Freastalaíonn an tAire Sláinte ar chruinniú EPSCO d'Airí Sláinte an AE i Vársá
- Foilsithe: 25 Márta 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá an tAire Sláinte, Jennifer Carroll MacNeill TD, i láthair inniu, thar ceann na hÉireann, ag cruinniú neamhfhoirmiúil d'Airí Sláinte an AE i Vársá. Ar an gclár oibre den chruinniú Comhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí (EPSCO) tá plé maidir le folláine mheabhrach leanaí agus daoine óga a chosaint agus domhan na dteicneolaíochtaí digiteacha nua-aimseartha agus na meán sóisialta faoi lánseol anois.
Is é seo an chéad chruinniú a bhí ag an Aire Carroll MacNeill lena comhghleacaithe Eorpacha. Beidh an tAire ina cathaoirleach ar Chomhairle Sláinte EPSCO le linn Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh in 2026. Is deis é cruinniú an lae inniu dul i dteagmháil le hairí sláinte eile chun dúshláin choitianta san earnáil sláinte a shainaithint, a bhainfeadh tairbhe as cur chuige comhchoiteann a aimsiú.
Buailfidh an tAire freisin leis an gCoimisinéir Eorpach nua um Shláinte agus Leas Ainmhithe, Olivér Várhelyi, agus Emer Cooke, Ceannasaí na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí.
Pléifidh an lucht freastail saincheisteanna freisin cosúil le sábháilteacht soláthair bainteach le cógais agus conas a chinntiú go mbeidh rochtain ag othair ar fud an Aontais Eorpaigh ar chógais inacmhainne.
Inniu, comhshíneoidh an tAire MacNeill litir ó Aire Sláinte na hÍsiltírea, a iarrann ar an gCoimisiún Eorpach dlí a thabhairt chun cinn maidir le táirgí ina bhfuil nicitín. Tá an litir comhshínithe freisin ag Airí ón mBeilg, ón Eastóin, ón bhFionlainn, ón Laitvia, ón Liotuáin, ó Lucsamburg, ó Mhálta, ón tSlóivéin agus ón Spáinn.