Foilsíonn an tAire Sláinte Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn Sláintecare 2021
- Foilsithe: 15 Feabhra 2022
- An t-eolas is déanaí: 18 Feabhra 2022
D’fhoilsigh an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD inniu Straitéis Cur Chun Feidhme agus Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn Phlean Gníomhaíochta Sláintecare 2021'.
Leagtar amach sa ruarascáil an dul chun cinn atá déanta i gcoinne na dtosaíochtaí agus na ngníomhartha atá sonraithe i ‘Straitéis Forfheidhmithe agus Plean Gníomhaíochta Sláintecare 2021 - 2023’ agus dírítear ar dhá chlár athchóirithe:
- Clár Athchóirithe 1: Rochtain Sábháilte Tráthúil ar Chúram a Fheabhsú agus Sláinte & Folláine a Chur Chun Cinn
- Clár Athchóirithe 2: Aghaidh a thabhairt ar Éagothroime Sláinte — i dtreo Chúram Sláinte Uilíoch.
I measc cuid den dul chun cinn a rinneadh in 2021 tá:
- Maoiníodh 42 leaba bhreise chúraim chriticiúil, 813 leaba bhreise géarchúraim agus 73 leaba bhreise ro-ghéarmhíochaine agus osclaíodh iad in 2020/2021.
- 147 Ionad Cúraim Phríomhúil i bhfeidhm; Osclaíodh 9 gcinn in 2021 agus tá 28 eile á dtógáil.
- D’éascaigh Ciste Comhtháthaithe Sláintecare tástáil agus meastóireacht ar mhúnlaí nuálacha cúraim, tá 105 as 123 tionscadal príomhshruthaithe anois tríd an FSS. Ar an iomlán, ba é an toradh a bhí ar na tionscadail seo ná 15,370 níos lú atreorúcháin, seachnaíodh 18,914 laethanta leapa agus baineadh 8,268 othar as liostaí feithimh.
- Tá sé mar aidhm ag Tithe Sláintiúla Aoisbhácha - clár nuálaíoch, maoinithe ag Sláintecare agus a sheachadtar go díreach ag an rialtas áitiúil trína sheirbhís chomhroinnte Aoisbhá Éireann, cur ar chumas daoine aosta leanúint ag maireachtáil ina dtithe nó sa teach is fearr a oireann dá riachtanais. Thar 7 mí fuair an clár seo 800 atreorú, thug sé faoi 630 cuairt measúnaithe baile, agus cuireadh 1,295 idirghabháil do dhaoine aosta chun cinn.
- Rochtain GP ar Dhiagnóisic – Chuaigh an scéim um Rochtain Dhíreach ar Dhiagnóisic na nDochtúirí Teaghlaigh beo i mí Eanáir 2021, rud a thug rochtain do dhochtúirí ginearálta ar scanadh raideolaíochta trí roinnt soláthraithe príobháideacha. Seachadadh os cionn 138,000 scanadh raideolaíochta sa phobal in 2021, rud a laghdaigh an brú ar na seirbhísí ospidéil ghéarmhíochaine.
- Seachadadh thart ar 20.5 milliún uair an chloig de thacaíocht baile in 2021 agus fuair breis agus 55,000 duine an tseirbhís. Tá sé seo thart ar 2.9 milliún (17%) uair sa bhreis i gcomparáid le 2020 agus coinníodh maoiniú méadaithe do 2022.
- Mar thoradh ar an bPlean Gníomhaíochta um Liostaí Feithimh gearrthéarmacha (Meán Fómhair – Nollaig 2021) tháinig laghdú 5.4% ar liostaí feithimh foriomlána ó 760,700 go 720,056, rud a bhí ar aon dul leis an sprioclaghdú.
- I mí na Nollag 2021, d’fhoilsigh an Roinn Sláinte agus an Roinn Tithíochta Plean Forfheidhmithe Náisiúnta 2022-2026 Housing First, a sholáthróidh tacaíochtaí tithíochta agus sláinte do 1,300 duine gan dídean go fadtéarmach.
- Bunaíodh 49 Líonra Cúraim Sláinte Pobail (CHNanna), 15 fhoireann speisialtóireachta do Dhaoine Aosta agus 2 fhoireann Bainistíochta Galar Ainsealach agus tá siad inmharthana go hoibríochtúil, agus tá siad seo ríthábhachtach do chúram pobail feabhsaithe.
Tá Bord Cláir nua bunaithe faoi chathaoirleacht Ard-Rúnaí na Roinne Sláinte agus Príomhoifigeach Feidhmiúcháin an FSS chun a chinntiú go bhfuil freagracht as cur i bhfeidhm Sláintecare leabaithe go hiomlán ar fud na Roinne agus FSS araon. Ag tuairisciú go díreach don Aire, cinnteoidh Bord Cláir Sláintecare comhordú feabhsaithe maidir le príomhthosaíochtaí 2022 a sheachadadh.
Dúirt an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD;
“Tá mo thiomantas agus tiomantas an Rialtais don athchóiriú agus do Chúram Sláinte Uilíoch soiléir agus gan staonadh: ba mhaith linn a chinntiú go bhfaigheann gach othar an cúram ceart ar ardchaighdeán, san áit cheart, ag an am ceart. Bhí cruinniú an-torthúil agam le Leo Kearns, cathaoirleach an ghrúpa Comhairleach Sláinte Réigiúnach (RHA), Dé Luain agus táim ag tnúth leis an athchóiriú struchtúrach tábhachtach seo a chur chun cinn.”
“Infheistíocht spriocdhírithe i réimsí ar nós rolladh amach na gclár struchtúrtha galair ainsealacha do dhaoine a bhfuil stair de ghalar cardashoithíoch acu, COPD, asma agus diaibéiteas cineál 2 i gcleachtadh ginearálta (GP), rochtain náisiúnta DG ar dhiagnóisic, tacaíochtaí baile breise, cúram criticiúil breise, acmhainn ghéarmhíochaine othar chónaithe agus leapacha pobail, le seirbhís sláinte níos insroichte agus níos cothroime do chách.”
“Tá tús curtha le hobair ar chur chuige bunaithe ar an daonra a bhunú i leith pleanáil seirbhíse agus leithdháileadh acmhainní. Cuirfidh sé seo ar ár gcumas na cineálacha cearta seirbhísí a mhaoiniú agus acmhainní a chur ar fáil dóibh bunaithe ar riachtanas an daonra agus nach bhfuil bunaithe ar ghníomhaíocht amháin. Rud atá tábhachtach, tabharfaidh sé aghaidh ar neamhionannais sláinte trína chinntiú go ndéantar ionadaíocht chuí ar gach réimse den daonra sa chaoi a ndéanaimid seirbhísí a phleanáil agus a mhaoiniú.”