eascraíonn as teagmhais dhíobhálacha gan choinne agus cúram feabhsaithe a sholáthar dóibh siúd a ndéanann díobháil difear dóibh, i gcás ina dtarlódh teagmhas díobhálach.
“Tá áthas ar leith orm gur leag an Grúpa, in éineacht le scrúdú a dhéanamh ar chostais airgeadais éileamh, béim láidir ar chostas daonna na dlíthíochta. Aithnítear sa tuarascáil an dochar atá lárnach don chinneadh dul i mbun dlíthíochta agus cinntíodh go raibh sé seo lárnach do bhreithnithe an Ghrúpa.
“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Ollamh Mahony agus le comhaltaí an Ghrúpa as a dtiomantas don obair seo, agus as Tuarascáil chomh cuimsitheach sin a tháirgeadh go tráthúil. Tá sé i gceist agam grúpa a bhunú chun a chinntiú go gcuirfear na moltaí atá déanta i bhfeidhm gan mhoill."
Nótaí
Bhunaigh an tAire Sláinte Grúpa Oibre Idir-Rannach i mí Eanáir 2023 ar an gcostas ardaithe a bhaineann le héilimh a bhaineann le Sláinte. Bhí a chéad chruinniú aige i Márta 2023 agus tháinig sé le chéile 13 huaire ina dhiaidh sin. Bhí baill an Ghrúpa comhdhéanta de na Ranna Sláinte, Dlí agus Cirt, Caiteachais Phoiblí, Seachadadh agus Athchóirithe an PFN, Airgeadais, an Taoisigh, Oifig an Ard-Aighne, FSS agus an Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát.
Tuarascáil an Ghrúpa, mar aon le dhá thuarascáil choimhdeach, ‘Eispéiris ghearánaí ar an timpeallacht mhíochaine-dhlí in Éirinn (UCC)’ agus ‘Anailís chomparáideach ar éilimh faillí chliniciúil i raon dlínsí (HRB)’. Item was unpublished or removed