Gabhann an tAire Sláinte, Jennifer Carroll McNeill buíochas leis an bhfoireann as an obair atá déanta acu chun róphlódú na Roinne Éigeandála a laghdú thar dheireadh seachtaine saoire bainc Naomh Pádraig
- Foilsithe: 18 Márta 2025
- An t-eolas is déanaí: 24 Márta 2025
Tháinig laghdú 70% ar líon na n-othar a bhí ag fanacht ar thralaithe ED ag 8am thar dheireadh seachtaine saoire bainc Naomh Pádraig (Dé Sathairn-Dé Luain) i gcomparáid le deireadh seachtaine saoire bainc Lá Fhéile Bríde i mbliana.
D'fhág sin go raibh 63% níos lú othar ag fanacht ar thralaithe ED ag 8am ar maidin inniu (Dé Máirt), i gcomparáid leis an Máirt chéanna tar éis dheireadh seachtaine saoire bainc Lá Fhéile Bríde i mí Feabhra i mbliana. Bhí an tinreamh ag Ranna Éigeandála sna hospidéil 4% níos ísle an deireadh seachtaine seo i gcomparáid le deireadh seachtaine saoire bainc Lá Fhéile Bríde.
Dúirt an tAire Carroll McNeill:
"Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an bhfoireann sna ranna éigeandála, agus ar fud na seirbhísí ospidéil agus pobail as a gcuid oibre thar dheireadh seachtaine saoire bainc Naomh Pádraig, tréimhse ina raibh rochtain níos sábháilte agus níos tráthúla ar chúram éigeandála agus práinneach ann d'othair, a chinntigh áit oibre níos sábháilte agus níos fearr d’fhoirne ag an am céanna.”
Tháinig méadú 8% ar líon na ndaoine a scaoileadh amach as ospidéil ghéarmhíochaine le linn na tréimhse sin freisin. Áiríodh leis sin ardú ar líon na n-othar a scaoileadh amach Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh, le 175 othar níos mó scaoilte ná an méid thar dheireadh seachtaine saoire bainc Lá Fhéile Bríde.
Ag cur leis an méid sin, dúirt an an tAire Carroll McNeill fosta:
"Bhí imní mhór orm faoin bhfás a tháinig ar líon na n-othar a bhí ag fanacht ar thralaithe tar éis dheireadh seachtaine saoire bainc Lá Fhéile Bríde, a chuaigh ó 253 go 617 tralaí laistigh de thréimhse trí lá, ó mhaidin Dé Sathairn go maidin Dé Máirt. Agus mé ag aithint go bhfuil baint mhór aige seo le lucht déanta cinntí sinsearacha a bheith ag obair ar an láthair, d'iarr mé ar FSS anailís níos doimhne a chur ar fáil ar uainchlárú d’chomhairleoirí ospidéil i ngach ospidéal géarmhíochaine, chun anailís dhírithe a dhéanamh ar uainchlárú na gcinnteoirí sinsearacha amach anseo um thráthnóna, ag an deireadh seachtaine agus ar laethanta saoire poiblí, ag díriú ar dheireadh seachtaine Naomh Pádraig ar dtús."
Líon na dtralaithe gach lá ag 8am
Dáta | Líon |
Máirt 18 Márta 2025 | 230 |
Máirt 19 Márta 2024 | 466 |
Máirt 4 Feabhra 2025 | 617 |
Bhí laghdú 54% ar líon na n-othar a bhí ag fanacht ar thralaithe ED ag 8am thar an deireadh seachtaine saoire bainc Naomh Pádraig (Dé Sathairn-Dé Luain) i gcomparáid leis an deireadh seachtaine saoire bainc céanna in 2024. D'fhág sin go raibh 51% níos lú othar ag fanacht ar thralaithe ED ag 8am ar maidin, i gcomparáid leis an Máirt chéanna tar éis saoire bainc Naomh Pádraig in 2024. Bhí sé seo in ainneoin go raibh líon na ndaoine sna Ranna Éigeandála ag an leibhéal céanna, i gcomparáid leis an tréimhse saoire bainc chéanna in 2024.
Tháinig méadú 10% ar líon na ndaoine a scaoileach amach ó ospidéil ghéarmhíochaine le linn na tréimhse sin freisin, agus tugadh suntas ar leith don ardú ar an líon a scaoileadh amach Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh, nuair a scaoileadh méadú de 179 othar amach i gcomparáid leis an tréimhse chéanna in 2024.
Cé go bhfuil na torthaí tosaigh seo, atá faoi réir fíorú breise, an-spreagúil ar fad, beidh sé ar an FSS agus ar an Aire Sláinte machnamh a dhéanamh ar na tosca a bhfuil tionchar acu ar an bhfeabhas feiceálach seo maidir le feidhmíocht sna laethanta amach romhainn.
Dúirt an tAire Carroll McNeill fosta:
"Tá staid níos cobhsaí feicthe againn le linn an deireadh seachtaine saoire bainc seo agus caithfear an leibhéal feidhmíochta seo a bhaint amach gach deireadh seachtaine chun leas ár n-othar agus ár bhfoirne cúraim sláinte a chinntiú. Tá rún daingean agam comhoibriú le FSS chun a chinntiú go leanfar leis an móiminteam seo agus chun feabhsuithe leanúnacha a sholáthar maidir le rochtain shábháilte thráthúil ar chúram éigeandála agus práinneach a chinntiú do mhuintir na hÉireann .”
Chun feabhsuithe inbhuanaithe a chur chun cinn maidir le cúram práinneach agus éigeandála a sholáthar go tráthúil, tá tuilleadh béime á cur ar sheachadadh seirbhísí comhtháite seacht lá na seachtaine.
Rud bunúsach de seo ná a chinntiú go bhfuil dóthain Cinnteoirí Sinsearacha (SDManna) ar an uainchlár chun othair a scaoileadh amach i rith na seachtaine ar fad, lena n-áirítear oícheanta, deirí seachtaine agus laethanta saoire poiblí.
Chun tacú le soláthar seirbhísí 7/7, foráiltear leis an gConradh Comhairleach Poiblí Amháin, a tugadh isteach i Márta 2023, d’uainchlárú san oíche, síntí ama lasmuigh d'uaireanta oibre agus uainchlárú ar an Satharn. Príomhchuspóir an chonartha seo is ea an líon de Chinnteoirí Sinsearacha atá ar an láthair a fheabhsú. Tá os cionn 60% de na comhairleoirí ar fad atá ag obair sa chóras sláinte poiblí ar an POCC nua anois. Tá aird á díriú anois ar na buntáistí de seo a thabhairt faoi deara, chomh maith le táirgiúlacht a mhéadú trí uasmhéadú a dhéanamh ar úsáid uaireanta an chloig sa chonradh chun cúram othar a fheabhsú agus rochtain ar sheirbhísí a mhéadú san oíche agus ag an deireadh seachtaine.
Nótaí
Tuairisc ar chúram práinneach agus éigeandála -Comhaireamh Tralaí Laethúil ar fáil ar líne ag Tuarascáil ar chúram práinneach agus éigeandála (go laethúil)- HSE.ie
Bhí an t-éileamh ar chúram éigeandála in 2024 9% níos airde (127,000 othar) ná an t-éileamh a tharla in 2023, le beagnach 1.58 milliún cur i láthair na Rannóige Éigeandála (RÉ).
Tháinig méadú 11% (méadú 23,300 othar) agus 10% (10,600 othar) i gcomparáid le 2023. Ba chóir a thabhairt faoi deara, is gnách go mbíonn othair 75 bliain d'aois agus níos sine níos tinne nuair a ligtear isteach san ospidéal iad agus teastaíonn fanacht níos déine agus níos faide uathu ná an daonra i gcoitinne.
In ainneoin an éilimh mhéadaithe, tháinig laghdú 11% ar líon na n-othar a bhí ag fanacht ar thralaí ag 8.00am in 2024 i gcomparáid le 2023.
Méadrach | 2024 | 2023 | % athrú |
TrolleyGAR | 108,465 | 121,548 | -11% |
Tinreamh | 1,584,931 | 1,457,609 | +9% |
— D'othair atá 75 bliain d'aois+ | 228,798 | 205,515 | +11% |
Othair Isteach | 408,941 | 380,758 | +7% |
— D'othair atá 75 bliain d'aois+ | 117,692 | 107,088 | +10% |
Sáruithe 24hr PET | 59,093 | 61,447 | -4% |
Is éard is Am Eispéireas Othar (PET) ann ná an t-am ón gclárú go dtí an scaoileadh ón Rannóg Éigeandála
Bhí Feabhra 2025 an-dúshlánach do RÉ go náisiúnta. Tháinig méadú 10% ar líon na dtralaí i gcomparáid leis an tréimhse chéanna in 2024 agus bhí leibhéil arda éilimh leanúnacha ag RÉnna.
Méadrach | Feabhra 2025 | Feabhra 2024 | % Athrú |
TrolleyGAR | 22,941 | 20,895 | +10% |
Tinreamh | 254,157 | 254,416 | 0% |
D'othair atá 75 bliain d'aois+ | 38,067 | 36,805 | +3% |
Othair Isteach | 67,178 | 68,214 | -2% |
D'othair atá 75 bliain d'aois+ | 20,300 | 19,472 | +4% |
Sáruithe 24hr PET | 11,891 | 10,966 | +8% |
Tharla leibhéil arda gníomhaíochta ionfhabhtaithe fliú séasúrach an geimhreadh seo, ag buaicphointe le linn na chéad seachtaine d'Eanáir, ag dul i bhfeidhm ar an éileamh ar sheirbhísí cúraim phráinneach agus éigeandála.
Ina theannta sin, tharla teagmhais drochaimsire go luath in 2025, le tionchair shuntasacha agus fhadtéarmacha ar sholáthar cúraim phráinneach agus éigeandála. Bhí tionchar diúltach ag cur isteach ar sholáthairtí cumhachta i go leor ceantar ar oibriú na seirbhísí cúraim sláinte áitiúla agus ar an gcumas roinnt othar a scaoileadh amach as an ospidéal go tráthúil.
Chomh maith leis na príomhghníomhaíochtaí a shainaithnítear in Iarscríbhinn 1, tá fócas níos déine ag Foireann Bainistíochta Sinsearach FSS ar rannpháirtíocht ar iomláine na seirbhísí práinneacha agus cúraim éigeandála ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil. Tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) ag cur béime freisin ar bhealaí cúraim malartacha chun cabhrú le RÉ a sheachaint. Tá an feachtas seo ar siúl ar fud ardáin meán sóisialta thar mhíonna an gheimhridh, chun cabhrú le gach duine an cúram a theastaíonn uathu a fháil, nuair a theastaíonn sé uathu.
Foilsíonn FSS tuarascáil laethúil anois ina liostaítear uimhreacha na dtrálaithe ag gach ospidéal agus soláthraíonn sé miondealú ar na hothair atá ag fanacht ar thralaithe san RÉ agus iad siúd atá ag fanacht ar thralaithe i mbardaí. Mar chuid den tuarascáil seo, sainaithníonn FSS freisin líon na leapacha borrtha a úsáidtear. Is leapacha iad seo a thógtar ó áiteanna eile san ospidéal chun freastal ar éileamh RÉ.
Iarscríbhinn 1: Plean Oibriúcháin UEC 2024 - Príomhghníomhaíochtaí
Vacsaín Inchoiscthe Tinneas
Glacadh vacsaínithe fliú, bruitíneach agus COVID-19 a chur chun cinn chun comhlíonadh a fheabhsú do gach spriocghrúpa, lena n-áirítear oibrithe cúram sláinte.
Sainchúram sa Phobal
Foirne Speisialtóirí Pobail (CSTanna) um Bhainistíocht Galar Ainsealach chun 19,000 teagmháil othar a sholáthar gach mí.
Cuirfidh CSTanna do Dhaoine Scothaosta 11,750 teagmhálaí othar ar fáil gach mí.
Seirbhís Práinne Dochtúra Ghinearálta (lasmuigh de ghnáthuaireanta)
Oibrigh le Seirbhísí Práinne Dochtúra Ghinearálta (lasmuigh de ghnáthuaireanta) chun teagmhálacha le Seirbhísí Práinne Dochtúra Ghinearálta a chothabháil/a mhéadú agus leibhéal na n-atreoruithe Seirbhísí Práinne Dochtúra Ghinearáltachuig RÉnna a laghdú.
Conairí Cúraim an tSeirbhís Náisiúnta Otharcharranna
Uasmhéadú úsáid na gconairí cúraim malartach Seirbhíse Náisiúnta Otharcharranna atá ann cheana féin
Aonaid Gortuithe Áitiúla
Aonaid Gortuithe chun seirbhís 7 lá a chur ar fáil, 8am go 8pm lena n-áirítear Laethanta Saoire Bainc
Sruthú Othar ag RÉ
Leibhéil arda sruthú sa rannóg éigeandála m.sh. chuig Aonaid don Mheasúnú Leighis, Aonaid Meastóireachta agus Bainistíochta Geiriatrach, Aonaid Gorthuithe, measúnú ar Chlár Cúraim Chomhtháite do Dhaoine Scothaosta agus seirbhísí cuí eile.
Cinnteoirí Sinsearacha san RÉ
Forbraíodh leasuithe uainchláir do Chinnteoirí Sinsearacha ar bhonn 7/7 agus cuireadh i bhfeidhm iad chun freastal ar an éileamh méadaithe intuartha ar an deireadh seachtaine agus ar laethanta saoire poiblí.
Slánú Comhairleach i RÉ
Comhairleoir laethúil d'othair a ligtear isteach gach maidin i RÉ agus i leapacha borrtha chun cinntí agus cóireáil a bhrostú.
Bainistíocht Éilimh agus Acmhainne
Beidh mol oibríochtúil láraithe ag gach ospidéal/seirbhís phobail a sholáthraíonn infheictheacht ar an acmhainn leapacha go léir atá ar fáil in ospidéil, saoráidí pobail agus príobháideacha.
Maoirseacht Chliniciúil agus Oibríochtúil
Cinnteoirí cliniciúla agus oibríochtúla sinsearacha le forbairt ar bhonn 7/7 agus a chur i bhfeidhm chun freastal ar an éileamh méadaithe intuartha deireadh seachtaine agus laethanta saoire poiblí.
Cohórtú
Beidh pleananna i bhfeidhm ag gach suíomh chun tacú leis an aistriú go cohórt othar ar fud an ospidéil chuig bardaí speisialtachta nó tiomnaithe, ag tosú le cohórt Daoine Scothaosta (≥ 75 bliana) chuig bardaí geiriatrach speisialaithe faoi dheireadh na bliana.
Uaireanta Sínte
Ba cheart leasuithe uainchláir agus seirbhísí breise a fhorbairt ar bhonn 6/7 idir an dá linn, ag obair ar bhonn 7/7 agus a chur i bhfeidhm chun freastal ar an éileamh méadaithe intuartha ar an deireadh seachtaine agus ar laethanta saoire poiblí.
Athbhreithniú Cliniciúil Sinsearach
Ligeadh isteach gach othar ar bhardaí chun athbhreithniú cliniciúil sinsearach a dhéanamh gach maidin chun cinntí agus cóireáil a bhrostú.
Fad fanachta
Cuirfidh ospidéil prótacail i bhfeidhm d'othair chónaitheacha le Fad Fanachta os cionn 14 lá agus aistreoidh siad go dtí níos mó ná 7 lá
Sreabhadh Othar
Gach othar atá oiriúnach go cliniciúil i Múnla 3 agus Múnla 4 le haistriú chuig suíomhanna cúraim mhalartacha lena n-áirítear Múnla 2, Leapacha Athshlánúcháin agus Leapacha Cúraim Idirthréimhseach (TCBanna)
Plean Scaoilte do Gach Othar
Gach othar cónaitheach chun plean cuimsitheach a bheith acu le haghaidh scaoilte, arna fhorbairt i gcomhar le seirbhísí pobail. Tá dáta réamh-mheasta scaoilte le sannadh tráth an ligthe isteach.
An Próiseas Scaoilte
Beidh próisis oibríochtúla i bhfeidhm chun tacú le scaoileadh othar roimh mheán lae ar bhonn 7/7, agus chun leibhéal comhsheasmhach scaoilte a sheachadadh gach lá.
Aistrithe Cúraim Moillithe (ACM) a Bhainistiú
Ag súil go gcomhlíonfar a bplean cúraim deiridh, tá na roghanna go léir atá ar fáil le cur ar fáil d'othair oiriúnacha atá ag fulaingt ACM má tá siad ceadaithe cheana féin le haghaidh cúram fadtéarmach an Scéim Tacaíochta do Thithe Altranais. Tabharfar tús áite do rogha na n-othar; mar sin de, i gcomhréir leis an bpolasaí scaoilte, aistreofar othair go sábháilte ar an tríú tairiscint a chuirtear ar fáil dóibh.