Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Foilsítear Clár Iniúchóireachta Speisialta an Chiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála 2018

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 24 Bealtaine 2019
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Thug Simon Harris TD, an tAire Sláinte, dá aire inniu (Dé hAoine) na fionnachtana ó Chlár Iniúchóireachta Speisialta an Chiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála (NTPF) don bhliain 2018, atá foilsithe ar shuíomh Gréasáin na Roinne.

Rinneadh iniúchadh ar naoi n-ospidéal ó mhí Eanáir go mí na Samhna 2018 mar chuid de Chlár Iniúchóireachta NTPF don bhliain 2018.

Tugadh sna hiniúchtaí ó NTPF méid teoranta dearbhaithe go mbíonn liostaí feithimh á mbainistiú ar aon dul le prótacail náisiúnta agus moladh iontu na gníomhartha ceartaitheacha atá le cur i bhfeidhm. Tá sé mar aidhm leis na prótacail náisiúnta a chinntiú go nglacfar cur chuige caighdeánaithe comhsheasmhach i leith othair ar liostaí feithimh ospidéil a bhainistiú agus a sceidealú.

Chuir an tAire Sláinte fáilte roimh an aitheantas a thug gach Ospidéal d’fhionnachtana na n-iniúchtaí agus roimh an tiomantas atá acu do na moltaí a d’eascair astu a chur chun feidhme.

Agus é ag tabhairt fhionnachtana Chlár Iniúchóireachta NTPF dá aire, dúirt an tAire Harris:

“Imríonn feidhm iniúchóireachta an Chiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála ról tábhachtach maidir le dearbhú oibiachtúil neamhspleách a thabhairt go bhfuil cruinneas na sonraí liostaí feithimh ospidéil a sheolann ospidéil ar ais ar aon dul le prótacail náisiúnta le haghaidh bainistíocht liostaí feithimh.”

CRÍOCH