Foilsíonn na hAirí Stáit Frank Feighan agus Jack Chambers an t-eolass is déanaí ar dhul chun cinn an Phlean Náisiúnta Gníomhaíochta Corpartha
- Foilsithe: 26 Feabhra 2021
- An t-eolas is déanaí: 27 Feabhra 2021
Inniu, sheol an tAire Stáit Sláinte Phoiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí, Frank Feighan TD, agus an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta agus Spóirt, Jack Chambers TD, Tuarascáil Achoimre Feidhmithe an Phlean Náisiúnta Gníomhaíochta Corpartha, 2019. Chuir paindéim COVID-19 moill ar fhoilsiú na tuarascála.
Dúirt an tAire Feighan:
"Bhí cur chun cinn na gníomhaíochta corpartha mar thosaíocht ag mo Roinn i gcomhthéacs chur i bhfeidhm Éire Shláintiúil. Táim an-sásta leis an dul chun cinn atá déanta go dtí seo agus atá mionsonraithe sa Tuarascáil Achoimre Feidhmithe seo agus i dtuarascálacha roimhe seo do 2017 agus 2018.
"Cé go raibh tionchar ag na srianta COVID-19 ar shaoráidí spóirt, spóirt foirne agus gníomhaíochtaí spóirt eile, léiríonn taighde a d’fhoilsigh Spórt Éireann i lár 2020 go raibh méadú tagtha ar leibhéil ghníomhaíochta aonair do dhaoine fásta, agus níos mó daoine ag glacadh páirte i siúl, rothaíocht, rith agus snámh allamuigh."
Ag cur béime ar thábhacht na gníomhaíochta corpartha i gcomhthéacs na freagartha ar COVID-19, dúirt an tAire:
"Áiríónn an feachtas náisiúnta reatha #Go dTé Tú Slán Gníomhaíocht Corportha mar cheann dá chúig mhórthéama. Tá sé seo mar aitheantas soiléir ar ról na gníomhaíochta corpartha i dtacú le meabhairshláinte dhearfach agus giúmar a fheabhsú agus imní a laghdú, chomh maith le daoine a choinneáil aclaí agus sláintiúil."
Dúirt sé:
"Tá Spórt Éireann i gceannas ar shraith tionscnamh a thacóidh le daoine a bheith gníomhach agus aclaíocht a dhéanamh laistigh dá gceantair áitiúla féin i rith an Earraigh agus mholfainn do dhaoine a fháil amach conas a bheith gníomhach ina gceantar féin trí chuairt a thabhairt ar Go dTé Tú Slán agus ar Láithreáin Ghréasáin Spórt Éireann."
Dúirt an tAire Chambers:
"Tá áthas orm féin agus ar mo chomhghleacaí an tAire Feighan fáilte a chur roimh fhoilsiú na tuarascála seo. Is sampla iontach é an dul chun cinn atá déanta i gcur i bhfeidhm an Phlean Náisiúnta Gníomhaíochta Corpartha, arna mhaoirsiú i gcomhpháirtíocht, faoi stiúir ár dhá Roinn, den chineál comhair tras-earnála agus tras-Roinne atá ag seachadadh torthaí ar fud na réimsí sláinte, folláine agus spóirt. Táim ag tnúth go leanfaidh an comhar seo ar aghaidh sna blianta amach romhainn.
"Cuireann an spórt an oiread sin deiseann ar fáil do dhaoine óga agus aosta araon agus chonaiceamar le linn na paindéime an méid a bhraitheamar uainn é. Chuir Spórt Éireann, ár NGBnna agus ár gComhpháirtíochtaí Spóirt Áitiúla go mór leis an gcomhiarracht daoine a choinneáil gníomhach go fisiceach agus folláin. Leanfaimid orainn ag obair go dlúth le Rialtais agus gníomhaireachtaí eile chun spórt agus gníomhaíocht chorpartha a chur chun cinn."
Get Ireland Active - Foilsíodh an Plean Náisiúnta um Ghníomhaíocht Chorpartha (NPAP) in 2016 mar phríomhchuid beartais d’Éire Shláintiúil, ár gCreat náisiúnta chun sláinte agus folláine a fheabhsú. Tá 60 gníomh san NPAP atá beartaithe chun leibhéil mhéadaithe gníomhaíochta corpartha a chur chun cinn ar fud an daonra.
Tá an Plean á chur i bhfeidhm, á mhaoirsiú ag Grúpa Forfheidhmithe trasearnála faoi chomhchathaoirleacht na Roinne Sláinte agus na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán. Déantar ionadaíocht freisin ar na Ranna Oideachais, Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta & Óige, Tithíochta, Rialtas Áitiúil & Oidhreachta, agus Forbartha Tuaithe & Pobail, chomh maith le Spórt Éireann, FSS, Cónaidhm Spóirt na hÉireann, an LGMA agus an earnáil acadúil.
I measc na bpríomhthionscnamh atá ar bun tá clár na mBratach Scoile Gníomhaí agus straitéisí náisiúnta maidir le siúl agus rothaíocht. Is príomhfhócas é leibhéil gníomhaíochta corpartha a mhéadú i measc leanaí agus daoine óga. Príomhthosaíocht de chuid Tascfhórsa um Shláinte na mBan na Roinne Sláinte is ea feabhas a chur ar leibhéil gníomhaíochta corpartha i measc na mban agus na gcailíní.
Sonraítear sa Tuarascáil Achomair ar Dhul Chun Cinn 2019 an dul chun cinn atá déanta maidir le 60 gníomh an Phlean a chur i bhfeidhm, atá grúpáilte faoi 8 réimse gníomhaíochta lena n-áirítear:
- feasacht an phobail
- leanaí agus daoine óga
- sláinte
- timpeallacht
- ionaid oibre
- spórt agus gníomhaíocht choirp sa phobal
- monatóireacht agus meastóireacht ar thaighde
- cur i bhfeidhm trí chomhpháirtíocht
Is féidir teacht ar an Tuarascáil Item was unpublished or removed