Gach céim bainte amach ag an mBille Sláinte (Atáirgeadh Daonna Cuidithe) i nDáil Éireann
- Foilsithe: 29 Bealtaine 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá fáilte curtha ag an Aire Sláinte Stephen Donnelly roimh reachtaíocht shuntasach maidir le máthairionadaíocht agus le hAtáirgeadh Daonna Cuidithe (AHR) i nDáil Éireann tráthnóna inniu.
Dúirt an tAire Donnelly:
"Cloch mhíle shuntasach eile atá sa lá inniu maidir le rith an Bhille tábhachtach seo a bhfuiltear ag súil leis le fada an lá. Táimid ag plé le saincheisteanna casta agus bhí comhairliúchán fairsing, chomh maith le machnamh ceart ar réimse leathan saincheisteanna, i gceist leis an obair.
“Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don méid mór oibre atá déanta chun an chéim seo a bhaint amach, go háirithe an rannpháirtíocht a bhíonn ag réimse páirtithe leasmhara le blianta fada, go háirithe agus muid ag bogadh trí chéim an Choiste.
“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le comhghleacaithe Dála agus le gach duine a chuidigh leis an reachtaíocht seo a mhúnlú, chomh maith le hoifigigh i mo Roinn féin. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt freisin do na hAirí Helen McEntee agus Roderic O'Gorman agus d'oifigigh sna Ranna sin, chomh maith leis an Ard-Aighne agus a chuid oifigeach.
"Bhí go leor plé agus scrúdaithe déanta ar na saincheisteanna sa Bhille seo, go háirithe le linn Chéim an Choiste agus go deimhin ag an gComhchoiste Oireachtais um Mháthairionadaíocht Idirnáisiúnta.
"Cuimsíonn an reachtaíocht chasta fhadréimseach seo, den chéad uair, rialáil raon leathan de chleachtais a dhéantar sa dlínse seo, lena n-áirítear:
- deonú gaiméití agus suthanna don atáirgeadh daonna cuidithe agus taighde. Cuireann sé seo leis na forálacha atá ann cheana féin san Acht um Chaidrimh Leanaí agus Teaghlaigh 2015
- máthairionadaíocht altrúíoch intíre
- tástáil ghéiniteach réamh-ionchlannaithe suthanna
- taighde suthanna agus gascheall.
"Príomhghné eile den Bhille seo ná cead a thabhairt chun údarás rialála neamhspleách a bhunú do AHR, an tÚdarás Rialála um Atáirgeadh Daonna Cuidithe (AHRRA).
“Níos tábhachtaí fós, déanfaidh an Bille seo difríocht mhór do shaol teaghlach. D'éist mé le teaghlaigh agus le saineolaithe agus creidim go dtugann an Bille agus na leasuithe a tugadh isteach aghaidh ar go leor de na príomhfhadhbanna a ardaíodh. Is gá tuilleadh machnaimh a dhéanamh ar chuid de na saincheisteanna a tháinig chun cinn le linn Chéim an Choiste. Maidir leis sin, tá sé i gceist agam Bille leasaithe a thabhairt ar aghaidh san Fhómhar."
Rachaidh an Bille ar aghaidh anois go dtí an Dara Céim i Seanad Éireann.